Rugadh é ar 1 Lúnasa 1849 i dteach mór darbh ainm Creagh’s Villa in aice le Caisleán an Bharraigh. Úgóinigh a tháinig go hÉirinn i ndiaidh chealú Fhógra Nantes ba ea a mhuintir. William ab ainm dá athair, duine uasal a bhí ag maireachtáil ar a chuid airgid, agus ba í Beda Jackson ó Chontae Mhaigh Eo a mháthair. I ndiaidh tamaill sa Kingstown School ghnóthaigh sé céim sna clasaicigh i gColáiste na Tríonóide in 1871. Chuaigh sé isteach sa státseirbhís agus chaith a shaol oibre in Oifig na hIndia i Londain. Thall ansin a thosaigh sé ag cumadh véarsaí tírghrácha agus ba é History of Ireland le Standish James O’Grady a d’adhain a spéis i miotais na hÉireann. Chaitheadh sé a shaoire bhliantúil i gContae Mhaigh Eo ag foghlaim Gaeilge. Bhí a dhóthain aige sa deireadh chun scéalta a scríobh síos go han-chruinn i nGaillimh, i Maigh Eo agus i dTír Chonaill. Cheap sé a chóras foghraíochta féin agus is cosúil gur chóras éifeachtach é. Bhí sé cairdiúil le Dubhghlas de hÍde agus thug sé cúpla scéal dó le foilsiú in Leabhar Sgealaigheachta (1889). West Irish Folk-tales and Romances (1893) a mhórshaothar. Teidil eile leis: Glanlua and other poems, 1889; Fand and other poems, 1892. D’aistrigh sé De Divisione Naturae Johannes Scottus Eriugena ach níor foilsíodh é. An spéis sin sa bhfealsamh a spreag an tOllamh John J. O’Meara chun aiste a scríobh ar Larminie in Studies i Márta 1947.

D’éirigh William Larminie as a phost in 1892 agus d’éag sé i mBré ar 19 Eanáir 1900.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú