Ag Colm Ó Lochlainn in Tobar Fíorghlan Gaedhilge: deismireachta na teangadh 1450 - 1853, 1939 tá i gcló teistiméireacht don Chaptaen Brian Mag Uidhir a scríobhadh tuairim 1700. Thagadh scríobhaithe agus scoláirí go dtí a chaisleán ar Chnoc Ninne, aon mhíle déag ar an taobh theas d’Inis Ceithleann, chun leabhair a chóipeáil. Bhí an Brian seo síolraithe ó Éamonn na Cúile a bhí ina rí ar Fhear Manach anuas go 1484. Conchubhar Modartha a thugtaí ar athair Bhriain. San aiste sin ‘The Maguires and Irish Learning’ (The Irish Book Lover, Eanáir 1940) le Pól Breathnach tá aistriú Béarla ar an teistiméireacht mar aon le nótaí ina taobh. Tá tagairtí don Bhrian seo agus dá mhuintir ag an Athair P. Ó Maolagáin in Clogher Record, 1957 (‘An Early History of Fermanagh’) agus deir sé: ‘Brian flourished about the year 1700. He had been an officer in King James’s army but resigned his commission because of Jacobite treachery in connection with the exchange of prisoners after the siege of Crom.’ Insíonn Peter Livingstone an scéal in The Fermanagh Story, 1969: gabhadh é i 1689 agus thairg ceannaire na Seacaibíteach, an Tiarna Ghabhalmhaigh, príosúnach darbh ainm Captain Dixie mar mhalairt air. Níor luaithe Mag Uidhir slán ná crochadh Dixie bocht. ‘In disgust Maguire quit the Irish army and retired to Knockninny, there to become famous as a patron of Irish learning.’

Deirtear faoi Bhrian sa teistiméireacht go gcoinníodh sé teach aíochta agus biatachais faoi chomhair Gall agus Gael, lucht ceoil, oirfide agus ealaíne, go ndearna sé tionól agus tiomsú ar phríomhleabhair bhunúsacha glaneolais na nGael agus ar leabhair diagachta, an mhéid a cuireadh i nGaeilge díobh. ‘Oír ní meastar go raibh in Ulaidh ó bhí Ollamh Fódla ina rí aon neach is dúthrachtaí neamh-mhainneachtaí a ghlac slí chun na Gaeilge d’athbheochan in Éirinn ná é.... Agus is é intleacht a foilsíodh dhó .i. fógra a chur faoi na coigríocha ina thimpeall chun gach uile scoláire Gaeilge á iarraidh orthu an mhéid a thiocfadh leo d’fháil le cruinniú nó le tiomsú go hard nó go híseal de leabhair mhaithe Gaeilge a thabhairt ‘chuige agus do bheireadh féin dúch agus páipéir agus gach uile chóngar dhóibh – an mhéid a bhí ina scríobhaithe díobh – go dtugadh faoi deara na húdair sin uile a tharraing go nua dhó féin agus do bheireadh toil a mheanman agus a aigne féin do gach aon acu ar son a saothair: ionas gur thug tarrtháil agus comhfhurtacht ábhalmhór d’iliomad de chlanna dea-aithreacha nach raibh lántréitheach i ndaoroibreacha ná i moghsaine a fhulaingt. Cidh trácht níor fágadh neach le healaín Ghaeilge – ní hé amháin sa chontae ach mar an gcéanna gach uile thaobh urthimpeall – gan comaoin óir nó airgid nó eallaigh a thíolacadh dhóibh: ionas gur cruinníodh leo as gach aird príomhleabhair Ghabhála agus dea-eolais na ríochta go Cnoc Ninne: ionas gurb é tobaráras dea-eolais is oirirce a meastar a bheith in Éirinn le cian d’aimsir: ionas nach ligtear a leas eolas is foirfe nó is barántúla ná leabhair Chnoc Ninne a d’iarraidh ó seo amach más fírinneach Leabhar Leacáin Mhic Fhirbhisigh, Leabhair Uí Chléirigh is Uí Dhuibhgeannáin agus Uí Mhaoilchonaire, Saltair Chaisil, Leabhar Chluana mac Nóis, Duain Uí Dhubhagáin agus Dochtúir Kéating mar aon le mórán collections eile atá arna ndearbhú ó dhea-údair eile’ (an litriú leasaithe ag na húdair). Tá pictiúr tarraingteach de Chnoc Ninne as seanleabhar, Henry’s Upper Lough Erne in 1739, i gcló ag Éamonn Ó Tuathail in Éigse, samhradh 1939: ‘In this County are two notable hills for beauty, pleasure, profitt, and stately situation not inferior to many in Ireland the one is called Knockninny being the principall seate of that family descended of Patrick son of Edmond na Cooley Maguire king of fermanagh. This hill is bordering upon Lough Earne on ye weast side about 10 miles from Iniskellin and 8 miles from ye town of Beltorbet, the waters of Lough Earne encompasseth one side of this hill about an English mile.... The meddows and pastures round this hill excellent for tillege and pleasant and wholesome soyle for man or beast. The height of this hill is most stately to behold being adorned with desyes and all kind of sweet smelling and wholesome herbs... as also the pleasantest prospect of ye County...so yt Nature hath fortified and honoured this place above all other hills in our Northern partes...’ (Ó Tuathail faoi deara na ciorraithe).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú