I gCill Bheagáin san Iarmhí mar a raibh a hathair Patrick Mulchrone ina bhall den Chonstáblacht Ríoga a rugadh í ar 22 Samhain 1895. Is cosúil go raibh Gaeilge ag a hathair in ainneoin gan fianaise air sin i ndaonáireamh 1901. Mary Spain an mháthair. Nuair a chuir sí isteach ar an ollúnacht i nGaillimh scríobh sí go mba ‘Ghaedhilgeoirí ó dhúthchus mo sheacht sinnsir romham ó thaobh m’athar’. Agus ba é an tiomnú a chuir sí leis an dara heagrán de Caithréim Cellaig: ‘Matri meae Máire Spáinneach Nic Mhurchadha Caomhánaigh’. ‘Kate’ an t-ainm sa teastas beireatais. I nDaonáireamh 1901 taispeántar go raibh an t-athair, arbh as Co. Mhaigh Eo dó, ag feidhmiú mar sháirsint i mBaile Fhobhair san Iarmhí. B’as Co. Thiobraid Árann don mháthair agus bhí ceathrar iníonacha sa teach ag an am: Mary Josephine (11); Margaret (10); Rose Anne (8); Catherine (5). Ní raibh Gaeilge ag aon duine sa teaghlach, más fíor.

Fuair sí bunoideachas i mBaile Fhobhair sular cuireadh go dtí Clochar Loreto sa Mhuileann gCearr í. Bhuaigh sí scoláireacht sa scrúdú meánteistiméireachta agus ansin scoláireacht a chuir ar a cumas freastal ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Fuair sí céim BA 1916 agus H.Dip. in Ed. agus MA an bhliain dár gcionn. I 1918 a bhuaigh sí scoláireacht taistil. ‘B’éigean di an staidéaracht a chur ar fionraí de bharr na corraíle sa nGearmáin ag an am. Sna blianta 1919-21 bhí sí ina “scriba deputata in the cause of the Irish martyrs”. Deireadh sí: “Tá naoimh na hÉireann faoi chomaoin agam.” Rinne sí staidéar sa Ghearmáin faoi Rudolf Thurneyseni mBonn 1921-4. Dúirt Próinséas Ní Chatháin in Irish Times 28 Meitheamh 1973: ‘She learned her Old Irish from Thurneysen in Bonn and, according to her German contemporaries, she was his favourite pupil. His Grammar was her ‘Bíobla na Sean-Ghaeilge’ and her standards were as exigent as his own’. Ar ‘Bethu Phátraic’ a bhí sí ag obair agus bhuaigh an saothar sin duais débhliantúil Ollscoil na hÉireann ar thaighde i stair na hÉireann nuair a foilsíodh é in Zeitschrift für Celtische philologie, 1926/7. Osborn Bergin féin, dúirt sé ina thaobh: ‘An admirable piece of work, the best of its kind that has appeared for many years’. Foilsíodh mar leabhar é i 1939 faoin teideal Betha Phátraic, the tripartite life of St Patrick.

Ar ais in Éirinn 1925 bhí sí ag obair mar “Vocational Instructor in Irish” le Comhairle Contae na hIarmhí 1925-7.’ Is ó 1928 go 1938 a bhí sí ag obair i gColáiste Gairmoideachais Ráth Maonais, ó 1931 go 1938 ina Léachtóir Cúnta sa Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ó 1927 go 1938 ina heagarthóir cúnta ag obair ar chlár lámhscríbhinní Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá a hainm le dosaen fascúil den chlár sin. B’fhéidir go raibh sí ag teagasc i gColáiste Thuar Mhic Éadaigh freisin. Tháinig Caithréim Cellaig amach i 1933 (agus eagrán nua i 1971). Foilsiodh a mórshaothar eile The Book of Lecan: Leabhar Mór Mhic Fhir Bhisigh Leccain i 1937. ‘A model of its kind’ a dúirt Robin Flower faoi. Bhí caibidil aici in Studies in Early Irish Law, 1936 in eagar ag D.A. Binchy, agus aiste in Meascra i gcuimhne Mhichíl Uí Chléirigh, [1944]. Tá ábhar uaithi in Ériu, Celtica, Galvia, Journal of the Galway Historical and Archaeological Society, Lia Fáil, Studia Hibernica, Irish Ecclesiastical Record, An Sagart ....

Nuair a chuir sí isteach ar an ollúnacht i nGaillimh scríobh sí go mba ‘Ghaedhilgeoirí ó dhúthchus mo sheacht sinnsir romham ó thaobh m’athar’. Agus ba é an tiomnú a chuir sí leis an dara heagrán de Caithréim Cellaig: ‘Matri meae Máire Spáinneach Nic Mhurchadha Caomhánaigh’. Ceapadh ina hOllamh le Teangeolaíocht Cheilteach agus le Sean-Ghaeilge í i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe i 1938. Cathaoir nua ba ea í. Go nuige sin bhí a dhúthracht caite ag Tomás Ó Máille ag iarraidh freastal ar riachtanais mhic léinn na Nua-Ghaeilge agus na Sean-Ghaeilge. Thagair Catholic Bulletin, Lúnasa 1938, do ‘the unequalled claims of Dr Kathleen Mulchrone to the new and separate chair provided at Galway’. Deir an tOllamh Mac Eoin go mb’fhéidir go raibh sí ag teagasc i gColáiste Thuar Mhic Éadaigh. Seo é an cur síos a dhéanann sé ar a pearsantacht agus a dealramh tar éis dó tagairt don leisce a bhíodh uirthi seasamh isteach in éineacht leis an gcomhluadar le haghaidh pictiúir: ‘Duine príobháideach, cúlráideach, b’fhéidir a bhí inti, de réir na fianaise sin. Ach ar ócáidí eile d’fheicfeá a mhalairt sin de thréithe inti. Bean bheag a bhí inti agus bhíodh sí i gcónaí gléasta go pioctha néata in éadaí daite: bán, corcra, buí. Chaitheadh sí hata beag go hiondúil agus bhíodh mála ar iompar aici. Bhíodh eangach thart ar a cuid gruaige, gruaig a bhí fós donn agus í ag bordáil ar an trí scór, sa gcaoi go mbíodh sé ina ábhar conspóide ag cuid de na mic léinn arbh í a cuid gruaige féin a bhí ann nó gruaig bhréige.’

Is i dteach san áit a bhfuil Ard-Eaglais na Gaillimhe anois a bhí sí ar lóistín ar dtús ach ar ball is sa Great Southern Hotel a d’fhanadh sí le linn na dtéarmaí ollscoile. Bhí árasán aici freisin i Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, agus ann a d’fhanadh sí cibé am a bhí sí ag obair in Acadamh Ríoga na hÉireann, go háirithe sna laethanta saoire. Deir Mac Eoin: ‘Níl aon amhras ach gurb é an saothar is mó a rinne Caitilín Ní Mhaol-Chróin ná clárú na lámhscríbhinní in Acadamh Ríoga na hÉireann.’ Is di a thugann Mac Eoin an chreidiúint go bhfaigheadh mic léinn na Gaillimhe scoláireachtaí in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Is amhlaidh a thug sí dúshlán an Dr Pádraig de Brún, Cathaoirleach na hInstitiúide, go poiblí i nGaillimh. Is cosúil nach gcuirtí scéal faoi scoláireachtaí ach go dtí ollscoileanna thar lear.

D’éirigh sí as an bpost i nGaillimh i 1965 ach lean uirthi ag gníomhú sa phost go ceann bliana eile. Chuir sí fúithi i Sráid Phádraig, an Muileann gCearr, agus is ann a d’éag sí ar 13 Meitheamh 1973. Tá sí curtha sa Bhaile Glas. Dúirt Proínséas Ní Chatháin: ‘Doctor Mulchrone has placed her stone firmly on the cairn of Old Irish scholarship with her major contribution to manuscript studies .... She has rendered invaluable service to Modern Irish by her proficient and efficient use of it in lectures for virtually three decades’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú