Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
D’fhoilsigh Sáirséal agus Dill trí himleabhar dá chuimhní cinn a thugann scéal a bheatha anuas go 1919: Trasna na Bóinne (1957) Slán le hUltaibh (1969) agus Gaeil á múscailt (1973) ··· Deir sé i gcaibidil XI de Gaeil á múscailt (1973) gurbh in 1919 a chuir sé an argóint sin i gcló den chéad uair. Ní íoctaí táillí leis ar an ábhar Béarla a bhíodh i gcló aige in The Peasant, Sinn Féin, Irish Freedom ná Ulster Guardian agus bhí ionadh air íocaíocht a fháil nuair a thosaigh sé ag scríobh aistí Gaeilge in An Claidheamh Soluis agus Misneach idir 1917 agus 1921
In olltoghchán 1918 bhíothas ag caint ar é a chur suas mar iarrthóir ag Sinn Féin i bhFear Manach ach measadh go mbeadh na hIbeirnigh rómhór ina aghaidh (Gaeil á múscailt, 1973 le Earnán de Blaghd)