Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Bhunaíodar scoil amharclannaíochta, Club na nÓg, agus ba í Máire féin a scríobh formhór na ndrámaí a chuir na páistí ar stáitse. Ó thaobh a cuid aisteoireachta féin, níorbh iontas gur luaigh sí go raibh páirteanna Big Maggie (faoi stiúir Frank Bailey) agus Moll (Proinsias Mac Diarmada) ar na cinn ab ansa léi, chomh maith leis an Widow Quinn in The playboy of the western world, Freda in The year of the hiker agus Meg in The hostage. Bhí scil agus eolas thar cuimse ar an gceol aici agus é ar a cumas cóiriú agus aistriúchán a dhéanamh do cheolta chomh difriúil óna chéile le mór-cheoldrámaí agus geamaireachtaí. D’aistrigh sí os cionn scór ceoldramaí go Gaeilge, ina measc Così fan tutte (Mozart); Die fledermaus (Strauss) agus Lucia di Lammermoor (Donizetti)