Cé gur scríobh sé breis agus 450 cuntas ar dhaoine in Dictionary of national biography, ar filí agus taoisigh Ghael a bhformhór, níor foilsíodh cuntas air féin san imleabhar a bhaineann le daoine a d’éag sna 1920idí. Ach anois tá cuntas fíorshuimiúil ag Ann Moore in Oxford dictionary of national biography, 2004. In Higher Broughton, Lancashire, ar 8 Eanáir 1847 a rugadh Norman. Ba é an t-aon leanbh ag Robert Ross Rowan Moore (1811-64), dlíodóir agus eacnamaí polaitiúil, agus a bhean Rebecca Fisher. I gCill Mhaighneann, Baile Átha Cliath, a rugadh a athair agus ba as ‘Lifford’ dá mháthair. Deir Ann Moore gurb i dTiobraid Árann atá an Leifear sin ach ní léir ar Contae Thiobraid Árann: liostaí Logainmneacha, 2004 in eagar ag Pádraig Ó Cearbhaill go bhfuil aon Leifear ná Lifford sa chontae sin. Bhí an t-athair cairdiúil le Thomas Davis: bhí an bheirt acu i gColáiste na Tríonóide ag an am céanna. Chuaigh sé chun cónaithe i Sasana agus bhí sé gníomhach, in éineacht le Richard Cobden (1804-65) agus John Bright (1811-89), san fheachtas in aghaidh na sclábhaíochta agus na ndlíthe arbhair. Theip ar an bpósadh sular rugadh Norman agus níor casadh a athair air riamh. Tá a athar curtha i reilig Chnoc Ieróm i mBaile Átha Cliath. Norman a scríobh an iontráil faoi in Dictionary of National Biography. Shaothraigh an mháthair a beatha le ciondargairdín Froebel ach bhí ag brath freisin ar chairde a theacht i gcabhair uirthi. Bhí Norman ar scoil go raibh 14 bliana aige. Chaith sé tamall ag obair i muileann cadáis agus i rith 1862-65 bhí ag ullmhú don máithreánach.

I gColáiste Naomh Catharine, Cambridge, rinne sé staidéar ar an eolaíocht nádúrtha i rith 1865-68. Ann a chuir sé aithne ar Francis Darwin, mac Charles Darwin, agus ar Whitwell Elwin, a bhí tráth ina eagarthóir ar an Quarterly Review. Lean cairdeas eatarthu agus Elwin a chuir in aithne don lucht litríochta é. Bhuaigh sé scoláireacht chónaithe ocht mbliana agus iarradh air cuidiú le bunú scoil eolaíochta Cambridge. D’éirigh le máistir Choláiste Catharine é a dhíbirt go héagórach agus chaill sé an scoláireacht. B’fhéidir a rá gur thug an coláiste sin cúiteamh éigin dó i 1909 nuair a rinneadh comhalta onórach de. Chláraigh sé in Ospidéal Naomh Bartholomew i Londain in 1869 agus bhain MD amach in 1876. Deirtear gur chomharthú roimh ré a thráchtas (The causes and treatment of rickets) ar eolas tábhachtach ar vitimíní nár tháinig chun solais go dtí 1915. Chaith sé a shaol oibre san ospidéal sin. Nuair a d’éirigh sé as a phost ceapadh ina ghobharnóir é. Bhí sé ina leabharlannaí ag Cumann Ríoga an Leighis (Royal Society of Medicine). Ba é Leabharlannaí Harvey é ag Coláiste Ríoga na Lia agus bhí sé ina uachtarán ar an agus thaobhaigh sé i gcónaí le cás na n-othar seachas le cás na ndochtúirí. Scríobh sé stair Bart’s agus ba é ba mhó a dhírigh aird an phobail ar sheandachtaí an ospidéil sin. Is i ngeall air sin a tugadh ridireacht dó i 1919. D’iontaigh sé ina Chaitliceach i dtús an chéid. Bhí sé ina iontaobhaí ag Músaem na Breataine. Rinneadh bairnéad de i 1919 agus bhronn Ollscoil Cambridge LLD air i 1920. Tá ‘The Life and works of Sir Norman Moore’ in St Bartholomew’s Hospital Journal, Lúnasa-Samhain 1947 agus ‘Sir Norman Moore’ le A. Moore in Dublin Review, Aibreán 1923 liostaithe acu mar fhoinsí eolais.

In aois a cheithre bliana déag thug sé turas coisíochta in Éirinn, ‘a country for whose people, history and language he had an intense attachment, perhaps to replace the father he admired but never met. He spoke Irish fluently, having learned the rudiments in childhood from an Irish shoemaker in Manchester, and achieved an international reputation as an Irish scholar and historian’ (Ann Moore). Ba bhreá leis an tsiúlóid agus shiúil sé an cuid is mó d’Éirinn agus de thuaisceart Sasana. Thugadh sé cuairt bhliantúil ar Éirinn. Is léir gur shíl a chairde gurbh Éireannach é agus nár mhiste leis go sílfidís sin. Bhí sé ina bhall de Chomhairle Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus de Chomhairle Aontacht na Gaeilge. Bhí comhfhreagras aige le Standish Hayes O’Grady agus d’fhoghlaim sé pailéagrafaíocht ó Henry Bradshaw. In Catalogue of Irish Manuscripts in Cambridge Libraries, 1986 le Pádraig de Brún agus Máire Herbert tugtar an t-eolas seo faoi Norman féin: ‘Moore had obtained many of his Irish manuscripts after the death of Standish Hayes O’Grady in 1915 (see Appendix 11) but he also acquired manuscripts in other ways, being a frequent visitor to Ireland and having travelled in every county except Kerry.’ Chuir sé ar fáil aistriúchán ar leabhar Windisch (A concise Irish grammar with pieces for reading, 1882). Agus b’fhiú le R.I. Best tagairt in Bibliography of Irish philology and of printed Irish literature to 1912 dá leabhar The history of the study of medicine in the British Isles, 1908. Leabhar eile leis is ea The loss of the Crown of Loegaire Lurc, from the dindshenchas in the Bk. Of Leinster, 1881. Bhí spéis mhór aige sa stair mhíleata; dúirt mac leis: ‘Next to native Irish speakers and well-read old ladies, he most enjoyed meeting and listening to military men of mark’. Bhí iníon agus beirt mhac aige féin agus a chéad bhean, Amy Leigh Smith Maraíodh duine de na mic in Ypres i 1914 sa Chogadh Mór. Nuair a d’éag Amy phós sé Millicent Ludlow. D’éag sé 30 Samhain 1922. Sa chuntas ar an Times dúradh: “He spoke well with an Irish accent and a characteristic roll of the tongue which added zest to an after-dinner speech or a smart repartee”. Agus scríobh a chara M.R. James, Propast Eton, litir chuig an Times: “It has often struck me of the great scholars of Ireland – I will but instance Salmon and Bernard – that they are able to do work of first rate quality in most diverse fields. And this was true of Sir Norman Moore who could write as an expert on the history and topography of the City of London, on the Irish language and on medical matters ancient and modern ...”. Tá cuntas ar chúrsa a shaoil in Who was who 1916–1928.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú