I Yokohama sa tSeapáin a rugadh an scoláire Gaeilge seo ar 17 Nollaig 1895. Ba iad Edward Vernam Hull, taidhleoir Meiriceánach, agus Eleanor Nunnemacher a thuismitheoirí. Bhí siad saibhir agus ba é Vernam an t-aon leanbh a bhí acu. Cailleadh an t-athair go hóg agus thosaigh Vernam agus a mháthair ag taisteal ar fud an domhain, nós a raibh sé tugtha dó ar feadh a shaoil. Fuair sé oideachas i Scoil Bedales i Hampshire, Sasana. Sa Chogadh Mór bhí sé ina shaighdiúir singil in arm na Stát Aontaithe ag troid ar fhrontaí sa Fhrainc. Is annamh a labhraíodh sé le haon duine i dtaobh cúrsaí a shaoil ach ba chuimhin lena mhic léinn ócáid amháin: ‘On one unexpected occasion in discussing a passage in an Early Welsh text, as a result of his own combat experience in France, he was led to remark to his startled students that those who have watched men die in battle will recognise the aptness of the Welsh sentence, “The heels of the stricken warriors beat upon the ground”.’ (Faculty of Arts and Sciences: Memorial Minute 11 Márta 1976).

Bhain sé a chéim BA amach i 1918 agus chláraigh mar chéimí i Roinn an Bhéarla in Harvard an bhliain dár gcionn go bhfuair céim mháistir i 1921 agus dochtúireacht (‘The English and Welsh sources of Drayton’s Polyolbion’) i 1926. Ba é Fred Norris Robinson a mhúscail a spéis sna teangacha Ceilteacha agus is faoi stiúir Robinson a scríobh sé a thráchtas. Chuaigh sé ansin go dtí Ollscoil Bonn mar John Harvard Travelling Fellow agus rinne staidéar ar an tSean-Ghaeilge faoi Rudolf Thurneysen. Bhí sé ar dhuine de thiomsaitheoirí agus d’eagarthóirí Hessens Irisches Lexicon. Thugadh sé cuairt go minic ar Éirinn agus bhí labhairt na Gaeilge aige. Tuairiscítear (idem) gur iarr sé ar chomhghleacaí a bhí chun cuairt a thabhairt ar Éirinn a dhea-mhéin a chur in iúl do ‘a certain informant in Kerry who years before had been his own first instructor in the living oral Irish tradition’. Is cosúil gurbh é Seán Ó Dálaigh a bhí i gceist.

Faoi 1933 bhí post aige in Ollscoil Michigan agus bhí sé ina scrúdaitheoir Fraincise agus Gearmáinise agus ina bhall d’fhoireann eagarthóireactha Middle English and Early Modern English Dictionaries sa choláiste. I 1940 fuair sé post in Ollscoil Nua-Eabhrac agus ceapadh é ina Ollamh le Béarla ann i 1948 agus bhí cúrsa sna teangacha Ceilteacha á stiúradh aige freisin. Ceapadh ina Ollamh le Teangacha Ceiltise i Harvard é i 1950 agus ina chathaoirleach ar Roinn na dTeangacha agus na Litríochta Ceiltise. Ba é an t-aon duine amháin sa Roinn é: ‘Professor Hull ran his department single-handedly and certainly without any hint of expansionist ambitions. He asked for no secretarial assistance. He resolutely steered graduate students away from taking a Ph.D. in Celtic and advocated that they remain in a safe field such as English’ (idem). D’éirigh sé as a phost i 1962 agus bhí sé ina ollamh emeritus ansin. Dúradh ag an am go raibh beartaithe aige graiméar Sean-Ghaeilge a scríobh. Bhronn Ollscoil na Breataine Bige D. Litt. air i 1963 agus maoiníodh léacht ina onóir in Harvard i 1969.

Phós sé Else Klara Brede in Bonn ar 30 Lúnasa 1939. Ní raibh sliocht orthu. Bhí cónaí orthu ag 993 Memorial Drive, Cambridge, Mass. D’éag sise i 1964. D’éag Vernam Hull ar 19 Eanáir 1976. D’fhág sé breis agus milliún dollar agus a leabharlann le huacht ag Ollscoil Harvard. As an airgead sin a bunaíodh an Ella Hull Fund i gcuimhne a mháthar. Leag sé coinníoll amháin síos: ‘The term Celtic is not to be construed to include Anglo-Irish’. D’fhág sé airgead freisin ag Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath agus ag Ollscoil na Breataine Bige.

Tá liosta fada dá ailt in Bibliography of Irish Philology and manuscript literature publications 1913-1941 le R. I. Best agus in Bibliography of Irish linguistics and literature 1942-71, 1986 le Rolf Baumgarten. I gcomhpháirt le Archer Taylor scríobh sé A collection of Welsh riddles, 1942 agus A collection of Irish riddles, 1955. Nuair a foilsíodh Longes Mac n-Uilean: the exile of the sons of Uislin, 1949 bhí léirmheas ag Máirín Ní Dhálaigh in Béaloideas 19, 1949 : ‘The editor’s method has been to pass in review all the possible translations of each difficult passage, or, rather, all the possibilities that occur to him. This he does most painstakingly, but his judgement is not always equal to his industry and he frequently chooses a meaning that is not the correct one. At other times he apparently does not see the difficulties involved. A better knowledge of modern Irish might often have helped him’. Ach dúradh sa mhiontuairisc chuimhneacháin úd: ‘And, for a translator of Hull’s reliability, to state what he thought a text meant was a signal and reassuring service at a time when some academic wits were beginning to ask whether Old Irish had actually ever been a spoken language’. Ainmníodh é ina chomheagarthóir ar Zeitschrift für celtische Philologie i 1939 agus bhí sé ina eagarthóir ar The Journal of Celtic Studies (1950-58). In Zeitschrift für celtische Philologie, Language, Modern Language Notes, Celtica ... is mó a foilsíodh a shaothar.

Luaitear go minic a dhúnárasaí a bhí sé ach is léir go raibh acmhainn grinn aige. Deirtear sa mhiontuairisc chuimhneacháin gur casadh air bean óg ar línéar. Bhí sí ag tathant air cluiche fichille a imirt ach dhiúltaigh sé: ‘. . . he confessed... that his doctor had advised him to give up playing chess lest the excitement of the game overstimulate his heart’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú