Líon alt a aimsíodh: 1
Ba as Machaire Rabhartaigh dá athair, John Mhicí Óig 'ac Géidigh, a phós Mary Jeaic Shéamuis William Mhic Gonagail as an Ailt, an Ardaidh Bheag i nGort an Choirce, áit a raibh siad i mbun feirmeoireachta agus áit ar thóg siad ceathrar clainne, Anne, Jack, Micheál agus an té ab óige acu sin, Séamus, a saolaíodh i mí Lúnasa 1961 ··· Liosta le háireamh is ea cuntas a thabhairt ar na heagraíochtaí agus ar na gníomhaíochtaí pobail a raibh Séamus Mac Géidigh sáite iontu ón am a d’fhill sé ar Ghort an Choirce go dtí lá a bháis ··· Chaith Séamus Mac Géidigh na blianta freisin ar choiste bainistíochta Scoil Náisiúnta Dhoire Chonaire, fiú agus a chlann féin críochnaithe leis an mbunscolaíocht ··· Bhásaigh Séamus Mac Géidigh ar an 4 Iúil 2016 agus tá a uaigh go sceirdiúil ag barr na reilige trasna ó Theach Pobail Chríost Rí i nGort an Choirce ··· Mar iriseoir agus mar thráchtaire spóirt a chuir pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aithne ar Shéamus Mac Géidigh le linn dó a bheith ag craoladh le RTÉ Raidió na Gaeltachta ón am a chuaigh sé i mbun oibre leis an stáisiún i dtús na bliana 1988 go bhfuair sé bás i mí Iúil 2016