Bhunaigh sé misean in Acaill chun daoine a iompú chun Protastúnachais agus is ainm tábhachtach é i stair an oileáin. Scríobh Henry Seddall a bheathaisnéis: Edward Nangle, the Apostle of Achill: a memoir and a history, 1884. I gCill Dealga, Co. na Mí, a rugadh i 1799. Spreag Historical sketches of the native Irish le Christopher Anderson é chun Gaeilge a fhoghlaim. Scríobh sé Introduction to the Irish language, 1854. D’éag ar 9 Lúnasa 1883 agus tá sé curtha i nGráinseach an Déin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú