Ar 2 Iúil 1880 ag 1 Rae Cavendish, Baile Átha Cliath, a rugadh í. Stáiseanóir ba ea a hathair Charles san am sin ach faoi 1901 is siopa nuachtán ag 35 Sráid Sackville Uach., a bhí aige, agus is ann a bhí cónaí ar an gclann. B’as Baile Átha Í, Co. Chill Dara, do Charles. Nuair a fuair sé bás 17 Márta 1909 bhí fógra i nGaeilge in An Claidheamh Soluis. Ba í Mary Doran, arbh i mBaile Átha Cliath a rugadh í, an mháthair. Bhí Angela, iníon eile, ina cónaí leo oíche an Daonáirimh. I 1911 ba í Mary a líon foirm an Daonáirimh isteach i nGaeilge.

Tar éis bheith ar scoil ag naDoiminicigh i Sráid Eccles rinne sí máithreánach na hOllscoile Ríoga agus tá a hainm i measc na mac léinn a cláraíodh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 1901. Bhí cuid mhaith Gaeilge foghlamtha aici cheana féin mar ar 26 Meán Fómhair 1902 bhí sí i measc na ndaoine ar bronnadh duaiseanna agus teistiméireachtaí orthu ag Cúirt Chuimhne an Phléimionnaigh i Halla na mBuachaillí, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Bhain sí amach céim mháistir 1905 le honóracha den chéad ghrád. Bhuaigh sí freisin bonn óir an tSainsailéara ar phrós Béarla. I 1905 freisin chuir sí a hainm le hachainí go gcuirfí scrúdú simplí Gaeilge ar iarrthóirí le haghaidh scoláireachtaí agus go bhféadfadh cailíní cur isteach orthu sin (An Claidheamh Soluis 18 Samhain 1905). Nuair a bhuaigh sí scoláireacht le haghaidh Scoil Ard-Léinn na Gaeilge an bhliain dár gcionn cuimhníodh go mba bhall den Chonradh i (idem 20 Meitheamh 1906). Bhí sí ar choiste Chraobh na gCúig gCúigí 1907. Bhí buíon Sean-Ghaeilge faoina cúram sa Chraobh sin ó Dheireadh Fómhair 1915 amach. Thoghfaí í ina Leas-Uachtarán ar an gcraobh ar ball.

Ba bhall í de choiste na mac léinn fad a bhí sí ag Scoil Ard-Léinn na Gaeilge, in éineacht le R.I.Best, Pádraig Ó Brolcháin, Seosamh Laoide, Máire Ní Chinnéide, James George O’Keeffe, Eoghan Ó Neachtain, agus Éamonn Ó Néill (BÁC).

Chaith sí tamall maith ag obair ar fhoclóir Gaeilge Acadamh Ríoga na hÉireann ón uair a ceapadh í féin agus Maud Joynt mar chúntóirí ag Marstrander i 1909. ‘... she was especially suited for work which was necessarily teamwork and which gave her plenty of opportunity for helping others’, dúirt Myles Dillon in Revue Celtique, XLVIII 1931. Tá a hainm le fasciculus G a foilsíodh 1955.

Chuir sí síos i nDaonáireamh 1911 go raibh sí ina hollamh le Fraincis agus go raibh obair thaighde ar siúl aici. Rinne sí obair ar chatalóg lámhscríbhinní an Acadaimh agus i gcomhar le Myles Dillon chuir sí Táin bó Fraích, 1933 in eagar. Bhí sí ag obair ag am a báis ar ‘Togail Troi’.

D’éag sí 19 Eanáir 1931 ag 124 Sráid Bhagóid, Íochtarach, Baile Átha Cliath. Deirtear in An Claidheamh Soluis 7 Feabhra 1931 gur tháinig taom breoiteachta uirthi i mí Lúnasa. Bhí sí i Londain an samhradh sin ag léachtóireacht ag an gComhdháil Cheilteach i dtaobh na mban i ndlíthe na mbreithiún. Tá sí curtha i nGlas Naíon. Bhunaigh an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ‘The Mary Byrne Medal for Early Irish Studies’ i gcuimhne uirthi.

Tá aistí agus aistriúcháin dá cuid in Revue Celtique, Ériu, Irish Monthly, Anecdota from Irish Mss, Journal of Theological Studies,.... Is ar a haistriúchán de ‘Rob tu mo bhoile’ (Ériu 2, 89 1905) a bhunaigh Eleanor Hull a hiomann ‘Be thou my vision’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú