Ó CURNÁIN, Tadhg (1887–1970) Tadhg Ó CURNÁIN 1887 An Coireán, Co. Chiarraí M Coláiste Bhréanainn, Cill Airne, Co. Chiarraí Coláiste Phádraig, Maigh Nuad sagart Caitliceach Rómhánach [B9] sagart Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

In aice leis an gCoireán, Ciarraí, a rugadh an sagart seo c.1887. Cuireadh oideachas air i gColáiste Bhréanainn, Cill Airne, agus i Maigh Nuad. I nGlaschú 1912-18. Bainteach le gluaiseacht na saoirse agus luaitear go háirithe a pháirt in éalú Liam Mellows go Meiriceá i ndiaidh Éirí Amach 1916. Bhí sé ag obair i dTuath Ó Siosta agus sa Ráth Mhór sular ceapadh é ina shagart paróiste sa Ghleann Garbh agus ina dhiaidh sin sa Tóchar (Ciarraí). Ba é an chéad séiplíneach é i gColáiste Íde sa Daingean. D’aistrigh sé: Mion-mhíniú ar an dTeagasg Críostaidhe, 1923 (Manual of religous instruction le Patrick Power[q.v.]); Mion-oifig Geineamhna gan teimheal na Maighdine Muire, [1931]; Mac an mhachtíre, 1936 (White Fang le Jack London). D’éag sé 15 Nollaig 1970.