Cé go raibh mná eile ag taisteal ar son na teanga is í Eibhlín an t-aon bhean amháin i liosta de thríocha múinteoir taistil ag Aindrias Ó Muimhneacháin ina leabhrán Na múinteoirí taistil, 1966.

Rugadh Eibhlín (Ellen) Ní Chróinín i gCéim Chorrbhuaile i gceantar Bhéal Átha an Ghaorthaidh 2 Lúnasa 1879. Ba iad Conchubhar Ó Cróinín, feirmeoir, agus Gobnait Ní Luasa (Abigail Lucy) a tuismitheoirí. I nDaonáireamh 1901 cuireadh síos go mba scoláire í Ellie Cronin a raibh bliain is fiche d’aois aici, agus gur ‘feirmeoir agus sclábhaí’ an t-athair. Bhí ceathrar deirfiúracha ag Eibhlín. Tá an méid seo ag Peadar Ó hAnnracháin faoi dhuine díobh in Fé bhrat an Chonnartha, 1944: ‘Ní dóigh liom gur tógadh aon chlann sa cheantar chomh Gaelach le clann dheirfiúr an Eibhlín chéanna. De mhuintir Chríodáin iad san agus ní foláir nó chuadar faoi anáil Eibhlín agus iad an-óg. Ní castaí a sárú linn ag na feiseanna ...’.

Tar éis bunscolaíochta i mBéal Átha an Ghaorthaidh chaith sí tamall ina monatóir i gCill na Martra agus ina seanscoil féin. Nuair a bhí post múinteora le líonadh ag Craobh Chill Chainnigh de Chonradh na Gaeilge i bhfómhar 1901 is di a tairgeadh é. Tharla sin ar an gcuma seo. Bhí fear ó Bhaile Mhistéala ar choiste na Craoibhe, Tadhg Ó hAnnracháin, agus chuaigh seisean i gcomhairle lena lucht aitheantais i gCorcaigh agus ba iad a d’aimsigh Eibhlín dó. ‘Ní raibh Eibhlín ach 17 mbliana nuair a tháinig sí [go Cill Chainnigh]; ní raibh aon Bhéarla aici agus dá bhrí sin b’éigean di leathbhliain a chaitheamh á fhoghlaim ag Clochar na Toirbhirte sula bhféadfadh sí tosnú ar Ghaeilge a mhúineadh’ (Seán Ó Briain, ‘Obair na hAthbheochana i gCill Chainnigh’, Feasta, Bealtaine 1993). Bhí i ndán di breis agus trí scór bliain a chaitheamh ina múinteoir Gaeilge agus ina heagraí i gCill Chainnigh. Rud a d’fhan i gcuimhne mhuintir Chill Chainnigh faoin gcaoi ar tháinig sí an chéad lá gur cuireadh píosa de bhréidín a cóta ar aghaidh roimpi go Cill Chainnigh, más fíor, chun gurbh fhéidir í a aithint sa stáisiún.

Chabhraigh sí chun aeríocht 1903 a eagrú sa chathair agus bhí baint mhór aici freisin le Feis Chill Chainnigh a chur ar siúl den chéad uair, i 1904. Ní sa chathair amháin a bhí ranganna aici ach sna bailte beaga a dtéadh sí ar a rothar siar agus siar ó thuaidh chucu: Baile Sheáin, Achadh Úr, Tulach Ruáin, Áth na nUrlainn, Callainn, Tobar Eoin, Baile Uí Shé, Dún Mór. Ach gach samhradh bhí deis aici filleadh abhaile. Bhain sí teastas múinteora amach i gColáiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh i 1904, an bhliain a osclaíodh é. Ó 1907 ar feadh daichead bliain bhí sí ar fhoireann an Choláiste agus cúram na Scoile Samhraidh do thosaitheoirí uirthi sna blianta tosaigh. ‘There is no need to praise Eibhlín’s teaching powers as all who came to the School last year pronounced her a “wonder”’ (An Claidheamh Soluis 24 Iúil 1909).

Craobh ar leith ba ea an ceann i gCill Chainnigh agus b’fhéidir gurbh ar an ábhar sin a bhí stádas ar leith ag Eibhlín. Thagadh Dubhghlas de hÍde, an Dr de Hindeberg agus an tAthair Fielding chun léachtaí a thabhairt. Baill choiste ba ea Ellen Cuntaois an Dísirt, Otway Cuffe agus Tomás Mac Donncha. Cuid eile den seanchas faoi Eibhlín gurbh í amháin a thugadh aire don seomra i dTeach an Rútaigh mar a mbíodh Tomás, bhí an oiread sin ómóis aici dá chuimhne. Ní raibh cead glanta na scríne seo ag aon duine eile.

Deirtear go raibh sí cairdiúil le E.T. Keane, eagarthóir an Kilkenny People – ba bhall de choiste na Craoibhe é tráth – agus go dtugadh an páipéar ardchúnamh di, go háirithe i rith Chogadh na Saoirse.

I 1953 nuair a bhí breis is leathchéad bliain curtha isteach aici i gCill Chainnigh cuireadh ceolchoirm ar siúl ann le barr measa uirthi agus tháinig Ceolfhoireann Éadrom Radio Éireann ann, agus Cór Chois Laoi. Ach níor éirigh sí as a post go dtí 1963. D’éag sí in Ospidéal N.Antoine i nDún Mánmhaí, Co. Chorcaí, ar 9 Deireadh Fómhair 1964 agus tá sí curtha i Reilig Inse Geimhleach. Ar 22 Samhain 1970 ag Teach an Rútaigh nocht Aindrias Ó Muimhneacháin plaic ina cuimhne agus i gcuimhne Thaidhg Uí Annracháin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú