‘Micheál Luke Pháidín’, file. In aice le Corr na Móna a rugadh é c.1882. Píosa ag Micheál Ó Máille faoi in An Claidheamh Soluis 5 Nollaig 1903. Aiste ag Tomás Ó Máille in UCG Annual 1915 (‘A western poet’). Tomás a mhúin léamh na Gaeilge dó. Cuntas gairid air ag Pádraig Ó Máille in Sinn Féin 22 Aibreán 1911. D’imigh sé go Meiriceá agus bhí ag obair sna mianaigh ghuail i Scranton. Dánta dá chuid in Micheál Mac Suibhne agus filí an tsléibhe. D’éag c.1925.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú