Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 20
Deirtear gur thaistil sé an tír le Ruairí Mac Easmainn ag stocaireacht do Choláiste Uladh agus is dóigh gur tuairim an ama seo é ··· Is cosúil gur mar gheall ar fheabhas a lúthchleasaíochta a thug mic léinn Choláiste Uladh ‘Fionn’ mar ainm air
Bhí sí ina cisteoir ag Coláiste Uladh ar feadh 20 bliain ··· Ba í ba mhó b’údar le Coláiste Uladh a chur ar bun athuair ...
tús le Coláiste Uladh [i Loch an Iúir]
Bhí dioplóma aige ó Choláiste Chomhghaill, Béal Feirste, agus teastas ó Choláiste Uladh, Cloich Chionnaola
D’fhreastail sé ar chúrsa i gColáiste Uladh
Lú, Énrí Ó Muirgheasa [B1], a mhúscail a spéis sa Ghaeilge an chéad lá agus ba eisean faoi deara gur bronnadh air an scoláireacht a thug go Coláiste Uladh é in 1906
Bhí sé freisin ina chathaoirleach ar bhord bainistíochta Phobalscoil Chloich Chionnaola, agus bhí baint aige le feachtas láidir a cuireadh ar bun a chinntigh go mbeadh sruth Gaeilge ar fáil mar chuid de churaclam na scoile sin. Bhí sé orthu siúd a d’eagraigh Ceiliúradh Céad Bliain Choláiste Uladh 2006, agus bliain a bháis bhí baint mhór ag Mac Géidigh lenar tharla i nGort an Choirce mar chuimhneachán ar Éirí Amach 1916, ar fhreastail beirt dá cheannairí, Pádraig Mac Piarais agus Joseph Mary Plunkett, ar an gcoláiste, mar aon le Ruairí Mac Easmainn.. Bhí sé sáite i bhFéile Ghort an Choirce agus i dtógáil ionad pobail i Machaire Rabhartaigh, áit dúchais a athar
Rinne sé dhá chúrsa i gColáiste Uladh i nGort an Choirce agus bhain teastas amach mar mhúinteoir Gaeilge
Ba bhall den Choiste Gnó é ar feadh tamaill mhaith anuas go dtí 1909. Nuair a bunaíodh Ardscoil Cholm Cille (nó Coláiste Uladh) bhí sé ar dhuine den cheathrar ba mhó a dhéanadh an obair, é féin, Séamus Ó Searcaigh [q.v.], Úna Ní Fhaircheallaigh[B1], agus Íde Nic Néill
Rinneadh Ard-Deochan de tamall roimh a bhás. Bhí sé ina bhall de Chomhaltas Uladh, ar choiste Choláiste Uladh, ina bhall de Choimisiún na Logainmneacha agus den Chomhairle Oideachais (1950). Is mar scríbhneoir ar chúrsaí creidimh is mó a chuimhnítear air
Toradh a bhí ar an bhFeis go gcuirtí daoine ar scoláireachtaí go Coláiste Uladh
Bhí sé ina bhall de choiste gnó Choláiste Uladh ar feadh tamaill agus mhúineadh sé ann
In 1906 freisin bhí sé ar na chéad ollúna a ceapadh i gColáiste Uladh i gCloich Cheannfhaolaidh
Is cosúil gur éirigh leis Gaeilge a fhoghlaim go maith: bhíodh sé ag múineadh na teanga agus chaith sé téarma i gColáiste Uladh
Ceapadh é ina phríomhoide sa Mhodhscoil Láir i Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath, i 1928 agus bhí ann go ndeachaigh sé ar pinsean i 1953. Bhí sé ina rúnaí ag Coláiste Uladh tamall agus ina rúnaí oinigh ag Craobh na hÉireann den Chomhdháil Cheilteach sular toghadh ina uachtarán é
Bíonn tagairtí in Fáinne an Lae agus in An Claidheamh Soluis don pháirt a ghlacadh sé in imeachtaí Gaelacha i gColáiste Uladh agus in imeachtaí an Chonartha i mBéal Feirste agus i nGlaschú
Bhíodh sé ag teagasc i gColáiste Uladh. Ceapadh ina chigire bunscoileanna é i 1930 agus chaith sé tréimhsí sa Chaisleán Riabhach, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath
Thugadh sé léachtaí: ar ghleann na Bóinne i gColáiste Uladh (An Claidheamh Soluis 29 Lúnasa 1908); ar bharrshamhail Chonradh na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (idem 22 Bealtaine 1909)
É féin agus Peadar Mac Fhionnlaoich[B1] a d’ullmhaigh prospectus Choláiste Uladh don bhliain 1911 (idem 31 Nollaig 1910)
Bhí litir ón Phailistín aige in Fáinne an Lae 28 Deireadh Fómhair 1899 i dtaobh na Gaeilge agus i dtaobh na nAngla-Iosraelach i dTeamhair. Thagadh sé chuig Coláiste Uladh agus tá tagairtí dó sa leabhar a cuireadh amach chun iubhaile airgid an Choláiste a cheiliúradh, chomh maith le bailéad Gaeilge ina thaobh