‘Bhí Stiofán ar an gcainteoir Gaeilge is fearr a casadh riamh liom in aon áit in Éirinn’, a dúirt Séamus Ó Duilearga faoi. Thuairimigh sé uair eile gur uaidh a thógfaí an bailiúchán ba mhó san Eoraip de scéalta agus de sheanchas dá mbeadh aige lámhleabhar mór Sheáin Uí Shúilleabháin (1949) nuair a bhí sé ag breacadh an ábhair.

Rugadh Stiofán i mí na Nollag 1858 i mBaile Uí Choileáin in aice Shráid na nIascairí i dtuaisceart an Chláir. Fuair a athair Micheál bás nuair a bhí sé trí bliana d’aois. Ba scéalaí é siúd agus ba scéalaí an mháthair Cáit Ní Dhanachair freisin. Cúigear a bhí sa chlann.

Casadh Stiofán agus an Duileargach ar a chéile a chéaduair ar 3 Eanáir 1930. Aisteach le rá, ní raibh cáil na scéalaíochta ar Stiofán i measc a mhuintire féin go dtí gur aithin an Duileargach go raibh an bua mór sin aige. Thagadh an béaloideasaí chuige go minic idir 1930 agus 1943. D’fhanadh Stiofán ina dhúiseacht ar feadh na hoíche nuair a bhíodh súil aige leis chun a thuilleadh dá scéalta a thabhairt chun cuimhne. Dúirt Ó Duilearga go raibh scéal amháin ag Stiofán, ‘Conall Gulban’, ar an scéal ab fhearr dár chuala sé riamh.

D’éag Stiofán ar 4 Bealtaine 1944. In 1981 foilsíodh Leabhar Stiofáin Uí Ealaoire, na scéalta go léir a scríobh Ó Duilearga síos uaidh, iad cóirithe ag Dáithí Ó hÓgáin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú