Rugadh i gCúil Aodha in 1879. An-scéalaí a athair Donncha Beag: fuair sé an chéad duais ag an gcéad fheis i Maigh Chromtha. Ba é Tadhg an duine ab óige sa chlann mhór a bhí aige. D’imigh siad go léir go Meiriceá ach amháin Tadhg. Scéalta an athar aige agus chumadh sé véarsaí; baint aige le Dámhscoil Mhúscraí. Scríobh Dónall Ó Ceocháin scéalta síos uaidh. Roinnt dá scéalta in eagar ag Gearóid Ó Murchadha in Béaloideas 3, 1932. D’éag 23 Meitheamh 1937.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú