Foilsíodh The English-Irish dictionary. An foclóir Béarla Gaoidheilge ar na chur a neagar le Conchubhar Ó Beaglaoich mar aon le congnamh Aodh bhuidhe mac Cuirtin ..., 1732 i bPáras. In Dán do oide : Essays in memory of Conn R. Ó Cléirigh, 1997, in eagar ag Anders Ahlqvist agus Vera Capkova, pléann Tomás de Bhaldraithe (‘Foclóir Uí Bheaglaoich’) an stór focal atá ann, na focail nach raibh i bhfoclóirí roimhe sin, iasachtaí, cúrsaí canúna, anáil na Fraincise, agus an tionchar a bhí aige ar fhoclóirí eile. Deir sé; ‘Ba é an chéad iarracht é ar fhoclóir Béarla-Gaeilge a chur i gcló agus ba mhisniúíl éachtach an iarracht i tráth a raibh lucht léinn na Gaeilge in isle bhrí.’ Is beag eolas atá againn ar Chonchubhar Ó Beaglaoich, seachas a dtugann Aodh Buí Mac Cruitín sa dán a chuir sé leis an réamhrá. Glacann de Bhaldraithe le cuntas Richard Hayes (Biographical dictionary of Irishmen in France), gurb é ‘Thadée Begley’ é dochtúir diagachta in Ollscoil Pháras a bhí ina oide i 1718–19 ag teaghlach an Chunta Daniel O’Mahony, laoch Cremona, agus a bhí ina shagart i bparóiste St. Germain-L’Auxerrois faoi Lúnasa 1720. In An crann os coill: Aodh Buí Mac Cruitin ..., 1995 tuairimíonn Vincent Morley go raibh beirt den sloinne ‘Ó Beaglaoich’ ag obair sa pharóiste chéanna, agus an t-eolas a bhí ag Hayes ar Thadhg gur leag sé ar Chonchubhar é trí dhearmad – nó gur tharla, b‘fhéidir, Tadhg agus Conchubhar araon mar ainmneacha baiste ar fhear díobh. Bhí baint ag an dá ainm le Coláiste na nGael agus is dóigh le Proinsias Mac Cana (Collège des Irlandais Paris and Irish Studies, 2001) go bhfágann sin gur dóichí ná a mhalairt gurb aon duine amháin iad.

Chuirtí an foclóir i leith Mhic Cruitín. Chomh deireanach le 1949 bhí seo le rá ag Richard Hayes: ‘Begley ... had a fount of Irish type cast ... and invited Hugh McCurtin ... to come to Paris, Abbé Begley enabled him to publish there in 1732 his English-Irish Dictionary.’ Ach is dóigh le Morley agus de Bhaldraithe araon nach i an teanga liteartha a chleachtadh Aodh Buí atá ann, gurbh é sin a bhí i gceist ag Eoghan Ó Comhraí nuair a thagair sé don ‘corrupt and silly text’ nach bhféadfadh go mbeadh aon bhaint ag Mac Cruitín leis. Tuairimíonn de Bhaldraithe gur shíl Ó Beaglaoich gur mhó an meas a bheadh ar a fhoclóir dá mba scoláire mar Aodh a chumfadh an dán brollaigh agus gurbh shin ar thug Aodh de chúnamh. Tuairimíonn Morley gurbh é Aodh a rinne an pheannaireacht don chlódóir agus a shocraigh an litriú. Tá graiméar Gaeilge mar aguisin leis an bhfoclóir, ‘The Irish Grammar or an introduction to the Irish Language’. Níl ainm Mhic Cruitin leis ach is dóigh le Morley gur leagan leasaithe é de The elements of the Irish language grammatically explained in English, 1728 a d’fhoilsigh an file i Lováin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú