Seo é Éamonn an Chnoic. Tá a bhfuil ar eolas ina thaobh, agus i dtaobh an amhráin a bhfuil a ainm leis, bailithe le chéile ag Donal O’Sullivan in Journal of the Irish Folk Song Society XXIV (Bunting Collection of Irish Folk Music and Songs), 1930. Deirtí gurbh é a chum ní hamháin ‘Éamonn an Chnoic’ ach ‘Bean Dubh an Ghleanna’ freisin; an fáth atá leis an tuairim sin, dar le heagarthóirí Nua-Dhuanaire I, 1971 go bhfaightear véarsa as ‘Éamonn an Chnoic’ san amhrán eile.

Tá eolas Uí Shúilleabháin ar a bheatha bunaithe: ar chuntas a thug Andrew Ryan, caisleán Ghort Cheallaigh, Teampall Uachtarach, Co. Thiobraid Árann, do Sheán Ó Dálaigh,cuntas a bhí tamall i seilbh Shéamuis Uí Chasaide sular chuir an Súilleabhánach i gcló den chéad uair riamh é: ar eolas a d’aimsigh an Dr Martin Callanan, Durlas, i gcáipéisí; ar eolas a thug fear gan ainm, sagart, b’fhéidir, as ceantar an Teampaill Uachtaraigh don Súilleabhánach i 1929. Tá na cuntais sin lán d’eachtraí agus de ghníomhartha gaile a thaispeánfadh a chuirtéisí a bhí sé le mná uaisle, a fhéile a chaitheadh sé le bochta agus a fheabhas a d’éiríodh leis teacht slán as gábha. De réir an traidisiúin is in Áth Seanbhó i gCnoc Maothail in aice le Teampall Uachtarach a rugadh Éamonn. I gcaisleán a bhí cónaí orthu, más fíor. ‘No trace of the Castle now remains, but a green patch on the mountain side marks the site’ (O’Sullivan). D’aimsigh an Callanánach tagairt do Dhomhnall Ó Riain i gCnoc Maothail a d’éag 1630 agus arbh é Éamonn, fear pósta, a oidhre. Deir O’Sullivan go mb’fhéidir gurbh é an Éamonn sin seanathair Éamonn an Chnoic. Bean de mhuintir Uí Dhuibhir a mháthair, deirtear. Bhí sé ag dul le sagartacht ach ar fhilleadh ón Mór-Roinn dó bhí de mhí-ádh air bailitheoir cíosa a mharú agus é ag dul i gcabhair ar bhaintreach a raibh a haon bhó á coigistiú. Ba é sin a rinne meirleach de, é ar a choimeád ar feadh an cheantair shléibhtiúil ar an teorainn idir Luimneach agus Tiobraid Árann thuaidh. Deir O’Sullivan: ‘Moreover, among the proclamations at the late Record Office Dr Callanan found a proclamation, dated 1702, offering a reward of £200 for the apprehension of Edmund Knock Ryan.’ Duine de mhuintir Uí Dhuibhir Broc a mharaigh é le tua, é ag tnúth le luach saothair. Deirtear gur thug Ó Duibhir cloigeann Éamoinn leis chomh fada le tiarna talún, duine de mhuintir Maude i nDún Droma, agus go bhfuair amach ansin go raibh pardún faighte ag Éamonn le tamall. Dar le seanléarscáil de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis gurbh i gCorraichín, paróiste Thuaim, i mbarúnacht Chill na Manach, a cuireadh é ach luaitear Dún, Co. Luimnigh, freisin, agus Faill an Chloig, Tiobraid Árann. Tá “Emonaknock’s Grave” taispeánta ar léarscáil sé orlaigh an chontae i mbaile fearainn an Churraichín, ar theorainn Fhaill an Chloig. Deirtear go raibh sé pósta ar Mary Leahy agus go raibh mac acu.

Bhí fonn mall dar teideal ‘Éamonn an Chnoic’ i gcló go minic ó c.1745–50 ar aghaidh: tá liosta de na leaganacha foilsithe i gcló ag O’Sullivan. Bhí focail an amhráin i gcló chomh fada siar le Charlotte Brooke (1789), Thady Connellan (1829), James Hardiman (1831) agus ag Philip Barron (1835). Scríobh Mrs Peck úrscéal dar teideal Emun ac Knuck or Ned of the Hills, an Irish Historical Romance of the Seventh Century, 1842! Cuireadh suas leacht ina onóir in Áth an Chuilinn (nó Cluain Uí Mhurchú), Co. Thiobraid Árann agus i 1984 tugadh coimisiún don ealaíontóir John Ryan saothar ealaíne a dhéanamh le cur i scoil náisiúnta Theampaill Uachtaraigh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú