Tá cuntas ar an scoláire seo: ag Morfydd E. Owen in Studia Celtica 22-23, 1987/8, mar aon le leabharliosta; ag Kenneth W. Nicholls agus Pádraig Ó Riain in Peritia 3, 1984; in Scoil an Léinn Cheiltigh: Tuarascáil Leathchéad Blian. . . , 1990. Sa tSráid Mhór, an Ráth, Co. Chorcaí, a rugadh í ar 25 Deireadh Fómhair 1910. Bhí a hathair Patrick ina Chléireach ag Comhairle an Cheantair (nuair a phós sí William O’Sullivan, leabharlannaí 11 Aibreán 1950 in Eaglais Naomh Aindriú, Baile Átha Cliath, cuireadh síos sa taifead gurbh é Patrick Cronin, Cléireach na Comhairle Cheantair, a hathair agus gurbh é Christopher O’Sullivan, ceannaí, athair William). Ba í Kate Moran a máthair. Deir Owen gur cuireadh meánoideachas uirthi sa Chlochar Ursalach i mBré ach ní raibh a léithéid de chlochar sa bhaile sin riamh; b’fhéidir gurbh i gClochar Loreto, Bré, a bhí sí. I gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, bhí Eoin Mac Néill, Osborn Bergin, R.A.S. Macalister, Gearóid Ó Murchadha agus John Lloyd-Jones mar lucht teagaisc aici. Ghnóthaigh sí BA le honóracha den chéad scoth sa Léann Ceilteach in 1931, agus céim mháistir in 1933 lena tráchtas ar fhoinsí Chéitinn in Foras Feasa ar Éirinn; tá ‘The Sources of Keating’s History of Ireland’ i gcló in Éigse, geimhreadh 1944 [1945] et seq. Thug scoláireacht taistil go Críoch Lochlann í agus rinne sí staidéar ar bhéaloideas, ar an Sean-Ioruais agus ar litríocht chomparáideach in ollscoileanna Lund, Uppsala agus Osló; bhí Carl Von Sydow [B7, lch 201] ar dhuine dá hollúna. Chaith sí bliain i bPáras ag déanamh staidéir ar theangeolaíocht faoi Joseph Vendryes agus ar litríocht mheánaoiseach na Laidine. D’fhoghlaim sí labhairt na Breatnaise in Talysarn. In éineacht leis an Athair Donnchadh Ó Floinn thugadh sí cuairt ar Chléire agus ar feadh a saoil bhí comhfhreagras aici le cairde san oileán. Agus í fós ina fochéimí bhí sí ag bailiú ábhair ina dúiche féin agus foilsíodh é in 1930 in Béaloideas.

Bhí sí ina heagarthóir cúnta ar an sraith Leabhair ó Láimhsgríbhnibh, faoi eagarthóireacht Ghearóid Uí Mhurchadha, ó 1939 go 1942 agus chuir sí eagar ar Eachtra Ridire na Leomhan (1952) agus ar Beatha Chríost (1952). Bhí baint aici le foilsiú Duanaire Finn 111, 1953. ‘As is clear from its title page, several other scholars were also involved in the preparation of this volume, including Anne Cronin who corrected proofs variously in Dublin, Sweden and Paris, and who spent many hours working on the index’ (Irish Texts Society: The First Hundred Years, 1998 in eagar ag Pádraig Ó Riain). Bhí cónaí uirthi tamall i dteach mhuintir Mhurchadha agus lean cairdeas eatarthu.

Ó 1942 go 1966 bhí sí ag obair in Acadamh Ríoga na hÉireann mar eagarthóir ar Dictionary of the Irish Language. Bhí baint aici le seacht bhfascúl den fhoclóir. ‘Lexicographers, particularly those working as members of a team sponsored by an academic institution, are very rarely in the public eye, and those years spent working chiefly under the leadership of the meticulous E.G. Quin must have given Neans and her colleagues an almost unrivalled knowledge of the Irish language’ (Owen). Bhí sí ina léachtóir cuairte sa Mhoch-Ghaeilge in Ollscoil Londan 1953-54 agus ina scrúdaitheoir sa Cheiltis ann anuas go 1964. Ainmníodh ina ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann í in 1967. Tá tuairim ann nach rómhaith, b’fhéidir, a bhí sí ag réiteach le lucht an fhoclóra. Ó 1967 amach is ag obair i Scoil an Léinn Cheiltigh a bhí sí agus chuidigh sí le Daniel Binchy chun a Corpus Iuris Hibernici a ullmhú; ‘. . . and indeed without her help it is unlikely that it would have been published when it was’ (Owen). Cé gur shroich sí aois phinsin 11 Deireadh Fómhair 1975 lean sí uirthi i bpost sealadach san Institiúid go deireadh 1983. D’fhéach Binchy chuige gurbh í a chuirfeadh eagar ar an imleabhar deiridh de The Book of Leinster formerly Lebor na Núachongbála (1983). Bhí Poems on Marcher Lords, á ullmhú aici do Chumann na Scríbheann nGaedhilge. Chuir Pádraig Ó Riain críoch leis agus foilsíodh é 1987. Scríobhadh sí aistí agus léirmheasanna in Éigse, An Sagart, Journal of the Royal Society of the Antiquaries of Ireland, Celtica ….

Bhí a fear céile William ina choimeádaí ar lámhscríbhinní Choláiste na Tríonóide. Bhí spéis aici in Edward Lhuyd agus chuir sí féin agus William réamhrá le heagrán 1971 de Archaeologia Britannica. Scríobh siad freisin an t-alt ‘Edward Lhuyd’s Collection of Irish Manuscripts’ in Transactions of the Honourable Society of the Cymmrodorion, 1962. Bhí catalóg de lámhscríbhinní Lhuyd á hullmhú aici sular cailleadh í. ‘Between them Billy and Neans O’Sullivan added a new dimension to the understanding of many Irish books. . . . Shrewd, humorous and lively, she and Billy formed a special entity in Dublin Society. Their interests were many, including gardening, walking and the arts no less than manuscripts. Both had a gift for friendship. Their hospitality to visitors to Dublin, students, scholars and others, was proverbial. Neans maintained her connection with friends and acquaintances from all periods of her life and from all walks of life. She kept up with fellow-students from Paris and Scandinavia, students like myself whom she befriended in Dublin in the early sixties and the friends of students’ (Owen). Ag tagairt dá saol fada oibre deir Nicholls agus Ó Riain: ‘While still a student Anne Cronin, as she then was, published in Béaloideas 2-3 (1930, 1931) specimens of folklore she had collected in her native district of Charleville, thus beginning a career of tireless research and publication which was to span over fifty years and which culminated in 1983 in the meticulously edited final volume of the diplomatic text of the twelfth-century Book of Leinster.’ Bhí cónaí orthu ag Harbourne, Bóthar Torquay, Carraig an tSionnaigh, Baile Átha Cliath. D’éag sí 6 Meán Fómhair 1984 agus tá sí curtha i Reilig Ghráinseach an Déin. Luadh deirfiúr agus deartháir. D’éag William O’Sullivan ar 31 Nollaig 2000.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú