Bhí an staraí seo ar dhuine díobh sin a sholáthair aistriúcháin fhileata i gcomhair Irish Minstrelsy; or, Bardic Remains of Ireland, with English poetical translationsJames Hardiman. I dteach a athar, William, Bessville, Co. na hIarmhí, 20 Meitheamh 1792, a rugadh é. Ba í Elizabeth Leyne a mháthair. Fuair sé oiliúint i scoil an Urramaigh Joseph Hutton i gCnoc an tSamhraidh, Baile Átha Cliath. D’éirigh leis i scrúdú iontrála Choláiste na Tríonóide agus gan é 14 bliain d’aois go fóill. Cháiligh sé mar dhlíodóir agus rinne abhcóide de in 1813. Ar cuaird an iarthair is mó a bhíodh sé. Toisc a fheabhas a bhí eolas ar chúrsaí ginealaigh aige bhí sé in ann airgead mór a thuilleamh i gcásanna áirithe sa chúirt. Scríobh sé Dermid or Erin in the Days of Brian Boroimhe, 1814, agus leabhar ar dhlíthe na ndeachúna. Phós John Catherine Philips ó Chluain Mór, Co. Mhaigh Eo. Bhuaigh sé bonn Acadamh Ríoga na hÉireann agus duais in 1827 ar History of Ireland from the earliest period to 1245 when the Annals of Boyle, which are adopted and embodied as the running text authority, terminate, 1845. Bhuaigh sé duais eile ón Acadamh lena chuntas ar réimeas Anraí a II in Éirinn. Bhí sé ar choiste an Acadaimh agus deireann R.B. McDowell in ‘The Main narrative’ (The Royal Irish Academy: a bicentennial history 1785-1985, 1985 in eagar ag T. Ó Raifeartaigh) gur chaill sé a áit mar bhall den chomhairle toisc, más fíor, go ndúirt sé go raibh aiste Henry O’Brien ar na cloigthithe níos fearr ná aiste Petrie. Diúltaíodh dá éileamh go gcuirfí an toghchán ó bhailíocht. Bheartaigh an tAcadamh in 1842 tathant ar an rialtas leanúint le haistí na Suirbhéireachta Ordanáis agus bhí sé ina aghaidhsean. Deir G.F. Mitchell in The Royal Irish Academy: a bicentennial history 1785-1985, 1985 ‘Betham and John D’Alton (who was producing his own local histories) were in bitter opposition.’

Foilsíodh a chuid aistí ar an seandálaíocht in Dublin Penny Journal; Charles Lever a rinne na léaráidí. In 1838 foilsíodh Memoirs of the Archbishops of Dublin agus History of the County of Dublin. Scríobh sé freisin The history of Drogheda and its environs, and an introductory memoir of the Dublin and Drogheda Railway agus King James II’s Irish Army list, 1689, 1855. Thosaigh sé ar The history of Dundalk, and its environs; from the earliest historic period to the present time; with memoirs of its eminent men in 1864 ach theip ar a shláinte agus ba é J. R. O’Flanagan a chríochnaigh an obair. Tugadh pinsean ón Liosta Sibhialta dó.

Scríobh sé a dhírbheathaisnéis ach níor foilsíodh é. San iontráil in Dictionary of national biography deir J.R. O’Flanagan: ‘D’Alton had great business qualities, and his rigid adherence to the naked facts of history doubtless impaired the literary success of his books.’ D’éag sé 20 Eanáir 1867.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú