Eibhlín Nic Coill a thugadh sí uirthi féin freisin. ‘Ba bhean uasal í arbh fhéidir an seanainm Gaelach “Ioldána” a bhaisteadh uirthi’, a dúirt an Craoibhín in imleabhar de chuid Chumann na Scríbheann Gaeilge, Sgéalta Thomáis Uí Chathasaigh, a tiomnaíodh di. Rugadh Eleanor Henrietta ar 15 Eanáir 1860. Ba é an geolaí mór Edward Hull (21 Bealtaine 1829–19 Deireadh Fómhair 1917) a hathair agus is ag obair sa tsuirbhé geolaíoch ag an am a bhí sé. Ba í Mary Catherine Henrietta Cooke as Cheltenham i Sasana a máthair. Iníon dochtúra in Cheltenham a bhí inti ag am a pósta. Ceathrar iníonacha agus beirt mhac a saolaíodh di. Bhí cónaí orthu ag 147 York Street, Cheetham i gceantar Mhanchain. B’as Co. an Dúin do mhuintir Hull. Rugadh Edward i mbaile Aontroma. Ministir Protastúnach a athairsean, John Dawson Hull, fear a raibh cáil na filíochta air. D’éirigh le Edward bheith ina ollamh le geolaíocht i gColáiste Ríoga na hEolaíochta i mBaile Átha Cliath tar éis dó bheith i gceannas ar an Suirbhé geolaíoch roimhe sin. Ag 5 Bóthar Raglan, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí ar an teaghlach anuas go dtí 1890/91 nuair a d’aistrigh siad go Arundel Gardens, Notting Hill, Londain. In Reminiscences of a strenuous life (1910) tá scéal a bheatha inste aige. Cé gur fhoghlaim sé Gaeilge agus é ina mhac léinn is léir nach raibh aon bhá aige leis an náisiúnachas. Ar bhain dó féin amháin is cás leis ina dhírbheathaisnéis. Ní luann sé Eleanor cé go raibh cáil na scoláireachta uirthi le fada nuair a foilsíodh é.

I Manchain a rugadh Eleanor ach chaith sí a céad scór bliain i mBaile Átha Cliath. I gColáiste Alexandra agus i gColáiste Ríoga na hEolaíochta a fuair sí a cuid oideachais. Staindis Mac an Aodhaigh Ó Gráda a mhúin Gaeilge di. Mhair cairdeas fada eatarthu agus nuair a cailleadh é scríobh sí cuntas ar a shaol agus a shaothar in Studies. Dhírigh sí ar an léann Ceilteach faoi threoir Meyer, Pedersen agus Robin Flower. Rinne Eleanor freastal ar chúrsa Sean-Ghaeilge i Scoil Ard-Léinn na Gaeilge in 1909.

‘Nuair a bhí sí óg bhí an cháil uirthi go mba í an ceoltóir ab fhearr a bhí i mBaile Átha Cliath lena linn féin í’, a dúirt an Craoibhin. Sheinneadh sí an t-orgán. Ach bhí an dúspéis aici sa litríocht freisin agus i gcultúir thar lear, go háirithe i ngach rud a bhain le Críoch Lochlann. Íoslannach a bhí mar chailín aimsire aici. Thall i Londain bhí sí ina rúnaí ag an gCumann Ríoga Áiseach, ina ball de chomhairle an Chumainn Bhéaloidis agus ina huachtarán ar Chumann Liteartha na hÉireann. I gcomhar le Lionel Johnson bhí sí ina heagarthóir ar The Irish Home Reading Magazine in 1894 ach níor cuireadh amach riamh ach dhá uimhir de.

In 1898 foilsíodh The Cuchulain saga in Irish literature agus in 1904 Pagan Ireland agus in 1905 Early Christian Ireland. In 1906–8 foilsíodh A text-book of Irish literature (2 iml.) agus foilsíodh Cuchulain the hound of Ulster in 1909. Leabhair eile dá déantús ba ea The poem book of the Gael (1912), The Northmen in Britain (1913), A history of Ireland and her people (2 iml., 1926–1931) agus Folklore of the British Isles (1928). Bhí sí ina heagarthóir ar an tsraith Lives of the Celtic saints. Scríobhadh sí go rialta don Celtic Review, Literary World agus don Folklore Journal. Bhí sí ar fhoireann léirmheastóireachta The Times.

Bhí sí gníomhach i gCumann na Scríbheann Gaeilge ó cuireadh ar bun é in 1896. Bhí sí ina Rúnaí ag an gCumann ó 1898 go 1918 agus ainmníodh don phost arís í in 1928. Dúirt an Craoibhín: ‘Ón lá ar cuireadh Cumann na Scríbheann Gaeilge ar bun sheas sise lena thaobh, ina rúnaire onórach, ag freastal dó agus ag cúnamh leis, agus ón lá a tháinig a chéad leabhar amach sa bhliain 1899 níor sporáil sí a cuid ama agus a cuid oibre ag tabhairt aire dhó, ag míniú gach deacrachta as a shlí agus ag réiteach an bhealaigh roimhe. Bhí sí cóir carthanach cuirtéiseach agus is dóigh go mba iad na tréithre sin a bhí inti féin a threoraigh an Cumann ar bhóthar a leasa ón gcéad lá go dtí an lá ar cailleadh í’. Tá an méid seo a leanas i measc na nithe a dúirt Robin Flower ina taobh in Times (Londain) tar éis a báis: ‘It is difficult to exaggerate the debt of the Irish Texts Society, of which she was a founder, to her disinterested enthusiasm, ceaseless industry, and gracious and tactful gift in negotiation. The Society has published 29 volumes and Father Dinneen’s dictionary of modern Irish. From first to last she took an active part in all this work, and those who have been associated with her will for long feel the loss of her careful judgement and wise counsel.’

I ndiaidh a báis ar 13 Eanáir 1935 i Londain dúradh fúithi in eagarfhocal an Irish Times go raibh sí ar an dream beag dílis Protastúnach a sheas go láidir ar son na Gaeilge. ‘... her acquaintance with the Irish language was gained from the late Standish Hayes O’Grady. From that time all her energies were given to its advancement.... Irish scholarship will remember her as a woman who deserves well of her country’.

Beidh Eaglais na hÉireann faoi chomaoin aici go brách de bharr an chrutha fhileata a chuir sí ar an aistriúchán a rinne Mary E. Byrne ar ‘Rob tu mo bhoile a Comdi cride /Ni ni nech aile acht ri seacht nime ...’ (Éiriú 2, 89, 1905) ‘Be thou my vision, O Lord of my heart/Naught be all else to me, save that thou art ...’ (Irish Hymnal, Uimhir 322). In Scoláirí Léinn: Léachtaí Cholm Cille xxxv (2005) tá curtha go mór ag Pádraigín Riggs, ní hamháin leis an mbuneolas uirthi ach freisin le heolas ar chúrsa a saoil, ar a saothar, agus ar na daoine a raibh sí i gcaidreamh leo, ar a raibh de Ghaeilge aici.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú