Duine de scéalaithe móra Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall. I dTóin an Bhaile a rugadh é 24 Meitheamh 1899. Uncail dó ba ea Féilimí Dhónaill Phroinsias, athair Shéamuis Uí Ghrianna. Uaidhsean, óna athair féin, Frainc Dhónaill Phroinsiais, agus ó Shorcha Chonaill a d'fhoghlaim sé cuid mhór dá sheanchas agus dá scéalta. Ba í Róise Ní Dhufaigh (Róise Pheadair Eoin) a mháthair. Bhí triúr deartháir aige (Peadar, Seán agus Domhnall-an fear a bhí ina Chláraitheoir ó 1940 amach i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath) agus triúr deirfiúracha (Bidí, Máire, Sally).

I ndiaidh bunscolaíochta i Rann na Feirste chuaigh sé a sclábhaíocht 'ar an Lagáin': i nGleann Lairc, i nDroichead Lios na Caoraíochta agus i nDroim Cuinn. 'Ní raibh dúil ar bith aige ann. Bhí an éirí luath (a ceathar a' chlog ar maidin !), an obair garbh agus pá suarach go leor', a deir Pádraig Ó Baoighill (Déirdre, Aibreán-Bealtaine 1977). Chaith sé trí shéasúr in Albain gur cheannaigh sé féin agus a dheartháireacha feirm bheag i Loch an Iúir. Nuair a phós sé Treasa Ní Chonaill ó na Cnoic, Leitir Chatha, chuaigh sé chun cónaithe i dteach a mhuintire i Rann na Feirste. Rugadh clann mhór dóibh ach níor mhair ach ochtar, ceathrar mac agus ceathrar iníonacha.

Bhí sé ar dhuine de sheanchaithe Choláiste Bhríde agus bhuaigh an chéad áit sa scéalaíocht ag Oireachtais cúpla babhta. Roghnaíodh é le bheith páirteach sna hOícheanta Seanchais i Halla Damer. Bhí sé ina bhall de chomplacht aisteoirí Rann na Feirste. D'éag sé 26 Eanáir 1982 agus tá sé curtha in Anagaire.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú