Cainteoir dúchais ó Chill Chearbhaill, Cill Rois, Co. an Chláir. Rugadh c.1887. Fuair an chéad áit sa Ghaeilge in Éirinn sa ghrád ullmhaitheach i 1901 (An Claidheamh Soluis 31 Lúnasa 1901). Sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ach ní bhfuair céim. Chuaigh le múinteoireacht i gCill Rois agus i gCarraig an Tobair. Bheartaigh triail a bhaint as an iriseoireacht i Londain. Aistí agus scéalta aige in Irisleabhar na Gaedhilge. D’éag i Londain ar 19 Meán Fómhair 1911.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú