Sa Chruit, Co. Dhún na nGall, mar a raibh feirm bheag ag a athair Séamus a rugadh é. Bhí saibhreas seanchais agus cainte ag a mháthair, Róise Phaidí Mhic an Bhaird, stór iontach de dhánta aici agus, deirtear, seanmóirí Uí Ghallchobhair de ghlanmheabhair aici. Bhí cóip ag Antoine de Tóraigheacht Dhiarmada agus Ghráinne, eagrán Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge, a chuir Risteard Ó Dubhthaigh in eagar in 1884, agus dúirt sé le Séamus Ó Searcaigh nach raibh focal ann nach raibh a uncail Micheál Eilse in ann a mhíniú dó. Is uaidhsean a fuair sé na focail neamhchoitianta a d’úsaideadh sé chomh nádúrtha sin ina chomhrá, focail a thugadh pléisiúr dá iardhalta Séamus Ó Searchaigh agus don scoláire Éamonn Ó Tuathail.

Thosaigh sé ag múineadh i scoil na Cruite nuair a bhí sé 18 bliana d’aois. Is taobh istigh d’uaireanta scoile a mhúineadh sé Gaeilge, rud a bhí annamh san am. Deirtear go mba chúnamh dó cairdeas an Easpaig Pádraig Ó Domhnaill mar chosaint ar na cigirí. Tá a ainm ar liosta na mbunmhúinteoirí a raibh teastas múinteoireachta Gaeilge acu in 1893 (i gcló in Micheál Ó Lócháin agus An Gaodhal, 1990, le Fionnuala Uí Fhlannagáin). Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge i dTír Chonaill beagnach ó thosach agus bhí sé ag an gcruinniú mór sna Cealla Beaga in 1895 (Irisleabhar na Gaedhilge, 1 Deireadh Fómhair 1895). Thug sé cúnamh do Thomás Bán Ó Concheanainn nuair a bhí sé ag timireacht sa chontae. Bhuaigh sé ceann de dhuaiseanna Chuimhneachán an Chliabhraigh i 1901 agus duine den triúr daltaí a bhuaigh dó é ba ea Séamus Ó Searcaigh (An Claidheamh Soluis, 11 Bealtaine 1901). Bhí sé ina bhall de choiste gnó Choláiste Uladh ar feadh tamaill agus mhúineadh sé ann. Bhí baint aige freisin le Coláiste na gCeithre Máistrí. Bhí sé ina bhall de Dháil Uladh agus ba í an eagraíocht sin a d’fhoilsigh na leabhair bheaga Gaeilge a scríobh sé le haghaidh na scoileanna: Mionthús léinn, 1912; Coiscéim ar aghaidh, 1912; Giota maith ‘un tosaigh, 1915.

Phós sé Máire Ní Dhochartaigh ach bhí sise marbh roimh Dhaonáireamh 1901. Phós sé 27 Deireadh Fómhair 1904 Máire Nic Channa, iníon fheirmeora as Inis Eoghain (d’éag sí 18 Meán Fómhair 1923). Ailt an Chorráin an seoladh poist a bhí ag Antoine ag an am sin. Bhí beirt de theaghlach aige leis an chéad bhean. Deir Ciarán Mac Pháidín, a gharmhac (16 Lúnasa 2006): ‘Bhí beirt ghasúr aige lena chéad bhean. Fuair Séamus bás mar phríosúnach ag na Gearmánaigh sa Bheilg i 1918 in aois a 19 agus scaoileadh Dónall a bhí ina shaighdiúir in arm an tSaorstáit i dtimpiste i gCampa an Churraigh i 1923 in aois a 22. Bhí ochtar de chlann aige leis an darna bean, Máire Nic Canna. Ba iad sin Róise, Áine, Máirín, Éilís, Úna, Caitlín, Seosamh agus Pádraig. Díobh seo, tá Úna, Caitlín agus Pádraig beo go fóill. Tá cónaí ar Úna Darmody, aois 93, i dTeach Mealóg, ar an Monsignor Pádraig Ó Dochartaigh, aois 87, in Fresno i gCalifornia agus ar mo mháthair, Caitlín, aois 89, sna Dúnaibh in iarthuaisceart Thír Chonaill.’ Uair éigin roimh 1911 chuir sé faoi i bhFál Carrach.

Amhránaí aitheantúil ba ea é ag an Oireachtas timpeall 1911. Scríobh Úna Ní Ógáin agus Énrí Ó Muirgheasa amhráin síos uaidh. In Dánta Dé, 1928, deir Úna faoi ‘Caoine na hAoine’: ‘Ba é mo chara Antoine Ó Dochartaigh as Oileán na Cruite a thug domsa é. Tháinig an duan chuige, idir fhocail agus cheol, óna mháthair agus deir sé go bhfuilid an-ársa. Mé féin a chéadscríobh síos an fonn uaidh (agus fonn a 37 leis) agus eisean á ngabháil dom ar thaobh cnoic roinnt bliain ó shin.’ Thug sé 400 líne de ‘Beatha agus bás Ár Slánaitheora’ do Énrí Ó Muirgheasa, chomh maith le dánta agus paidreacha a bhí bailithe aige sna Rosa. Bhí cuid dár bhailigh sé i gcló i bpáipéar i nDoire agus in An Gaodhal. Bhí litir ag Eoghan Ó Gramhna in An Gaodhal 27 Feabhra 1893 ar an gcaoi ar chuir Antoine aistriúchán Béarla agus nótaí ar fáil leis an dán a bhí i gcló in eagrán Eanáir: ‘Ba chiallmhar mar do mhínigh an Dochartach as Oileán na Cruite a amhrán; dá ndéanadh gach uile dhuine mar sin níor dheacair foclóir a bhailiú.’ Chumadh sé féin dánta. Sampla dá stíl is ea an dán dar tús ‘Is í Éire ár dtír, is di beimid fíor.’

D’éag sé ar 20 Deireadh Fómhair 1932 agus tá sé curtha in Reilig an Fhál Charraigh. Scríobh a iardhalta Séamus Ó Searcaigh cuntas ar a shaol in An Tír, Samhain 1932. Bhí alt faoi in Sunday Independent, 5 Bealtaine 1935. Tá scéal barrúil ag Ó Searcaigh faoina shaontacht a bhí Antoine. Nuair a cailleadh an línéar mór California i mBéal Toraí i 1914, d’inis an Máistir Mac Giolla Chearr dó gur bhain na luchóga móra an t-oileán amach, ach nár luaithe a shroich boladh chré Thoraí a bpollairí ná fuair siad bás. Chuir Antoine an scéal chuig páipéar i nDoire gan aon mhoill! Dar lena gharmhac, ‘go raibh sé ag leanstan de thraidisiún na Fiannaíochta agus na pisreogaíochta agus an cur i gcéill a bhí ag baint leo sin’. Bhí le rá ag Séamus Ó Searcaigh in An Tír, Samhain 1932 nár ghéill sé i gcónaí don tuairim a bhí ag an gcoitiantacht. Nuair a maraíodh duine de Chonstáblaí Ríoga na hÉireann sa bhFál Carrach i rith Chogadh na Saoirse is beag duine a chuaigh go dtí an tórramh. ‘Ach chuaigh Antoine ann agus nuair a chuathas a fháil lochta air fá urraim a thaispeáint don mharbhán, chuir sé gach duine ina thost le cúpla focal. “Ní raibh a fhios agam”, ar seisean, “gur chros dlí na carthanachta orainn onóir a thabhairt do na mairbh”.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú