Tá cuntas ar an scoláire seo: ag Gearóid S. Mac Eoin in Lochlann: a Review of Celtic Studies IV, 1969; ag Julius Pokorny in Zeitschrift für celtische Philologie, 1967 agus ag Karl Horst Schmidt in Studia Celtica 1, 1966. In Düsseldorf a rugadh é 3 Aibreán 1897 agus bhí sé ina leifteanaint sa Chéad Chogadh. Rinne sé staidéar in ollscoileanna Bonn agus Munich ar an gCeiltis, ar an bhfocleolaíocht chomparáideach agus an eitneolaíocht agus bhain sé D.Phil amach i 1925 faoi Rudolf Thurneysen. Foilsíodh a thráchtas (‘Syntax der irischen Begründungssatze’) in Zeitschrift für celtische Philologie XVIII, 1929-33 (Bibliography of Irish Philology and manuscript literature; publications 1913-1941, 1942 le R. I. Best). I 1930 ceapadh mar chúntóir ag Thurneysen é. Ó 1933 amach bhí sé páirteach san obair ar Hessens Irische Lexikon. Chuir an Naitseachas agus an dara cogadh bac ar a chuid oibre agus rinne dochar dá shláinte; Giúdaigh ba ea cuid dá mhuintir. Is é a deirtear in Irish Times 16 Samhain 2002: ‘He had been decorated for his military service in the first World War. But because he was part Jewish, he was forced to abandon his academic career and go into hiding when the Nazis came to power’. ‘The deprivations of that period took their toll and in later years his health was never strong. After the war he was reinstated and became professor of Celtic Philology at Bonn ...’ (Mac Eoin).

Ó 1953 bhí sé ina chomheagarthóir ar Zeitschrift für celtische Philologie agus sa bhliain chéanna bhí sé ar bhunaitheoirí an Chumainn Ghearmánach-Éireannaigh agus toghadh ina uachtarán acu é. Ó bhí sé ina mhac léinn thugadh sé cuairteanna ar Éirinn agus phós sé Éireannach, Caitríona Ní Chríocháin, i 1959. D’éag sé 22 Meitheamh 1965. Deir Gearóid S. Mac Eoin: ‘Hertz was one of those scholars who communicate their ideas and insights in the intimate atmosphere of the seminar and in personal conversations rather than in publications. In this he resembled the Irish scholar whom he most admired, the late Michael O’Brien, and he tended to ridicule those who rush too eagerly into print. Hertz had a very sound knowledge of his subject. His lectures were detailed expositions of difficult Early Irish texts and it was in the performance of this task, as well as in his conscientious criticism of the work of others, that he seemed to fulfil himself and make best use of his great knowledge. … Hertz was a systematic worker and accomplished much that never saw the light of print.’ Deir Schmidt: ‘His unique knowledge of Old and Middle Irish was unparalleled amongst German-speaking scholars, and he was one of the few whose research centred around questions concerning the comparative grammar of Celtic and other Indo-European languages…. He was by nature very thorough, and he devoted his whole life to the solution of various problems in his chosen field of study; but because of his critical acumen and his very high standards he could not bring himself to believe that many of his conclusions could be regarded as final. This and his complete disregard for easily-won laurels were the reasons for his reluctance to publish.’ Níl liostaithe ag Best agus Baumgarten ach trí alt, an chéad cheann i 1929 agus an ceann deiridh i 1955.

Tá cuntas iarbháis ar a bhanchéile in Irish Times 16 Samhain 2002 faoin teideal ‘Caitríona Hertz-Wandersleb: “Unofficial” Irish ambassador in Bonn’. Rugadh í 26 Eanáir 1919. Cigire iarnróid a hathair Aidan Crean agus ba í Margaret O’Byrne a máthair. I nDún Búinne, Co. na Mí, a bhí cónaí orthu. Deirtear gur bhall de Chonradh na Gaeilge í, go raibh an teanga go líofa aici agus gurbh amhránaí, cláirseoir agus rinceoir í agus gur bhuaigh sí duaiseanna ag feiseanna. Múinteoir corpoiliúna i gColáiste Dhún Chéirí ba ea í. Ag pointe éigin tar éis a pósta thosaigh sí ag múineadh Gaeilge in Ollscoil Bonn. Tamall de bhlianta i ndiaidh bhás Hertz phós sí Herman Wandersleb, ailtire agus duine ceannasach i bpolaitíocht na hIar-Ghearmáine. D’fhill sí ar Éirinn i 1999, í ina baintreach arís, agus bhí ag cur fúithi i gCluain Aodha, Co. na Mí, agus is ann a d’éag sí 28 Deireadh Fómhair 2002.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú