In aice leis an gCoireán, Ciarraí, a rugadh an sagart seo c.1887. Cuireadh oideachas air i gColáiste Bhréanainn, Cill Airne, agus i Maigh Nuad. I nGlaschú 1912-18. Bainteach le gluaiseacht na saoirse agus luaitear go háirithe a pháirt in éalú Liam Mellows go Meiriceá i ndiaidh Éirí Amach 1916. Bhí sé ag obair i dTuath Ó Siosta agus sa Ráth Mhór sular ceapadh é ina shagart paróiste sa Ghleann Garbh agus ina dhiaidh sin sa Tóchar (Ciarraí). Ba é an chéad séiplíneach é i gColáiste Íde sa Daingean. D’aistrigh sé: Mion-mhíniú ar an dTeagasg Críostaidhe, 1923 (Manual of religous instruction le Patrick Power); Mion-oifig Geineamhna gan teimheal na Maighdine Muire, [1931]; Mac an mhachtíre, 1936 (White Fang le Jack London). D’éag sé 15 Nollaig 1970.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú