Bhí sé ar na Bráithre Críostaí ba ghníomhaí in obair na hathbheochana. Tá cuntas breá fada air ag Aodh P. Caomhánach in Gníomhartha na mBráithre, 1996 arna chur in eagar ag Micheál Ó Cearúil. Ag 1 Sráid Uí Chonaill, Luimneach, mar a raibh teach tábhairne ag a athair Seán, a rugadh é 12 Samhain 1901. Ba í Bríd Ní Thuama ó Chontae an Chláir a mháthair. Seachtar clainne a bhí ag an lánúin. Bhíodh Seoirse Mac Fhlannchaidh ag teagasc Gaeilge sna ranganna go léir i Scoil na mBráithre i Sráid Uí Sheasnáin agus bhí tionchar mór aige ar an mbuachaill óg. Chuaigh sé isteach sna Bráithre 1 Iúil 1916 agus tar éis oiliúna i mBaile Dhúill agus i Marino thosaigh sé ag teagasc i Scoil Iósaif, Marino, Baile Átha Cliath. Nuair a aistríodh é go dtí an Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh rinne sé freastal ar rang a bhí á reáchtáil do na Bráithre ann ag Seán Tóibín. Bhí sé ag múineadh i scoil Cé Uí Shúilleabháin freisin le linn dó a bheith i gCorcaigh. Faoi 1924 bhí sé ag obair i meánscoil Chnoc Síon i bPort Láirge. Chaith sé 1930-31 i Scoil Sraith an Iarthair i mBaile Átha Cliath. Ó 1932 amach bhí sé ag staidéar i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe le haghaidh B.Sc. I nGaeilge a rinne sé an cúrsa. Tar éis tamaill eile sa Mhainistir Thuaidh ceapadh é i Lúnasa 1936 ina ollamh i gColáiste Oiliúna na mBráithre i Marino chun eolaíocht agus ábhair eolaíochta a mhúineadh. Bhí sé ann go 1965 agus i rith a uachtaránachta (1948-55) ba í an Ghaeilge teanga an choláiste.

Náisiúnaí láidir ba ea é; bhí sé ina aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh agus bhí lagmheas aige ar na polaiteoirí go léir a bhí i gcumhacht sa stát ina dhiaidh sin. Ba é féin agus an Bráthair L. E. Ó Máirtín a bhunaigh na hirisí An Gael Óg in 1938 agus Tír na nÓg in 1945, iris do dhaltaí bunscoile. Ba eisean faoi deara cruinniú a ghairm in Eanáir 1937 chun Cumann Gaelach na mBráithre a bhunú. Toghadh an Bráthair M. S. Ó Tatháin ina uachtarán agus é féin ina rúnaí. Ón gcumann sin a shíolraigh Ógra Éireann i 1947 tar éis do A. S. Ó Maoil Eoin dréachtphlean a chur os a gcomhair. Tá scéal na heagraíochta ríofa ag an mBráthair M. F. Ó Catháin in Gníomhartha na mBráithre. Bhí A. S. Ó Maoil Eoin ina rúnaí-eagarthóir acu agus dhéanadh sé eagarthóireacht ar a bhfeasachán An Réiltín. Toghadh é ina chathaoirleach orthu i 1951. Chuir sé le chéile Lámhleabhar Ógra Éireann, 1950. Tugadh eagrán ar leith de An Réiltín amach ina onóir i 1969.

I rith leathchéad bliain nach mór b’fhéidir a rá go raibh baint éigin aige le gach rud dá ndearna na Bráithre ar son na teanga. Chabhraigh sé le M.P. Mac Thomáis agus L.S. Campion chun Nuachúrsa Gaeilge na mBráithre Críostaí, 1962 a fhoilsiú agus le L.A. Ó hAnluain chun Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí, 1960 a réiteach do na clódóirí. Ba é an treoraí ba mhó ag na Bráithre i gcúrsaí Gaeilge é. Nuair a fágadh airgead le huacht aige d’infheistigh sé é agus thugadh an t-ús chun daoine, Bráithre óga ina measc, a chur chun na Gaeltachta.

Thugadh sé a veidhlín leis gach bliain go Dún Chaoin. I dteach Cháit a’ Rí a d’fhanadh sé. Cuireann Aodh P. Caomhánach síos ar an aoibhneas a chuireadh an comhluadar ansiúd air. Ba é Tír na nÓg aige é. Cailleadh ann é 18 Iúil 1968. ‘Sa Chuaisín, Dún Chaoin. . . a tháinig teachtaire an bháis faoina dhéin. Ansin ag breathnú amach ar an mBlascaod Mór agus é ina sheasamh ar thalamh grianloiscthe a dhúiche meala a thit sé marbh. Bhí Dia buíoch de’. Bhí babhtaí aingíne air i 1955 agus tuairimíonn an Bráthair Caomhánach nár chuidiú dó a róchoinsiasacht nuair a bhí cúram an choláiste oiliúna air. Bhíodh sé go síoraí ag obair agus ba é a scríobhadh cuid mhór dá mbíodh in An Gael Óg agus Tír na nÓg. Ag cur amach na n-irisí sin a chaith sé an bhliain deiridh dá shaol. Iarrtaí air go minic léachtaí a thabhairt agus bhítí ag scríobh chuige ag lorg comhairle air. Iománaí an-mhaith ba ea é agus traenálaí an-mhaith foirne. Faoin ainm ‘Abhuistín Ó Tuama’ chuir sé ar fáil Na Camánaithe Óga, 1944, aistriúchán ar The Boys of St Declan’s, 1944. Ba é freisin a scríobh Éire Sean agus Nua, 1953, stair na hÉireann i bpictiúir, Achtanna na hArdchaibidle, Proibhinse Mhuire, 1960, agus Paidreacha Páirteacha na mBráithre, 1963. Ceapadh é ina bhall den Choimisiún um Athbheochan na Gaeilge i 1958.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú