Sa Ghrianfort, Co. Lú, a rugadh May Haughton Risk ar 15 Eanáir 1924. Oifigeach Custaim agus Máil ba ea a hathair, Harold McHugh, agus ba í Mildred Kent a máthair; ba de bhunadh Bhaile Átha Cliath an bheirt acu. Bhí beirt deirfiúracha aici. Sin-seanuncail di ba ea an scoláire Samuel Haughton, duine de bhunaitheoirí Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge. Mar ba ghnách sa tseirbhís Chustaim agus Máil d’aistrítí an t-athair ó áit go háit. Chaith siad tamall i nGaillimh sular shochraigh siad síos i mBaile Átha Cliath. Modhaigh ba ea iad. Cuireadh oideachas ar May i Scoil Ghramadaí na Gaillimhe. Le linn dóibh a bheith i nGaillimh bhí tionchar mór uirthi ag George L. Webster, ministir Modhach a raibh ardspéis aige sa Ghaeilge. D’fhanadh sí le cairde Webster sa Spidéal, muintir Neachtain, agus is ansin go háirithe a thosaigh a spéis sa teanga.

Bhain sí céim BA le honóracha amach i nGaeilge agus i Spáinnis i gColáiste na Tríonóide i 1946 agus bhuaigh scoláireacht. Ghnóthaigh sí PhD ar ball lena tráchtas ar fhilíocht Sheáin Uí Neachtain. Bhí sí ag múineadh na Gaeilge i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann ar feadh dhá bhliain. Ceapadh í ina léachtóir sóisearach i Scoil na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide i 1956 agus is ina léachtóir a bhí sí nuair a d’éirigh sí as a post i 1989. Bhí sí pósta ar Harry Risk (1925-1976), Preispitéireach as Béal Feirste, agus bhí mac agus beirt iníonacha acu. Focail a tháinig isteach sa Ghaeilge ó Fhraincis na Normannach ba ábhar do thráchtas PhD Harry; foilsíodh dhá chuid de ‘French loan-words in Irish’ in Études Celtiques 12, 1968-71 agus an tríú cuid in Études Celtiques 14. I Scoil Bhuachaillí na Máisiúnach i gCluain Sceach a d’fhoghlaim sé Gaeilge ar dtús agus bheadh sé ina ardmháistir sa scoil sin ar ball.

Bhí aistí ag May Risk in Hermathena, Studia Hibernica agus Éigse inar thug sí eolas ar Chathal Ó Luinín, ar Sheán Ó Neachtain agus ar Dhiarmuid Ó Conchubhair. Bhí sí ar Bhord Stiúrtha Choláiste Wesley. Bhí sí cúthaileach agus ba leasc léi fiú ceacht a léamh san eaglais. Ach lá a sochraide dúirt a hiníon: ‘Then about eighteen years ago, she surprised us all, not least herself, by agreeing to appear on television to do a series of bilingual late-night reflections on the life of St Patrick. She had decided that she had a moral responsibility to show that Irish could be spoken and enjoyed by a wide range of people of all backgrounds.’ D’éag sí 22 Samhain 2001 agus tá sí curtha i reilig Chnoc Ieróm.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú