I gContae Luimnigh a rugadh an file, scríobhaí, agus máistir scoile seo. Chuir Thomas Henn nóta beathaisnéise ar fáil san athchló a cuireadh amach in 1893 dá leabhar A short tour; or, An impartial and accurate description of the County of Clare with some particular and historical observations, 1780. In Dál gCais: the Journal of Clare, 1993 chuir Brian Ó Dálaigh go mór leis an eolas sin (‘Tomás Ó Míocháin and the Ennis School of Gaelic poetry c.1730-1804’). Tá aiste scolártha, ‘Seón Lloyd (?–c.1785)’, ag Eilís Ní Dheá in The Other Clare: Annual Journal of the Shannon Archaeological and Historical Society, 2000.

Ba dhuine é de na scríobhaithe a bhailíodh le chéile i dteach Sheáin Uí Mhaoldomhnaigh, Sráid an Chaisleáin, Luimneach: Aindrias Mac Mathúna, Diarmaid Ó Maolchaoine, Séamus Bonnbhíol agus Tomás Ó Míocháin. In aois a thríocha bliain dó, de réir Henn, chuir sé faoi i bhForúir, i bparóiste Dhún Átha, Co. an Chláir, agus bhí scoil scairte aige ann ar feadh ocht nó naoi mbliana. Bhí aithne ag athair Eoghain Uí Chomhraí air. Is dóigh gur thart ar an am seo a d’aistrigh sé beatha Naomh Seanáin go Béarla; tá cóip a rinne Antoine Ó Briain in Acadamh Ríoga na hÉireann. Deir Henn gur chaith sé tamall i gCill Rois, go raibh fiacha ag tábhairneoirí an bhaile air agus gur chaith sé seal i gCill Mhichíl. Bhog sé as Luimneach go hInis timpeall 1778 nuair d’éirigh idir é agus Diarmaid Ó Maolchaoine agus Séamus Bonnbhíol. Chaith sé tamall in Inis ag múineadh i scoil Uí Mhíocháin agus deir Ó Dálaigh gur socrú torthúil ba ea é. Chum sé caoineadh ar Mháire Bhán Mhic Dhónaill in 1773. Scríobh Ó Míocháin freagra air. Ina dhiaidh sin léirigh Donncha Ó Mathúna an Chairn, múinteoir cáiliúil agus file, a dhrochmheas ar dhánta na beirte. Lean conspóid é a bhí ‘scurrrilous and personal in tone...’. Tá cuid dá dhánta i gcló in A Collection of poems written on different occasions by the Clare Bards in honour of the McDonnells of Kilkee and Killone in eagar ag Brian Ó Luanaigh in 1863. Deirtear gur cuireadh an dlí air toisc véarsaí ceannairceacha a scríobh sé agus gur aistrigh Ó Míocháin iad seo go Béarla faoin teideal ‘The Flowers of Edenborough’.

Is dóigh gurbh é A short tour..., 1780 an chéad treoirleabhar áitiúil dár foilsíodh in Éirinn. Tá dánta Béarla le Ó Míocháin ann. Fiafraíonn Ó Dálaigh: ’Why did two men so obviously concerned about Irish choose to publish in English? Clearly the book was not aimed at the Irish speaking majority but rather at the more affluent English speaking minority. Even if Lloyd and Ó Míocháin could overcome the technical difficulty of producing a typeface in Gaelic lettering, there was not in existence a public who could read the language, the reading public was literate in English only.’ Chuir Ó Míocháin fógra in Clare Journal, 1 Feabhra 1779 ag lorg poist dó: ‘A person well qualified to instruct young ladies in reading, writing and Geography; and also to fit young gentlemen for the army, navy or compting house; would engage in one good family or accept the joint encouragement of two or more neighbouring ones; his morals and abilities can be very sufficiently attested and his terms known by applying to Mr. Meehan, teacher of Mathematics in Ennis. January 25 1779.’ Fuair Seán post mar mhúinteoir baile i dteach Aibhistín Mhic Gearailt i dTuairín, ceithre mhíle ó Inis. Sa cheantar sin a chaith sé an cuid eile dá shaol. Fuarthas marbh ar thaobh an bhóthair é ach ní heol go baileach cathain.

Tá sé ar dhuine díobh sin a gcuirtear ina leith go raibh baint acu leis an mbrionnadóireacht ar cloch ‘oghaim’ Shliabh Calláin i gContae an Chláir (féach faoi O’FLANAGAN, Theophilus).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú