Is mar dhuine a tháinig slán i bpolaitíocht chasta a linne a thuilleann sé iontráil in The Oxford Companion to Irish History, 1998. Ach bhí sé díograiseach maidir le hábhar spioradálta i nGaeilge a fhoilsiú. Tá eolas air in Dictionary of National Biography agus ag Nicholas Williams in I bPrionta i Leabhar. Na Protastúin agus Prós na Gaeilge 1567–1724, 1986. Ba é a bhronn Leabhar Cheanannais agus Leabhar Dharú ar Choláiste na Tríonóide. Bhí Aubrey Gwynn éiginnte i dtaobh Leabhar Cheanannais a bheith san áireamh agus é ag scríobh ‘Some notes on the history of the Book of Kells’ in Irish Historical Studies, Meán Fómhair 1954, ’ach níl puinn amhrais ina thaobh ar William O’Sullivan san iris chéanna um Márta 1958.

Ba mhac é le Lewis Jones, Breatnach a bhí ina easpag ar Chill Dalua. Ba í Mabel Ussher, iníon le Arland Ussher, a mháthair. Cuireadh oideachas air i gColáiste na Tríonóide. Faoi 1637 bhí sé ina Dhéan i ndeoise na Cille Móire. Ba é a thug eolas ar an bplé a rinneadh ag cruinniú den chléir Chaitliceach i dtaobh conas a chaithfí le Protastúnaigh nuair a tharlódh an t-éirí amach; ar 4 Deireadh Fómhair 1641 i mainistir Mhuilte Farannáin a bhí an cruinniú sin, dar le Jones (History of the Church of Ireland..., 1933 in eagar ag W.A. Phillips). B’éigean dó féin teitheadh as a chaisleán i mBéal Átha na nEach, Co. an Chabháin. Ar a thit sé an ‘Humble remonstrance of the gentry and commonalty of the county of Cavan’ a chur i láthair na dtiarnaí giúistísí i mBaile Átha Cliath thar ceann na gCaitliceach úd ar mhian leo a ndílseacht don rí a chur in iúl. Bhí baint mhór aige leis an gcabhair a tugadh do Phrotastúnaigh a bhí thíos leis an éirí amach agus baint aige leis na fiosrúcháin a bunaíodh chun eolas a bhailiú ar cibé gadaíocht, marú agus leatrom a rinneadh.

Marcas Urmhumhan faoi deara é a cheapadh ina easpag ar Chlochar i 1645. Ceapadh é an bhliain dár gcionn ina Leas-Seansailéir ar Choláiste na Tríonóide. Bhí sé ina stiúrthóir ar rannóg fhaisnéise arm na Parlaiminte (‘Scout-Master General’). Le hathchur an rí fuair sé easpagóideacht na Mí. Ba é an t-easpag é ba mhó a thug tacaíocht do dhaoine mar Robert Boyle, Andrew FitzJohn Sall agus Narcissus Marsh nuair a bhí siad ag iarraidh an Tiomna Nua a athfhoilsiú agus Sean-Tiomna Uilliam Bedell a chlóbhualadh den chéaduair. Deir Williams: ‘Chun a chothrom a thabhairt dó, bhí Jones díograiseach go maith ag cabhrú le scéim seo an Bhíobla. Bhí rún aige, cuir i gcás, ceist an Bhíobla i nGaeilge a tharraingt aníos sa Pharlaimint, ach mar a dúirt sé féin. “... I find it almost a principle in their politics to suppress that language utterly, rather in so public a way to countenance it”.’ Nuair a shábháil Donncha Ó Sioradáin lámhscríbhinn Bhedell is do Jones a thug sé é. Thug seisean cuid de ar iasacht do Choláiste na Tríonóide. D’éag sé ar 5 Eanáir 1682 agus ní fhaca an Sean-Tiomna i gcló.

Bhí sé ar dhuine de na heaspaig ba mhó a bhí in aghaidh faoiseamh a thabhairt do Chaitlicigh. Is mar seo a chuireann DNB síos ar a pháirt sa ghéarleánúint a lean plota Titus Oates: ‘He was deeply involved in the “No Popery” schemes of the Earl of Shaftesbury, and was particularly active in procuring evidence as to the existence of a popish plot in Ireland, his intercepted letters, according to Carte, showing “something more zealous than honourable in his proceedings in that affair”. He was certainly the means of bringing... Oliver Plunket to the scaffold. I measc na leabhar a scríobh sé tá: A Remonstrance of the Rebellion in the County of Cavan, 1642 agus St Patrick’s Purgatory, 1647. Phós sé faoi dhó. Ba í Jane Culme, neacht le James Ussher, a chéad bhean agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu. D’iompaigh beirt nó, b’fhéidir, triúr dá gclann ina gCaitlicigh. Mary Piers, neacht le James Ware, an dara bean agus bhí beirt mhac agus cúigear iníonacha acusan.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú