Tá sé ar dhuine de na hÉireannaigh a bhfuil cáil dhomhanda orthu; tugtar ‘Athair na Ceimice’ air nó ‘Bunaitheoir na Nua-Cheimice’. Roghnaigh an Irish Chemical Association a phortráid mar chuid dá shuaitheantas i 1946. Tá a ainm buanaithe sa téarma ‘Dlí Uí Bhaoill’. Is éifeachtaí ná aon duine roimhe a rinne sé taighde ar chúrsaí aeir, ar ghásanna, ar theas agus ar fhuacht, gan ach beagán dá shaothar a lua. Gheofar cuntais air dá réir sin sna leabhair thagartha idirnáisiúnta agus Éireannacha. Ta taitneamh ar leith le baint as cuntas Shéamuis Mhic Chnáimhín in Éireannaigh san Eolaíocht, 1966. Gan amhras, in I bPrionta i Leabhar. Na Protastúin agus Prós na Gaeilge 1567–1724, 1986, sna caibidlí ‘Robert Boyle agus clóbhualadh an Bhíobla’ agus Bíobla Bhedell in Albain’, pléann Nicholas Williams a pháirt i bhfoilsiú Shean-Tiomna Bhedell agus in athfhoilsiú an Tiomna Nua. Ag Breandán Ó Madagáin tá an aiste ‘An Bíobla i nGaeilge (1600–1981)’ in An Léann Eaglasta in Éirinn 1200–1900, 1988 in eagar ag Máirtín Mac Conmara. Tá cuntas ar an obair a rinne Boyle ag R.E.W. Maddison in John Rylands Library Bulletin, 1958 (‘Robert Boyle and the Irish Bible’). Péire de na beathaisnéisi is deireanaí dár foilsíodh is ea The Life of the Honourable Robert Boyle, F.R.S., 1969 le R.E.W. Maddison agus Robert Boyle Reconsidered, 1994 le Michael Hunter.

I gCaisleán Leasa Móire i bPort Láirge a rugadh é ar 25 Eanáir 1627. Ba é an seachtú mac agus an 14ú leanbh é ag Richard Boyle, Iarla Chorcaí, agus a bhean Catherine Fenton. Ní raibh ag Richard ar theacht go hÉirinn dó i 1588 ach £27 ach faoi 1627 is beag má bhí duine in Éirinn ba shaibhre ná é. Cuireadh oideachas ar Robert in Eton ar dtús agus ansin chaith sé sé bliana ag taisteal agus ag foghlaim ar fud na hEorpa. Thug a athair eastát in Stalbridge, Dorsait, dó agus bhí ioncam mór ag teacht chuige ó thailte agus eile a bhí in Éirinn aige. Níor phós sé agus is in éintíos lena dheirfiúr, Bantiarna Ranclagh, in Dorsait a chaith sé a shaol go dtí gur cailleadh iad beirt an tseachtain chéanna. Is é an cur síos atá ag Mac Cnáimhín air: ‘Bhí Riobard saibhir, éirimiúil, léannta, ach bhí sé géagach, cnámhach, mílitheach, agus ba bheag lá é gan ábhar imní nó ábhar cráite aige. B’fhacthas dó féin go raibh sé fiarshúileach, briotach, othrasach, leathchaoch; ach b’fhacthas dá chuid gaolta gur féintrua an aicíd ba mheasa dá raibh ag goilliúint air.... Ní raibh sé aclaí riamh; ní fhéadfadh sé rith ná cromadh sios; ní raibh fiú amháin an siúl go maith aige.... D’ainneoin ar fhulaing sé (pé acu as a chuid néaróise nó as a chuid ionathar a shiolraíodh na pianta) níorbh aon chancarán ná cráiteachán é.’ Bhí sé fial carthanach agus thugadh £1,000 sa bliain do chumainn charthanacha. Deir Mac Cnáimhín: ‘... agus ar ócáid amháin nuair a bhí gorta ag bagairt ar Mhainistir Fhear Maí chuir sé £300 ag triall ar údarás an bhaile.’ Ní raibh sé sásta glacadh le teideal ná le honóracha ar bith.

Bhí an dúspéis aige sa diagacht agus i gcúrsaí creidimh. Stoirm thoirní in aois 14 bliain dó faoi deara é. B’fhéidir go ndearna sé faillí tamall sa taobh sin dá shaol ach ghéaraigh ar a spéis arís ann tuairim 1667. Bhí Laidin, Gréigis agus cuid de theangacha na Mór-roinne aige ach dhírigh an Bíobla a aird ar an gCaildéis, an Arabais, an Eabhrais agus an Aetóipis. ‘B’fhacthas dá chuid comhoibrithe go raibh an eolaíocht díbeartha aige as a cheann agus seilbh ag an diagacht, ag an eitic agus ag an bhfealsúnacht ar a chroí, ar a inchinn agus ar a sparán’ (Mac Cnáimhín). Is sa chomhthéacs sin nach mór féachaint ar an mbaint a bhí aige leis an mBíobla Gaeilge. D’íoc sé freisin as an mbíobla, nó as cuid de, a fhoilsiú sa Bhreatnais, sa Tuircis agus i dteangacha de chuid na Malaeisia agus na hIndia. Bhí sé ina Ghobharnóir ar an ‘Corporation for the Spread of the Gospel in New England’.

Casadh Andrew FitzJohn Sall air in Oxford tuairim 1678. Níor thúisce ar ais in Éirinn do Sall ná labhair sé le Narcissus Marsh agus le Henry Jones faoin mBíobla iomlán a fhoilsiú i nGaeilge. Tá sleachta as an gcomhfhreagras a bhí ag Sall, Marsh, Boyle agus na scríobhaithe Aodh Ó Raghallaigh agus Uilliam Ó Duinnín i gcló ag Williams. B’fhearr le Boyle agus a dheirfiúr go bhfoilseofaí ar dtús an caiticeasma as Leabhar na nUrnaithe gComhchoiteann. Cé gur mhol Sall gurbh aithris ar chló iodáileach Theobald Stapleton a úsáidfí chinn Boyle ar chló nua Gaelach a chur á dhéanamh agus foilsíodh an caiticeasma faoin teideal An teagasc Criosduighe As cóir do nuile dhuine dfoghluim, súil cuirfighthear fa láimh easbuig é, 1680. Boyle a d’fhostaigh Aodh Ó Raghallaigh chun an leabhar 14 leathanach seo a stiúradh tríd an bpreas agus chun cóip de Thiomna Nua 1602 a scríobh. ‘Ní raibh sa teagasc Críostaí céanna ach píosa trialach’ (Williams) agus is chun an Tiomna Nua a athfhoilsiú a chuir Boyle an cló nua á theilgean. Theastaigh uaidh gurbh é an réamhrá a cuireadh le leagan Seansanach Fraincise a úsáidfí, rud nár réitigh Marsh leis, agus b’éigean dó sa deireadh a bheith sásta le sleachta as an saothar sin sa réamhrá a scríobh Sall i mBéarla; Ó Raghallaigh a chuir Gaeilge air. Foilsíodh i Londain 1681 Tiomna Nuadh ar dTighearna agus ar Slanuigheora Iosa Criosd: ar na tarrv sng go firnea'c as Geigis go Giodeilg. Ach ba í príomhaidhm Boyle Sean-Tiomna Bhedell a chlóbhualadh. Bhain dua leis sin; de na cúntóirí tosaigh bhí Sall marbh agus bhí Pól Ó hUiginn gnóthach i mbun cúraimí paróiste. Anuas air sin bhíothas ag súil le réamhshíntiúis chun díol as an gclódóireacht ach ní bhfuarthas ach an t-aon cheann amháin. Boyle a d’íoc iomlán an chostais ar deireadh agus foilsíodh i Londain Leabhuir na Seintiomna arna uaruing go Gaidhlig tre chúram agus dhúthracht an Doctúir Uilliam Bedel..., 1685. Toisc gur phiúratánach é Boyle d’fhéach sé chuige gur fágadh ar lár na hApacrafa. Deir Williams: ‘Cibé constaicí a chuir naimhde na Gaeilge i mbealach Boyle agus a chúntóirí maidir le scaipeadh agus úsáid an tSean-Tiomna, bhí an Bíobla iomlán idir Thiomna Nua agus Shean-Tiomna i gcló i nGaeilge den chéad uair riamh i stair na hÉireann.’

Trí theagmhálacha leis an Urramach James Kirkwood tuigeadh do Boyle go n-oirfeadh sé go scaipfí an Bíobla Gaeilge in Albain. Comhairlíodh dó nárbh fholáir é a bheith sa chló rómhánach ós air a bhí taithí ag Gaeil Alban ó aimsir Carsuel. Chuir sé caiticeasma nua á fhoilsiú ar dtús i 1688 (Foirceadul Aithghearr Cheasnuighe, leis na Deich Aitheanta, Urnaidhe an Tighearn agus an Cred....). In aon imleabhar amháin a foilsíodh i Londain, sa chló rómhánach, An Biobla Naomhtha: iona bhfuil leabhair na Seintiomna ar na ttarruing as an Eabhra go Goidheilg tré chúram agus dhúthrachd an Doctuir, Uilliam Bedel, Roimhe so Easbug Chille móire a Néirinn: agus na Tiomna Nuaidhe, ar na ttabhairt go fírinneach as Greigis go Goidheilg, re Uilliam O Domhnuill..., 1690. Is léir ar a bhfuil scríofa ag Williams nach raibh an Ghaeilge ann sách sothuigthe ag Gaeil Alban agus go raibh in Albain, mar a bhí in Éirinn, go leor de lucht na cinsealachta a bhí in aghaidh gach rud ba dhóigh leo a chabhródh le teanga dhúchais na nGael.

D’éag sé ar 31 Nollaig 1691 i Londain. Tá an cur síos seo ar a dhealramh ag John Aubrey sna Brief Lives (eagrán 1949): ‘He is very tall (about six foot high) and streight, very temperate, and vertuose and frugall: a Batcheler; keepes a coach: sojournes with his sister, the Lady Ranulagh. His greatest delight is Chymistrey. He has at his sister’s a noble laboratory, and severall servants (Prentices to him) to looke to it. He is charitable to ingeniose men that are in want, and foreign Chymists have had large proofe of his bountie, for he will not spare for cost to gett any rare secret: vide Oliver Hill’s book, where he is accused of gross plagiarisme.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú