ainm.ie focal.ie logainm.ie dúchas.ie gaois.ie scéalta nua/news · FIONTAR
printéir priontáil scáileán ar ais chuig leagan don scáileán printéir leagan furasta le priontáil Ó hICÍ, Tomás (17751856)

I mBaile an Ghraeigh, in aice le Cill Náile, Co. Thiobraid Árann, a rugadh an scríobhaí seo. Ba é an duine ba shine é den seisear clann a bhí ag Seán Ó hIcí agus Máire Ní Bhraonáin. Tá cuntas ag Donnchadh Ó Duibhir air in Tipperary Historical Journal, 1990 agus cuntas air féin agus a lámhscríbhinní in ‘Scríobhaithe Phort Láirge 1700-1900' le Eoghan Ó Súilleabháin (Waterford: History and Society. Interdisciplinary essays on the history of an Irish county. Editors William Nolan, Thomas P. Power. Associate editor: Des Cowman,1992). In Irisleabhar Muighe Nuadhat, 1957 (‘Aistriúcháin ar an Leabhar Aifrinn’) tugann Pádraig Ó Súilleabháin O.F.M. eolas ina thaobh agus chuir litriú nua-aimseartha ar an réamhrá atá ag Tomás lena aistriúchán, píosa próis i dtaobh mheath na teanga nach miste a rá gur cáipéis rí-inspéise í. In eagar ag an scoláire céanna tá in Éigse aistriúcháin eile a rinne sé: ‘Seanmóir ar an mbás’ (Iml. XIII, Cuid I, 1969); ‘Seanmóir ar ghnáithchleachtadh an pheacaidh’ (Iml. XIII, Cuid IV, 1970); ‘Seanmóir ar uimhir bheag na bhfiréan’ (Iml. XIV, Cuid II, 1971).

Fear bocht oibre ar bheagán oideachais ba ea é. Fiafraíonn Ó Duibhir arbh fhéidir go raibh baint aige uair leis an mbíoblóireacht agus arbh ar an gcuma sin a d’fhoghlaim sé scríobh na Gaeilge; deirtear sa chuntas in Waterford History and Society go ndealraíonn sé ‘gur thosaigh sé ag cur suime i léitheoireacht na Gaeilge thart ar an mbliain 1797’. ‘I led the life of a country peasant until I was forty two years of age, labouring hard at learning to read and write the language of my forefathers. I at last became so fond of it that I determined not to read anything but Irish, even at Mass; for I thought I could not pray fervently in English . . .’ (litir in The Nation 17 Aibreán 1852). D’aistrigh sé an Leabhar Aifrinn go Gaeilge dó féin agus nuair a chonaic Séamus Ó Meára, éadaitheoir sa tSráid Mhór i gCluain Meala, é thug sé roinnt píosaí dó le hathscríobh agus chuir in aithne é don Athair Pádraig de Bhál, sagart paróiste na Carraige Bige. D’fhostaigh an sagart é agus thug leis é mar fhear oibre agus mar scríobhaí go cibé paróiste (Cluain Fhia, an tSráidbhaile, Baile Uí Láithnín) a aistrítí é. ‘Ba chomhdheas ar an rámhainnn agus ar an bpeann é’, a deir Ó Duibhir.

Chuir sé isteach ar phost san Iberno-Celtic Society in 1821 agus chuaigh Séamus Ó Meára i mbannaí air. Bhí seisean mór leis an Athair Síomón Breathnach agus scríobh Tomás lámhscríbhinn dósan freisin. Scríobh Breathnach chuig James Hardiman : ‘If you should want another to help write out the “Irish Minstrelsy”, I don’t know any man more capable of succeeding James Scurry [Séamus Ó Scoraidhe, q.v.] than Thomas Hickey whose name you heard me mention so often and whose name poor Scurry mentioned in his essay. He is by far the best Irish scholar I ever met, except poor Scurry—he read and wrote more Irish than Scurry, tho’ Scurry knew the language radically and grammatically better . . . . N.B. Thomas Hickey was the collector and writer of the Leabhar Dubh.’

Bhí sé ag obair tamall mar mhúinteoir ag Philip Barron ina choláiste gur éirigh eatarthu faoi phointe gramadaí, más fíor. Ina dhiaidh sin chaith sé fiche bliain i gColáiste Eoin, Port Láirge, faoi choimirce an Uachtaráin, an Dr Doiminic Ó Briain (1798-1873). ‘Mr Hickey was Professor of Irish for upwards of twenty years in St John’s College, Waterford, during which time he was respected and esteemed by the professors and students of that college. Very many priests of the diocese of Waterford and Lismore studied the Irish language under his direction. Among the books he translated are the Roman Missal, the Glories of Mary and the greater portion of the Bible’ (The Nation 25 Deireadh Fómhair 1856). D’aistrigh sé freisin The Introduction to the Devout life.

Pléann Ó Duibhir an chaoi ar caitheadh leis sa choláiste. Bhí litir ag ‘Harianus’ in The Nation 27 Márta 1852: ‘He [Ó hIcí] is one of the last of the great Irish scholars of whom the editor of Donleavy’s catechism [an tAthair John McEncroe in 1822 agus 1848] remarks that they were able by “stratagem” to keep themselves in existence. This is literally true of him for he is buried alive in a stable loft where he can say with holy Job “soror mea vermibus”.’ D’fhreagair Ó hIcí go borb go raibh dul amú air: ‘Now, Sir, as to my present condition, it is my own choice . . .. Nor would I change my condition for a situation in the best university in England or anywhere else without the permission and approbation of Dr. O’Brien, from whom I never wish to be separated as long as he is pleased to keep me.’ In Waterford and South East of Ireland Archaeological Journal, Vol. I, 1895 dúirt an tAthair Patrick Power gur amuigh i gcró a bhíodh sé ag scríobh le linn dó bheith ag obair leis an Athair de Bhál.

D’fhág sé an coláiste timpeall 1854. Bhí siopa beag aige i nDroichead an Lafánaigh, Tiobraid Árann, agus bhíodh rang Gaeilge á mhúineadh aige ann. Chaith sé tamall den tréimhse 1854-1855 i dteach an Athar de Búrc in Ard Fhionáin agus chóipeáil lámhscríbhinní ansin don Athair Patrick Meany (B5 lch 289). D’éag sé 11 Deireadh Fómhair 1856 agus foilsíodh cuntas adhmholtach air in The Nation, 25 Deireadh Fómhair 1856. Tá a dhéantús lámhscríbhinní in Acadamh Ríoga na hÉireann, sa Leabharlann Náisiúnta, i gColáiste Eoin, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, in Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, in Ollscoil Wisconsin, in Harvard agus i Leabharlann na Breataine. Rinne Pádraig de Paor (Patrick Power) cur síos in Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1904 ar aghaidh, ar a bhfuil díobh i gColáiste Eoin, Port Láirge.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

© Bunsonraí na mbeathaisnéisí: Cló Iar-Chonnacht (2014) · © An cóiriú leictreonach seo: Fiontar (2014) · Teagmháil: ainm@dcu.ie · facebook · twitter
Foirm aiseolais | Cartlann scéalta nuachta