Rugadh é ar 21 Nollaig 1878. Bhí sé ar dhuine de scoláirí móra béaloidis an domhain agus ba é faoi deara an fás a tháinig ar an staidéar comparáideach ar bhéaloideas ó 1927 amach. Ar litreacha, ar dhialanna agus ar ábhar eile i gcartlanna a bhunaigh an tOllamh Bo Almqvist a chuntas cuimsitheach i léacht dar teideal ‘C. W. von Sydow agus Éire: Scoláire Sualannach agus an Léann Ceilteach’, léacht a foilsíodh in Béaloideas 70, 2002. Tá i bhfonóta ann liosta d’ailt ar shaol agus ar shaothar an scoláire sin. Cé gur chuir sé spéis i gcur chun cinn na Gaeilge agus i gcúrsaí na hÉireann i gcoitinne, níor foilsíodh in Éirinn an cineál ómóis atá le léamh ar scoláirí Gaeilge eile ón gcoigríoch; an fáth a bhí leis sin, b’fhéidir, nár theangeolaí ná scoláire litríochta é.

Fiú agus é ina fhochéimí bhí beartaithe aige gurbh é an béaloideas a rogha ábhair léinn. Bhí sa Danmhairg cheana féin scoláirí a thuig a thábhachtaí a bheadh béaloideas na hÉireann sa staidéar comparáideach a dhéanfaí. I leabharlann duine de na scoláirí sin, H. F. Feilberg, chuir von Sydow eolas ar luathbhailitheoirí mar Patrick Kennedy (1801–73) agus Thomas Crofton Croker; d’fhoilsigh sé timpeall an ama sin aistí i dtaobh an tionchair Éireannaigh atá le brath ar sheanscéalta Eorpacha. I 1917 tugadh dó scoláireacht chun staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge faoin scoláire Carl Marstrander. In earrach 1920 mhol an scoláire sin dó tamall fada a chaitheamh in Éirinn agus chaith sé trí sheachtain i mBaile Átha Cliath i mBealtaine 1920 sular thug sé aghaidh ar Bhaile an Fheirtéaraigh. D’fhreastail sé ar chúrsa i gColáiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh an samhradh sin agus d’fhill ar Bhaile an Fheirtéaraigh ar 12 Lúnasa agus chaith coicís sa Bhlascaod gur chuir aithne ar Thomás Ó Criomhthain, ar Pheig Sayers, ar Mhicheál Ó Gaoithín agus ar scéalaithe eile. D’fhan ardmheas agus cion air i measc na n-oileánach; thaitin go mór leo an rince Sualannach a mhúin sé dóibh agus d’fhan cuimhne i measc seandaoine ar an gcaoi a gcaitheadh sé leanaí in airde san aer. Bhí spéis ar leith aige sa ghrianghrafadóireacht agus tá pictiúir a thóg sé san oileán i gcló in Allagar na hInise, 1977 le Tomás Ó Criomhthain agus in The Blaskets: a Kerry Island library, 1987 le Muiris Mac Conghail.

Faoin am seo bhí sé in ann é féin a thomadh i mbéaloideas na hÉireann. Foilsíodh sa tSualainnis i 1921 aistriúchán a rinne sé ar Séadna le Peadar Ó Laoghaire agus ba é an chéad saothar liteartha Gaeilge sa teanga sin é. Bhí meas ar leith aige ar an Athair Peadar agus bhí Aithris ar Chríost mar chara cléibh aige i rith a shaoil; ar mhaithe leis an mbeagán Caitliceach i Lund a d’aistrigh sé cuid de sheanmóirí an tsagairt. D’aistrigh sé aistriúchán ar bheagán de Peig i 1938 agus níor dhearmad cibé táille a fuair sé a thabhairt don údar. Foilsíodh rogha beag dá aistriúcháin ón nGaeilge in Fionns äventyr och andra iriska sagor, 1953 in eagar ag Jan-Öjvind Swahn. I 1924, in Ollscoil Lund, ba é an chéad scoláire riamh é sa tSualainn a bhí ag múineadh Gaeilge in ollscoil; chuir sé ar fáil dá mhic léinn foclóir lámhscríofa Gaeilge-Sualainnise. D’éag a bhean i Márta 1924 ach bhí sé ar ais i mBaile an Fheirtéaraigh agus sa Bhlascaod samhradh na bliana sin.

Cuireadh tús leis an gCumann le Béaloideas Éireann i 1926–7. Chuir an Seabhac [Pádraig Ó Siochfhradha] sin in iúl dó agus socraíodh go dtabharfadh sé léacht ar thábhacht an bhéaloidis i gcoláistí oiliúna na múinteoirí (tá téacs an léachta i Roinn Bhéaloideas Éireann). Bhuail sé le Séamus Ó Duilearga den chéad uair ar 1 Iúil 1927 agus ba é is mó a d’áitigh gurbh eisean an duine ab oiriúnaí chun dul i gceannas ar bhealóideas a bhailiú, agus ba é go háirithe a thug ar uachtarán an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Donncha Ó Cobhthaigh, ligean don Duileargach dul chun na Sualainne a dhéanamh staidéir ar mhodhanna bailithe béaloidis agus ar an tSualainnis. ‘D’fhill an Duileargach ar Bhaile Átha Cliath agus é ina scoláire béaloidis cruthanta’ (Almqvist). Ina dhiaidh sin thugadh sé poiblíocht dá raibh ar siúl in Éirinn maidir le béaloideas. Bhí sé ina oide múinte freisin ag daoine mar Sheán Ó Súilleabháin (d’éag 1996), Máire Nic Néill (d’éag 1987) agus Áine Ní Chróinín (d’éag 1984). Chuir an Duileargach agus é féin na céadta litreacha chun a chéile. Bhronn Ollscoil na hÉireann céim dochtúra air i 1937. Dhíol sé tuairim 2,000 dá leabhair agus d’ábhar eile le leabharlann Choimisiún Béaloideasa Éireann i 1950. Chuir cogadh 1939–45 bac ar aon chuairt ar Éirinn ach in ainneoin drochshláinte tháinig sé arís i 1948. D’éag sé ar 4 Márta 1952 agus bhí Ambasadóir na hÉireann ina shochraid. Mac leis is ea an réalta scannáin Max von Sydow. (Tá na húdair fíorbhuíoch den Ollamh Almqvist faoi chóip dá léacht a thabhairt dúinn.)

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú