I gceann de na ceantair ba shaibhre traidisiúin a tógadh é agus bhí meas thar cuimse aige ar an oidhreacht a tháinig chuige. Ba é a spreag spéis sa bhéaloideas ina nia, Dr Seán Ó hEochaidh. Aithníodh é féin mar shaineolaí ar sheanchas agus ar Ghaeilge a cheantair dúchais agus bhí sé ina chomhairleoir ag an scoláire Dr Heinrich Wagner agus é i mbun Gaeilge Theilinn: foghraidheacht, gramadach, téacsanna, 1959 a scríobh.

I dTeileann, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 27 Lúnasa 1895. Ba iascaire a athair Tomás agus ba í Bríd Ní Eochaidh a mháthair. Bhí beirt deartháireacha aige agus triúr deirfiúracha ar dhuine díobh Máire, máthair an Dr Seán Ó hEochaidh. Oileadh é mar bhunmhúinteoir i gColáiste De La Salle i bPort Láirge sna blianta 1913-15. Bhí post aige sna scoileanna seo i nDún na nGall: Leac Conaill, Ard an Rátha (1915-16); Málainn Bhig (1916-20); An Chaiseal, Gleann Cholm Cille (1920-31).

I 1921 bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Choláiste Gaeilge Aoidh Mhic Bricne i dTeileann agus bhí ina ollamh ann go 1931. Phós sé Anna S. Ní Bheirn ón Dúinín, Cill Charthaigh, i 1933 agus bhí mac amháin acu.

Ceapadh ina chigire bunscoile é i 1932 agus bhí ag obair sna ceantair seo: Béal an Átha, Maigh Eo (1932-39); Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall (1939-49); Dún Dealgan (1949-52); Ceantar Gaeltachta Thír Chonaill (1952-54); Baile Átha Cliath (1954-55). Ó 1955 go ndeachaigh sé ar pinsean i 1960 bhí sé ina Roinn-Chigire bunoideachais sa Roinn Oideachais i mBaile Átha Cliath. D’aistrigh sé In Aimsir Eoghain Ruaidh, 1935 (In the Days of Owen Roe le James Murphy) . Cnuasach amhrán as a cheantar féin, idir cheol agus fhocail, maille le cuntas ar chúlra na n-amhrán, is ea Ceolta Theilinn, 1973. Scríobhadh sé aistí in Béaloideas agus ina measc tá cuntais nótáilte ar Shéarlaí Mac Anna, seanchaí, agus ar Chondaí Phroinsiais Ó Cuinneagáin. D’éag sé i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, ar 19 Lúnasa 1981.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú