Ba é Eagarthóir an Ghúim é sna blianta táirgiúla sin ó dheireadh na 1920idí amach agus, ó 1940 go 1954, bhí sé ina Chláraitheoir ag Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus cúrsaí airgeadais mar chuid dá chúram. Mac ba ea é le Frainc Dhónaill Phroinsiais Mac Grianna agus Róise Ní Dhufaigh (Róise Pheadair Eoin). Is mar seo atá tuairisc ar an teaghlach seo Rann na Feirste i nDaonáireamh 1901: Francis (45), feirmeoir a raibh Gaeilge agus Béarla aige; Rose (36) nach raibh léamh aici; Daniel (7), dalta scoile; Peter, (5); Bridget (4); Mary 3; Edward (1).

Phós Daniel Greene, Bóthar Lindsay, Glas Naíon, Catherine Darcy, 36 Bóthar Addison, in Eaglais Naomh Pól, Cé Árann, Baile Átha Cliath, 31 Lúnasa 1921. Múinteoir ba ea Domhnall, de réir an taifid, agus is mar seo a shaighneáil sé a ainm: ‘Donal Ó Grianna (D. Greene)’. Deir Liam Prút in Irisleabhar Mhá Nuad 1996-97, 1997 (‘Cúrsaí Aistriúcháin an Stáit’) gur aistríodh é ó Rannóg Aistriúcháin Thithe an Oireachtais go dtí An Gúm i 1931 ach shílfeá ó thagairtí do chomhfhreagras in Seán Mac Maoláin agus Ceart na Gaeilge, 2003 le Gearóidín Uí Laighléis go raibh sé sa Ghúm faoi 1929. Bhí alt ina thaobh in Sunday Independent 22 Iúil 1934 ag Cathal Ó Tuathail agus deir sé gur chaith Domhnall tamall maith mar ‘ollamh’ i meánscoileanna i mBaile Átha Cliath ag teagasc cúrsaí onóracha Gaeilge. Bhíodh sé ag teagasc freisin i gColáiste Laighean, i gColáiste Chloch Cheann Fhaolaidh agus i gColáiste Theilinn. Ba mhór a shuim sa Ghàidhlic. Bhí sé ar dhuine den bheirt mhúinteoirí a roghnaíodh chun clár oideachais a leagan amach thar ceann Aireacht na Gaeilge sa Chéad Dáil. Deir Ó Tuathail freisin gurbh é a bhunaigh Humanitas (1930-31), gur sa státseirbhís a bhí sé ó 1923 amach agus gur ceapadh é ina Eagarthóir sa Ghúm i 1929. Meastar gur ar thaobh an tSaorstáit a bhí Domhnall agus gur bhain teannas dá réir leis an gcaidreamh a bhí aige sna luath-thríochaidí le scríbhneoirí mar Sheosamh Mac Grianna. Nochtadh tuairim gur aistrigh sé úrscéal don Ghúm ach féach an nóta faoi Dhomhnall Ó Grianna, a chol ceathar, san aguisín ‘Ceartúcháin agus breis eolais’. Ó 1931 go 1955 bhí cónaí ar an teaghlach ag 31 Bóthar Eglinton, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath, de réir eolaire Thom, agus sa leabhar sin cuirtear MA agus BL le hainm Dhomhnaill. ‘Mac Grianna’ a thugtar air san eolaire sin.

Ag an gcéad chruinniú de Chomhairle na hInstitiúide 15 Deireadh Fómhair 1940 ceapadh go sealadach ina Chláraitheoir é agus ar iasacht ón Roinn Oideachais a bhí sé. An Dr Pádraig de Brún, Cathaoirleach na Comhairle, a bhí i gceannas an chruinnithe. An Dr Arthur Conway, Uachtarán an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a mhol go gceapfaí é, agus chuidigh Eoin Mac Néill leis an rún. Ba iad na daoine eile ag an gcruinniú: W. E. Thrift, Propast Choláiste na Tríonóide; D. A. Binchy ; an tOllamh Felix Hackett, cara le James Joyce daichead bliain roimhe sin; Erwin Schrödinger, eolaí cáiliúil a bhí ar dhuine de dhuaiseoirí Nobel i 1933; R. I. Best. Rinneadh an ceapachán sealadach a dheimhniú 25 Aibreán 1941 agus deimhníodh arís é 14 Samhain 1941. Bhí comhráití ar siúl i rith an ama leis an Roinn Oideachais agus an Roinn Airgeadais agus ar deireadh ceapadh é i bpost buan 30 Márta 1942. £800 an tuarastal a bhí aige. Ag cruinniú den Chomhairle 27 Bealtaine 1954, tar éis tuairisc a fháil ó iniúchóir seachtrach, cinneadh go n-iarrfaí ar an dá roinn sin aontú le deireadh a chur lena fhostaíocht san Institiúid. Fuarthas suim mhaith airgid, tuairim £3,000 a dúradh i nuachtáin, a bheith ar iarraidh ó chuntais na hInstitiúide. Bhí sé ciontach in ‘Grave misconduct’, dar leis an gcruinniú. In ainneoin gur chúitigh sé cuid éigin dá raibh ar iarraidh, cuireadh an dlí air agus gearradh téarma príosúnachta air sa chúirt. Ba chuimhin leis an údar Pádraig Ó Baoighill é a bheith ag múineadh i gColáiste Ros Goill tuairim 1958 agus is dóigh go raibh sé in ann teacht i dtír ar chuma éigin ina dhiaidh sin trí obair mar sin a dhéanamh; chraoladh sé ‘nuachtchainteanna’ raidió faoi ainm cleite.

Tá an fógra báis i nGaeilge agus i mBéarla in Irish Independent agus in Scéala Éireann 7 Eanáir 1972: ‘Dónall Mac Grianna [Donal Greene], céile dílis Chaitlín . . .’. Bhí cónaí air ag 53, The Rise, Mount Merrion. Ní léir aon nóta a bheith in Donegal Democrat. Tá an t-eolas seo ar leac uaighe i reilig Redford, na Clocha Liatha: Donal Greene a d’éag 6 Eanáir 1972; a bhean Kathleen Darcy a d’éag 13 Nollaig 1973; a n-iníon Fionnuala a d’éag 24 Lúnasa 1996, aois 63; Frank (‘Proinsias’) a d’éag 6 Iúil 1999, aois 77. I nGaeilge atá an ghuí ag bun na lice. Le muintir Darcy an dá uaigh is gaire. Feirmeoirí saibhre agus grásaeirí muc sa cheantar sin ba ea muintir Darcy; bhí fear díobh pósta ar dheirfiúr le Davy Frame, duine de na tionsclaithe ba mhó in Éirinn lena linn. Bhí mac eile ag Dónall agus Caitlín agus beirt eile iníonacha.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú