Thug Eoin Mac Néill ‘The First Gaelic Leaguer’ air; bhí sé ar na daoine ba thúisce a rinne iarracht náisiúnta ar an nGaeilge a choinneáil beo. Ag 'Durrow House', An tSráidbhaile, Co. Phort Láirge, a rugadh é. Ba é an duine ba shine é den seachtar leanaí a bhí ag Richard Barron, Darú, Co. Phort Láirge, agus Catherine Barron, arbh iníon í le Philip Hay, Co. Loch Garman. Bhí a mhuintir go maith as, talamh acu, agus chuir siad Pilib chuig Coláiste na Tríonóide. Níor bhain sé céim amach ach faoi 1832 bhí sé ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann. Nuair a roghnaíodh Henry Villiers Stuart mar iarrthóir i dtoghchán in 1826 thacaigh Pilib leis, ar an ábhar go raibh sé ar son Fhuascailt na gCaitliceach, agus cheannaigh sé féin agus a dheartháir an Waterford Chronicle, rud a chabhraigh le Villiers Stuart chun an suíochán a bhuachan. Alt a scríobh sé sa pháipéar sin i dtaobh na ndeachúna fuarthas é a bheith clúmhillteach agus nuair a chaill sé an chúis dlí b’éigean dó teicheadh go Páras. Ar fhilleadh dó in 1834 thóg sé coláiste in Seafield, Bun Machan, Co. Phort Láirge, d’fhonn gurbh i nGaeilge a mhúinfí gach ábhar ann. In Eanáir 1835 chuir sé tús leis an iris Ancient Ireland chun aird a tharraingt ar an nGaeilge agus ar stair na hÉireann. Níor mhair an coláiste ná an iris ach tamaill ghairide. D’fhoilsigh sé An Irish Primer, 1835, The Harp of Erin, 1835 (amhráin) agus The Irish Catholic prayer book (g.d.). B’fhéidir gurbh é an foilseachán deiridh sin a spreag Henry Monck Mason le scríobh in Christian Examiner, Meán Fómhair 1837: ‘The Romanists have not been quite so dull as not to know the force of the Irish tongue, or so sluggish as not to have employed it, they have therefore printed books, prayers, and even tracts in that language; but they have either fallen into the mistake of using the Roman letter (for instance in Think-well-on-it, and their prayer books); or have printed expensive books (as Thomas a-Kempis;) and none among them but Mr Barron has known how to wield the weapon properly. His efforts have however failed, his dangerous measures over-ruled, and so we have again got possession of the field’ (i gcló ag Séamus Ó Casaide in Irish Book Lover, Márta-Aibreán 1933).

Fear teasaí ba ea é. Throid sé comhrac aonair leis an Leifteanant Eyre nuair a shíl sé go raibh an saighdiúir ag cur cailín a bhí gaolmhar leis ar strae. Agus dhealródh sé go raibh sé an-mhíchúramach i gcúrsaí airgid; tuairiscíodh uair go raibh lámhscríbhinní Gaeilge uile cheantar Inis Díomáin ceannaithe aige agus ansin gur fhág sé i ngeall iad i dtithe ósta ar fud an Chláir (féach ‘Collectors of Irish Manuscripts’ le Nessa Ní Shéaghdha in Celtica XVII).

Ar feadh i bhfad creideadh gur thug sé Páras air féin arís agus gurbh ann a d’éag sé tuairim 1860. Ach an fear is mó a rinne staidéar ar a bheatha, Maitiú de Buitléir, chreid sé rud a scríobh an Cistéirseach Stephen Barron i 1913, gurbh i Londain a d’éag sé. Chuardaigh sé na taifid thall ó 1850 ar aghaidh ach ní fhaca aon tuairisc ar an mBarúnach. Scríobh sé in Irish Book Lover, Meán Fómhair- Deireadh Fómhair 1929 gur ghnách le hionadaí na Breataine i bPáras liosta de na géillsinigh Bhriotanacha a d’éag sa chathair a chur go Londain. Ach arís ní bhfuair sé aon tagairt don Bharúnach sna liostaí sin. In Comhar, Deireadh Fómhair, 1997 (‘Ar thóir Philib Bharúin’) tugann Pádraig Ó Cléirigh cuntas ar an gcuardach a rinne seisean siar go 1835 sa chlárlann i dTeach N Catherine, Londain. D’éirigh leis taifead a aimsiú i dtaobh duine darb ainm Charles Johnson a fuair bás den eitinn ar 3 Meán Fómhair 1844 in aois 40 dó ag 26 Plás Buckingham i bhfocheantar All Souls, Middlesex. Bhí nóta den 10 Meán Fómhair 1844 ar imeall an taifid ag an gcláraitheoir: ‘Charles Johnson is an assumed name and is here altered to the right name of Philip F. Barron in the presence of Eliza Gellan and Emma Watson both present at the death.’ Is cosúil gur ag éalú óna chreidiúnaithe a bhí an fear bocht. Cuireadh é i reilig pharóiste Naomh Pancras ach níor éirigh le Pádraig Ó Cléirigh teacht ar an uaigh, tharla gur thóg an Midland Railway tollán faoin reilig in 1864, rud a rinne dochar mór.

In Irish Book Lover, Márta 1944 thagair Maitiú de Buitléir don spéis a bhí ag Mac Néill, Art Ó Gríofa agus ag an leabhareolaí mór Séamus Ó Casaide sa Bharúnach. ‘To the last day of his life Séamus maintained that interest in Barron and finally, by patient search, became the owner of the finest private collection in Ireland of manuscripts and pamphlets concerning him. Periodically he asked the questions—“when and where did Philip Barron die?” These questions have not yet been answered.’ Tá ceist ag Pádraig Ó Cléirigh freisin: ‘An ionann an Philip F. Barron seo a fuair bás i Londain in 1844 agus an Pilib Barún seo againne? Measaim go bhfuil an-seans gurb ea. An bhfuil an tóraíocht fhada thart?’

Nóta tráchta breise

Deir Brian Ó Dálaigh ina aiste, “Poet of a Single Poem”, Brian Merriman (c.1749–1805)’ (County Clare Studies: Essays in Memory of Gerald O’Connell, Seán Ó Murchadha, Thomas Coffey and Pat Flynn, 2000, in eagar ag Ciarán Ó Murchadha) gurbh é Barún a scríobh ó bhéal Mhichíl Uí Raghallaigh in 1836 an chéad chuntas ar Bhrian Merriman.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú