Bhí beirt den ainm seo timpeall an ama chéanna: an fear áirithe seo, Tiarna Inis Ceithleann, mac Chonchubhair Rua, a thug pátrúnacht do na Ceithre Máistrí, agus arbh é an Machaire Steafánach, Fear Manach, a áit chónaithe; agus Brian Mag Uidhir (c.1585–1655), mac Chúchonnacht, an tIompú Deiseal, Co. Fhear Manach, ar dheartháir é le Cúchonnacht óg Mag Uidhir, tiarna Fhear Manach, a bhí rannpháirteach in Imeacht na nIarlaí i 1607. Tá eolas ar an mbeirt acu ag an Athair P. Ó Gallachair in Clogher Record, 1959 (‘The First Maguire of Tempo’). Gheofar eolas freisin ar Thiarna seo Inis Ceithleann in The Complete Peerage of England, Scotland, Ireland, Great Britain, and the United Kingdom, extant, extinct, or dormant.

Ag Breandán Ó Buachalla in Studia Hibernica 22/3, 1982–3 (‘Annála Ríoghachta Éireann is Foras Feasa ar Éirinn: an Comhthéacs Comhaimseartha’) tá i gcló, as lámhscríbhinn i gColáiste na Tríonóide, cuid den tiolacadh a scríobh na Ceithre Máistrí don fhear s’againne tar éis dóibh pátrúnacht a fháil uaidh chun ‘an tseanchroinic darb ainm Leabhar Gábhála a ghlanadh, a cheartú agus a scríobh’ i gcoinbhint Lios Gabháil, Fear Manach, i 1631. Luann siad a theideal ann (‘a Bhriain Ruaidh Meig Uidhir, a thighearna Innsi Ceithlionn a chéidfhear dar goireadh an t-ainmsi do shíol Uidhir le mórdhacht Rígh Saxan, Franc, Alban, Éireann Carolus...'). Chaith siad dhá mhí ina theach agus croinicí Mhag Uidhir, Giolla Pádraig Ó Luinín, ag cabhrú leo.

Ba é a athair Conchubhar Rua Mag Uidhir (d’éag ar 25 Meán Fómhair 1625), fear nach raibh aon Bhéarla aige agus ar bronnadh ridireacht air 20 Meitheamh 1616; seo é an fear a dtugtaí “the Queen’s Maguire” air. Bronnadh ridireacht ar Bhrian ar 2 Feabhra 1626. Nuair a bronnadh an teideal ‘Lord Maguire, Baron of Enniskillen’ air 3 Márta 1627 dúradh gur tugadh é i ngeall ar sheirbhísí a thug a athair agus é féin don choróin. Tá ráite in Calendar of State Papers 1625–1632 faoin dáta 31 Eanáir 1628 go raibh £100 le híoc leis gach bliain as an ioncam ó Fhear Manach agus tá cuntas ann ar na pribhléidí a bhí aige agus na dualgais a bhí air. Bhí sé ina choimisinéir contae i bhFear Manach. Bhí sé pósta ar Róis, iníon le hArt Ó Néill, Carraig an Staicín, Co. Ard Mhacha, agus d’éag sé ar 15 Nollaig 1633 agus adhlacadh é in Achadh Bheithe. Bhí ceathrar mac aige. Cuireadh oideachas ar a mhac Conchubhar in Oxford. Bhí seisean ar dhuine díobh sin a chuir tús le hÉirí Amach 1641. Fuarthas ciontach in ardtréas é agus dí-inníodh agus crochadh é in Tyburn ar 20 Feabhra 1645. Maraíodh mac eile leis, an Coirnéal Ruairí Mag Uidhir, 13 Samhain 1648 san ionsaí ar Chora Droma Rúisc. I bPlandáil Chromail tugadh cuid mhór den talamh do Sir Henry Brooke.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú