Scríbhneoir. Duine de na hoideachasóirí ba nótáilte i Sasana lena linn. I nDumhach Thrá a rugadh í in 1850. Duine de na chéad rothaithe ban. An chéad bhean ar bronnadh D.Sc. uirthi agus ar toghadh í ina ball de Sheanad Ollscoil Londan. Rinne sí an Matterhorn a dhreapadh faoi dhó. Ina ball de Chonradh na Gaeilge i Londain. Fuarthas a corp ar 28 Lúnasa 1922 in aice le Chamonix, an Eilvéis. Cuntas uirthi in Missing People (forlíonadh Dictionary of National Biography).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú