Ba é an cainteoir dúchais Gaeilge seo faoi deara gur tugadh Leabhar Leacan ar ais ón bhFrainc agus gur tugadh d’Acadamh Ríoga na hÉireann é i 1787. Chuir Dr Richard Hayes leis an eolas ar shaol Thomáis in Studies, Nollaig 1941 (‘A Forgotten Irish Antiquary’) agus in Biographical Dictionary of Irishmen in France. Tá beagán curtha leis an eolas sin ag Tomás S. Ó Broin in The Other Clare, Vol. 5, 1981 (‘A Journey through West Clare 1800’, atá bunaithe ar ábhar i lámhscríbhinn Addison 20,717 i Leabharlann na Breataine). Pléann Sheila Harbison cúrsaí a bheatha in The Other Clare, Annual Journal of the Shannon Archaeological and Historical Society, 2000 (‘The Chevalier O’Gorman’), aiste ar fiú í a léamh.

I gCaisleán Boirne sa Bhoirinn, Co. an Chláir, a rugadh é ar 16 Meán Fómhair 1732. Ba é Maitiú Mac Gormáin a athair—Tomás an chéad duine dá mhuintir a chuir an ‘Ó’ in áit an ‘Mac’—agus ba í Margaret Ní Lochlainn a mháthair. I nDrom Eilithe i Maigh Fhearta agus i gCathair Uí Mhurchú i gCluain idir Dhá Lá a bhí talamh oidhreachtúil Mhic Gormáin. Deir Hayes gur léir ar an gcrann ginealaigh óna lámh féin san Acadamh Ríoga go raibh sé gaolmhar le cuid de na teaghlaigh ba nótáilte in Éirinn. Fear dathúil ba ea é, é sé throigh go leith ar airde. Cháiligh sé mar lia i bPáras agus phós iníon leis an gCunta D’Eon i 1757. Meas eachtrannaigh gan phingin a bhí ag a muintirsean ar Thomás. Ghléas siad iníon eile mar fhear agus lig orthu gurbh in í an mac a thiocfadh in oidhreacht orthu; rinne sí seirbhís mhíleata fiú agus pearsa cháiliúil a bheadh inti ar ball, í ina hambasadóir ag an bhFrainc sa Rúis agus sa Bhreatain. Tar éis tamaill rinneadh réiteach idir a muintir agus Tomás. Bhí liostaithe aige i Reisimint an Bhreathnaigh den Bhriogáid Éireannach agus ar bhás an Chunta d’Eon is chuige a tháinig an t-eastát fairsing i mBurgundy gona fhíonghoirt thorthúla.Bhí teach áirgiúil i bPáras aige agus chuir easportáil bhrabúsach a fhíona féin ar chumas dó a bheith ag meascadh le huaisle na cathrach. D’éirigh sé dlúthchairdiúil le Laoiseach XV agus bhronn seisean an teideal Chevalier air.

Dar le Hayes bean i bhfeisteas fir ba ea an Cunta D’Eon. A mhalairt ghlan atá ag Harbison agus tá an oiread sin tagairtí aici ag tacú lena cuntas nach foláir nó gurb aici agus nach ag Richard Hayes atá an ceart. In DIB deir Sheelagh Harbison nár chuig Ó Gormáin in aon chor ‘a tháinig an t-eastát fairsing in Burgundy gona fhionghoirt toirtiúla’. Deir sí: ‘The estate at Tonnerre was never (as is mistakenly believed) granted to O’Gorman, but remained in the possession of his brother-in-law, the Comte d’Eon, one of the most celebrated figures of eighteenth-century France.’

Bhí spéis aige sna lámhscríbhinní agus sa ghinealeolaíocht agus nuair a thugadh sé cuairt ar Éirinn ar ghnó an fhíona chaitheadh sé tamaill ag bailíu lámhscríbhinní agus eolais faoi ghinealaigh. In Irish Book Lover, Samhain-Nollaig 1932 tugann Séamus Ó Casaide nóta Eoghan Uí Chomhraí faoin gcaoi ar aimsigh an Chevalier Leabhar Bhaile an Mhóta. ‘I myself heard it told several years ago, but I forget by whom, that the Chevalier O’Gorman having heard that the Book of Ballymote was in the hands of a millwright’s widow in Drogheda, went from Dublin to enquire about it, but when he came to the widow’s house she had nothing to shew him but a few modern paper Irish manuscripts. However, on more closely questioning her as to having seen an old Irish book written on sheep skin, she seemed to recollect herself; and going straight to her late husband’s tools-chest, she turned all the tools out and at the bottom found the Book, for which and some other papers it was said the Chevalier paid her twenty pounds.’ Scéal fada an chaoi ar tugadh an leabhar sin as Coláiste na Tríonóide tuairim 1720 agus mar a bhronn an Chevalier í ar Acadamh Ríoga na hÉireann i 1785—ba í an chéad leabhar i leabharlann an Acadaimh í. Ar son an Dublin Society chuaigh sé go Coláiste na Lombardach agus institiuidí eile i bPáras chun fiosrú i dtaobh lámhscríbhinní agus taifead eile. Tá roinnt dá lámhscríbhinní in Acadamh Ríoga na hÉireann.

Thabhaigh sé clú dó féin mar dhuine a leagfadh amach ginealaigh do Ghaeil sa Fhrainc agus sa Spáinn ar theastaigh uathu céim suas a fháil san arm nó chun cleamhnas a dhéanamh le teaghlach uasal nó chun teideal a fháil. Deirtear gur mó de theacht isteach a bhí aige ón gceird sin ná ón bhfíon. Níorbh annamh 800 nó míle giní á fháil aige mar tháille. Deir Ó Broin: ‘A native Irish speaker, he had the distinction of introducing hurling to Paris to commemorate St Patrick’s Day, 1750.’

Chaill sé gach dá raibh aige de bharr Réabhlóid na Fraince agus d’fhill ar Éirinn beo bocht i 1793. Bhí triúr mac aige in arm na Fraince roimh an réabhlóid agus liostáil siad ansin in arm na Breataine. I mBaile Átha Cliath ba ghairid go raibh sé sa Marshalsea i ngeall ar fhiacha. Anuas air sin bhí na húdaráis in amhras air i dtaobh comhfhreagras a bheith aige leis an bhFrainc roimh 1798. Roimh a bhás ar 18 Samhain 1809 chaith sé tamall de bhlianta i nDrom Eilithe sa Chlár. Bhí a ainm greanta aige ar mhásailéam ina theampall dúchais i gComhad ach toisc sneachta throm a bheith ag titim is i gCill Mhic Dúáin a cuireadh é. Tá grianghraf ag Harbison den bhothán i nDroim Éilithe a bhfuair sé bás ann. Deir sí gur goideadh an chloch uaighe a raibh a ainm greanta uirthi. Phós sé faoi thrí. Ní luann Harbison aon tríú bean chéile a bheith ag an nGormánach. I 1788 a d’éag an chéad bhean agus phós sé baintreach Denny Baker Cuffe i mBaile Átha Cliath agus ina diaidhsean bean de mhuintir Mhic Fhlannchadha i gContae an Chláir.

Maidir lena sheirbhís i mBriogáid na hÉireann deir Hayes: ‘Regarding O’Gorman’s military service, of which little is known, it may be of interest to mention, that he was one of the two hundred Irish officers in the French army who in 1779 offered their services to the United States in the war against England.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú