ainm.ie focal.ie logainm.ie dúchas.ie gaois.ie scéalta nua/news · FIONTAR
printéir priontáil scáileán ar ais chuig leagan don scáileán printéir leagan furasta le priontáil THURNEYSEN, Rudolf (18571940)

‘He was not merely the last of the great line of foreign scholars who, ever since the days of Zeuss, have contributed so powerfully to our knowledge of Old and Middle Irish; he was also the greatest of them all’ (Daniel Binchy in Éigse, geimhreadh 1940). Agus dúirt John Ryan S.J. in Studies Iml. XXIX: ‘In the rugged and prickly terrain of Old Irish, in particular, he was the recognised Magister, the ultimate authority beyond whom there was no appeal’. I measc a chuid mac léinn in Freiburg bhí Risteard de Hindeberg, Tomás Ó Máille, Osborn Bergin, Gearóid Ó Nualláin, R.A.S. Macalister, Caitlín Ní Mhaolchróin, agus Francis Shaw.

Rugadh é i mBasle san Eilvéis ar 14 Márta 1857. Bhí monarcha síoda ag a athair Eduard agus ba í a mháthair Eliza Merian, a raibh a hathair ina ollamh le heolaíocht. Ba í an Ghearmáinis a mháthairtheanga ach bhí Fraincis go líofa aige óna óige. I measc a chuid múinteoirí in Ollscoil Basle bhí Jacob Burckhardt, a scríobh saothar cáiliúil ar Renaissance na hIodáile, agus an fealsamh Gearmánach Friedrich Nietzsche a bhí ina ollamh le Gréigis. Ina dhiaidh sin chaith sé tamaill in ollscoileanna Jena agus Leipzig, mar a bhfuair sé dochtúireacht. An fhocleolaíocht chomparáideach an príomhábhar staidéir a bhí aige.

Nuair a bhí sé ag foghlaim Fraincise ar scoil tugadh le tuiscint dó go mba mheascán í den Laidin agus de na teangacha Gailleacha. As sin a d’fhás a spéis sna teangacha Ceilteacha. Faoi Windisch i Leipzig, faoi Zimmer i mBerlin, agus faoi Gaidoz i bPáras bhí sé ag foghlaim leis. Ceapadh é ina léachtóir i Jena in 1882 agus ina ollamh ann trí bliana ina dhiaidh sin. In 1887 a ceapadh é ina ollamh le focleolaíocht chomparáideach in Freiburg, mar ar fhan sé go 1913 nuair a d’aistrigh sé go Bonn. D’éirigh sé as an bpost sin i 1925.

D’fhoilsigh sé a chéad alt ar an Sean-Ghaeilge in Revue Celtique in 1883. Nuair a bunaíodh Zeitschrift für celtische Philologie in 1897 ba leis an chéad alt dá raibh ann. Leis an gcopail sa Ghaeilge a bhain sé. Bhí mórchuid altanna aige ann: an chuid is mó díobh idir 1897 agus 1913. D’fhoilsigh sé a shaothar mór Handbuch des Alt-Irischen i 1909. Ar feadh 25 bliain bhí sé ag réiteach chun eagrán nua a chur amach. Socraíodh gurbh oiriúnaí é a bheith i mBéarla. Chuir Rialtas na hÉireann spéis san obair agus cuireadh duine de iardhaltaí Thurneysen, Michael Duignan, go Bonn chun cabhrú leis. Nuair a fuair Thurneysen bás ba iad Bergin agus Binchy a chuir eagar ar A grammar of Old Irish, 1946.

An dara mórshaothar uaidh baineann sé le fadhbanna croineolaíocha agus eile sna ságaí, Die irische Helden- und Konigsage, 1921. Chuir an Cogadh Mór isteach ar chúrsaí foilsitheoireachta sa Ghearmáin agus ba mheasa fós a bhí an scéal ina dhiaidh. Ach thug Roinn na Gaeilge i nDáil Éireann cabhair lena fhoilsiú.

Na seandlíthe an tríú hábhar staidéir ar fhág sé lorg a láimhe air. Is cosúil go dtagadh a chomhghleacaí i nDámh an Dlí i mBonn ag foghlaim Sean-Ghaeilge uaidh chun go gcuirfeadh sé, eolas ar na dlíthe seo. Bhí Thurneysen ag dul in aois ag an am ach d’éirigh leis bheith ina shaineolaí orthu. Dúirt an Bínseach: ‘It was almost an incredible achievement for one who (as he often lamented to me in conversation) had never specialised in legal history: in point of fact no trained jurist could have dealt more effectively with the problems of early Irish law’.

Tháinig sé go hÉirinn ar dhá chuairt: an chéad chuairt i 1911 nuair a bhí sé ag iniúchadh lámhscríbhinní i mBaile Átha Cliath, in Albain, i Sasana agus sa Bhruiséal, agus an dara cuairt i 1929 nuair a bhí seimineár ar na dlíthe á reáchtáil aige ar feadh tamaill de sheachtainí san Acadamh Ríoga. Tharla a 72ú breithlá le linn na cuairte sin agus chum an tAimhirgíneach dán sa tSean-Ghaeilge le bronnadh air. Tá sé i gcló ag an mBínseach in Éigse. Tuairiscíodh in An Tír, Márta 1929, go raibh fáiltiú ‘maraon le fleá’ ina onóir sa Ghresham 6 Feabhra. Bhronn Conradh na Gaeilge dileagra air agus d’fhreagair sé moladh de hÍde i bhFraincis agus i nGearmáinis. ‘Dúirt sé gur fhoghlaim sé an tSean-Ghaeilge nuair a bhí an Conradh ag déanamh a dhíchill Gaeilge an lae inniu a choinneáil beo, ach gur thosaigh sé ó shin ar Ghaeilge na haimsire seo d’fhoghlaim’. In Studies XIX Márta 1930 bhí aiste aige ‘Why do Germans study Celtic philology’.

Phós sé bean ó Mhunich in 1893 agus bhí clann iníon acu. D’éag sé 7 Lúnasa 1940. Mar ba dhual d’Eilvéiseach, bhí sé ag sléibhteoireacht go dtí an deireadh. Is léir ar na cuntais go léir a scríobhadh air go mba dhuine foighneach gealgháiriteach é agus nár mhian leis riamh bheith ag argóint go binbeach le scoláirí eile.

© Bunsonraí na mbeathaisnéisí: Cló Iar-Chonnacht (2014) · © An cóiriú leictreonach seo: Fiontar (2014) · Teagmháil: ainm@dcu.ie · facebook · twitter
Foirm aiseolais | Cartlann scéalta nuachta