“Stainndis mac an Aodhaigh mhic Dhiarmada Óig Uí Ghráda den treabh Luimníoch is gurb ann rugadh i ndúiche Mhic Bhriain Ó gCuanach ag fíorbhun chnoic aoibhinn Ghréine”. Sin é an t-eolas a thug sé air féin in Silva Gadelica. Sa chlann ag an Diarmuid Óg úd (nó Darby, Mount Prospect, Luimneach) bhí: Hayes, an tAimiréal, duine de chaptaein Nelson, a phós Susan Finucane, iníon le breitheamh, agus ar mhac leis Standish Hayes; Standish a bhí ina Phríomh-Aighne ag an rialtas, an fear ar thit sé ar a chrann Riobard Emmet a chúiseamh, an fear a rinne Bíocunta an Ghiolla Mhóir (Guillamore) de agus arbh é a mhac an ginearál airm (an fear a bhfuil an carachtar “Jack Hinton” in úrsceal Lever bunaithe air) a bheadh ina dhara Bíocunta ar ball; James a bhí ina chathaoirleach ar Ard-Ghiúiré Phort Láirge, seanathair Standish James; Katherine ar phós a hiníon (Frances Barry) Dudley Persse agus ar ghariníon aici dá réir sin an Bantiarna Gregory.

Ar 19 Bealtaine 1832 a rugadh Standish Hayes O’Grady. Is é an áit bhreithe a luaitear de ghnáth Erinagh House, Caisleán Uí Chonaill, Luimneach. Ní raibh Erinagh House (a leagadh i ndaichidí an chéid seo) ach tamall an-ghairid ó Chaisleán Uí Chonaill ach is ar an taobh eile den tSionainn, i gContae an Chláir a bhí sé, i gCill tSeanain Léith i mBarúntacht na Tulaí. Tá cuntas ar an teach ag Hugh W. L. Weir in Houses of Clare (1986). Dar le Norman Moore in Times Literary Supplement ar 28 Deireadh Fómhair 1915 go raibh Stainndis ar altramas i bparóiste Chill tSeanain Léith. B’fhéidir go mbeadh míniú le fáil in cibé tosca a bhainfeadh le sin ar conas a d’fhoghlaim sé ní hamháin an Ghaeilge ach an fhilíocht agus an dinnseanchas. Ach is deacair Cill tSeanain Léith sa Chlár a réiteach leis an ráiteas úd uaidh féin.

Dúirt Robin Flower sa réamhrá a chuir sé le heagrán Uí Ghrádaigh de Caithréim Thoirdhealbhaigh (1929): “Before he went to Rugby he was deeply versed in the language and traditions of the countryside”. Deir Breandán Ó Madagáin in An Ghaeilge i Luimneach 1700–1900 gur ag cuimhneamh ar a óige féin a bhí an Grádach nuair a scríobh sé, sa reámhrá a chuir sé le Toruigheacht Dhiarmuda agus Ghráinne in 1857, faoi na lámhscríbhinní a léití os ard i dtithe na bhfeirmeoirí nuair a bhíodh obair ar nós cardáil olla ar siúl nó ag tórraimh: “The writer has heard a man who never possessed a manuscript, nor heard of O’Flanagan’s publication, relate at the fireside the death of the sons of Uisneach without omitting one adventure, and in great part retaining the very words of the written versions”.

Dúirt an Craoibhín in Mise agus an Conradh: “Bhí sé ag lasadh le grá don Ghaeilge, teanga do labhair sé óna óige, agus don tír”. Léiriú beag air sin rud a d’inis Eleanor Hull faoina théarma i gColáiste Rugby: “While at Rugby, seeing a band of Irish labourers pass, he mounted a wall and addressed them in their own tongue” (Irish Book Lover Iml. 7).

Tá léiriú ar a spéis sa Ghaeilge nuair a bhí sé sna déaga agus sna luathfhichidí in alt ag Torna in Éigse, Iml. IV, cuid a 1 (1943) sa tsraith “Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh”, agus léiriú ar a chumas chun véarsaí Gaeilge a chumadh in alt i dtaobh an chomhfhreagrais a bhí aige leis an scríobhaí Domhnall Mac Consaidín, Sráid an Phríosúin, Inis, Co. an Chláir (Éigse, Iml. IV, cuid a 2, 1944). I mBaile an Mhanaigh, Corcaigh a bhí cónaí air in 1850 agus faoi 1853 ag 18, Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath.

In 1850–54 bhí sé ina mhac léinn i gColáiste na Tríonóide. Níor bhain sé aon chéim amach. Sa chuntas ag Norman Moore in TLS deir sé go seinneadh James Goodman an phíb uilleann ina sheomraí sa Choláiste.

In 1853 chuir sé eagar ar The adventures of Donnchadh Rua Mac Con Mara faoin ainm “S. Hayes”. Bunaíodh an Cumann Oisíneach an bhliain chéanna sin agus bhí an Grádach ina bhall dá chomhairle. In 1857 bhí sé ina chathaoirleach agus mar chuid d’imeachtaí an Chumainn foilsíodh a eagrán de Toruigheacht Dhiarmuda agus Ghráinne.

An innealtóireacht shibhialta a bhí mar cheird aige i ndiaidh dó Coláiste na Tríonóide a fhágáil. Fad a bhí a athair beo ní dóigh go raibh aon ró-ghanntanas airgid air. Deirtear go raibh sé tamall ag tógáil na mbóithre iarainn in Éirinn. Timpeall 1858 d’imigh sé go Meiriceá. Chaith sé seal ag obair sna mianaigh óir, seal eile agus scúnar cóstóireachta aige. Bhí dúil ar leith aige sa loingseoireacht agus deir Robin Flower go gcaitheadh sé a laethanta saoire níos deireanaí ina shaol ag seoltóireacht le cabhlach iascaigh na Mara Thuaidh.

Baineann doiléire leis na cuntais ar an 25 bliain ó 1858 amach agus go háirithe leis an tréimhse fhada a chaith sé in iarthar na Stát Aontaithe agus i dtíortha eile. Ní foláir nó is i rith na tréimhse sin a d’fhoghlaim sé na teangacha agus a chnuasaigh sé an t-eolas go léir: “He was armed with all kinds of recondite learning, medieval, oriental, classical ... He had travelled much and occasional allusions to Indian wigwams or lying out in the open prairie or ploughing through tempestuous billows opened glimpses of ‘the foam of perilous seas in faery lands forlorn’, strangely unlike the Don or the bookworm. But he was reticent about himself and to my enquiries where and how he had experience of those things he would only reply ‘Don’t you know I am an engineer?’ as though that explained everything ... It was always said with a touch of bitterness and I gathered that it had involved to him the grim necessity of earning his bread in uncongenial ways” (Eleanor Hull, Studies Márta 1916). Shíl an Craoibhín nach bhfuair sé a oidhreacht nuair a d’éag a athair.

Timpeall 1862 bhí sé ar ais in Éirinn. Thug sé cuairt ar mhuintir Persse agus is cosúil gur chuir sé dúil i nduine de dheirfiúracha móra Augusta. Nó b’in a shíl a máthair mar chuir sí an ruaig air. Col ceathar léi féin Stainndis agus bhí eagla a hanama uirthi go dtiocfadh col gaoil i gceist sna cleamhnais a dhéanfadh a clann iníon.

Chaith sé tamall i Sasana agus ansin tuairim 1874 d’oibrigh sé a phaisinéireacht go dtí an Astráil. Deir Flower nár chaith sé ach tréimhse ghairid ansiúd toisc trioblóide lena radharc.

Chuir sé isteach ar ollúnacht na Ceiltise in Ollscoil Dhún Éideann in 1882. Luann Flower Ollamh na hAraibise in Cambridge, William Wright, mar dhuine a thug teistiméireacht i dtaobh a eolais ar theangacha agus ar an Araibis go háirithe. Agus is é a dúirt Windisch ar a shon: “I owe him not only my first introduction to Celtic Studies but in fact a great deal of all I know in this field”. Mhaígh sé féin ina iarratas gur iarradh air i ndiaidh bhás Uí Dhonnabháin agus Uí Chomhraí leanúint den obair a bhí á déanamh acu ar na seandlíthe ach gur dhiúltaigh sé toisc rialacha oibre an Choimisiúin bheith ró-sheanaimseartha.

In 1886 thosaigh sé ag clárú na lámhscríbhinní Gaeilge i Músaem na Breataine. D’éirigh idir é féin agus na húdaráis agus in 1892 cuireadh an obair i leataobh. Faoin am ar atosaigh an obair bhí ag teip ar a shláinte agus b’éigean dó éirí as sula raibh an obair in aon ghar do bheith críochnaithe. Dúirt Eleanor Hull i dtaobh an imleabhair a cuireadh i gcló: “His catalogue is like no other catalogue, it remains a mine of information on Irish history, genealogy and literature out of which succeeding generations of students will quarry”.

Ach ba é an saothar ba mhó a tharraing aird lucht litríochta air san am Silva Gadelica (1892). Dúirt Eleanor Hull i dtaobh a aistriúcháin ar na seanscéalta: “Dr O’Grady’s English, forceful, idiomatic and vigorous, rising at times to the largeness of epic prose, was indeed peculiarly suited to these old primitive tales; it preserved the rough energy of the original ...” Liostaíonn Thomas McDonagh i measc na n-aistritheoirí is fearr é in Literature in Ireland (1916).

Ach fuair Kuno Meyer lochtanna móra ar Silva Gadelica sa léirmheas a scríobh sé in Revue Celtique (XV 1893). Cibé lochtanna a bhí air dáiríre b’fhéidir nár fhéad Meyer a ligean i ndearmad gur scríobh an Grádach léirmheas an-ghéar ar a eagrán féin de Cath Fionntragha. Ghortaigh léirmheas Meyer go mór é.

Bhronn Ollscoil Cambridge, Sasana dochtúireacht air in 1893.

Ba í Eleanor Hull an scoláire ba mhó a bhí faoi chomaoin aige. Chabhraigh sé léi chun The Cuchulainn saga in Irish literature (1898) a scríobh. Dúirt sí san aiste úd san Irish Book Lover: “I am always glad to remember that my first lessons in Irish were learned from Toruigheacht Dhiarmuda agus Ghráinne and that my teacher was its editor, the last of the grand old scholars of Ireland, Standish Hayes O’Grady”.

D’éag sé ag a theach, Ballinruan, Hale, Cheshire, ar 16 Deireadh Fómhair 1915 agus adhlacadh é in Altrincham.

Ba mhinic a thógtaí é in amhlachas Standish James (nó James Standish, mar a thugadh a mhac air) O’Grady agus rinne an Irish Book Lover greann faoi na tuaiplisí a rinneadh: “Up till October 1915 we had the two Standish O’Grady’s busy at work, one the greatest Irish scholar of his time, author of Silva Gadelica; the other the well-known journalist, novelist and publicist still happily with us. When the former died the usual complication occurred and even the latter’s publisher, in his own periodical, regretfully announced the death of the survivor” (Vol. XII).

Bhí Standish Hayes cosúil le Standish James ar bhealach amháin. In ainneoin a ghrá don tír agus do na seanscéalta níor náisiúnaí é. Ina dírbheathaisnéis Seventy years deir an Bhantiarna Gregory: “This same Standish Hayes O’Grady had refused, Yeats tells me, to join the Irish Literary Society or the Gaelic League, declaring them both Fenian organisations. But yet he was so little English that he boasted to me near his life’s end, that though he had lived forty years in England, he had never made an English friend”.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú