An cheannlíne ar thuairisc a beatha agus a báis in Irish Times 31 Iúil 2004 ná ‘Mary Ellen Begley: Singer, dancer, Gaeilgeoir and mother of one of Kerry’s great musical families’. Bhain a cúigear iníonacha agus a ceathrar mac clú amach, a bheag nó a mhór, ina nduine agus ina nduine, mar amhránaithe agus ceoltóirí. Is aithnid go háirithe do phobal na hÉireann Máire, Eibhlín, Seosaimhín, Séamus agus Breandán; tá cuntas orthu mar theaglach in The Companion to Irish Traditional Music, 1999 in eagar ag Fintan Vallely. I mBaile na bPoc, paróiste Bhaile an Fheirtéaraigh, a rugadh í (Mary Ellen Ní Loingsigh) 27 Meitheamh 1916. Ba iad Pádraig Ó Loingsigh agus Kate Ferris a tuismitheoirí; bhí suim mhór acusan sa cheol agus fidléir ba ea uncail le Kate, Tom Ferris. Thug sí léithi cuid mhaith de na seanamhráin uathusan agus mhúin dá páistí iad. Phós sí Breandán Ó Beaglaoich ó Bhaile Dháith agus chuaigh siad chun cónaithe i dteach feirme a muintire. Bhí suim aigesean sa cheol agus sna hamhráin agus ba leis an halla rince ar an Muiríoch a raibh na sagairt go mór ina aghaidh – ‘The Carnegie Hall of West Kerry’ a thugtar air i gcuntas sin an Irish Times. Tá a guth le cloisteáil ar an taifead ‘Na Caipíní’ a d’eisigh Claddagh Records i 2004. Bhí a fear céile marbh le tamall maith sula bhfuair sí bás 20 Iúil 2004. Cuireadh tórramh trí lá uirthi.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú