I nGleann na gCreabhar i gContae Luimnigh a rugadh é. Ba é an duine ab óige é den seachtar clainne a bhí ag James Hannigan agus Hanora Cleary. Baisteadh é i séipéal Choill Bheithne 14 Márta 1887. I 1905 chuaigh sé isteach go Baile Mhistéala ina phrintíseach garraíodóireachta. Sa chraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge a thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge. In An Claidheamh Soluis 5 Eanáir 1907 bhí an fógra seo: ‘Gardener, an Irish Irelander, looking for post. Now aged 19. Donncha Ó hAnnagáin, The Gardens, Mitchelstown Castle’. Chuaigh sé ar scoláireacht go Coláiste Albert agus dhiúltaigh a ainm a scríobh i mBéarla ann. Bhí ranganna de réir an Mhodha Réidh á stiúradh aige i gCraobh Mhic Héil i mBaile Átha Cliath (An Claidheamh Soluis 2 Deireadh Fómhair 1909). Seán T. Ó Ceallaigh a thug móid Bhráithreachas na Poblachta dó. Fuair sé post i mBéal Feirste tamall beag ina dhiaidh sin agus ghabh póilíní é i 1909. Deirtear gurbh é an t-aon uair amháin é a gabhadh é. Faoin am seo bhí sé ina chomhalta de chuid Chumann Ríoga na Garraíodóireachta. Le linn Chogadh 1914-18 thaistil sé Cúige Mumhan ag léachtóireacht faoi tháirgeadh bia. Ach ar feadh an ama bhí sé ag obair faoi rún ar son Óglaigh na hÉireann. Is nuair a féachadh leis an gCoinscríobh a chur i bhfeidhm a tháinig sé amach go hoscailte ar thaobh na nÓglach. Tá cuntas ar a pháirt i gCogadh na Saoirse inLimerick’s Fighting Story. Bhí sé i gceannas ar Bhríogáid Luimnigh Thoir agus ina dhiaidh sin ina Cheannasaí ar an gCeathrú Roinn Deisceartach. Deireadh sé nár goineadh riamh é ach gurbh iad baill Chumann na mBan a chuir ag caitheamh tobac é in aois a 32 dó nuair a thugadh siad toitíní do na colúin reatha.

‘Napoleon’ a bhí mar leasainm ar Dhonncha. Dúirt Séamus Ó Maoileoin in B’fhiú an braon fola gurbh é a bhunaigh an chéad cholún reatha sa tír agus an ceann ab fhearr. Tá aiste aige féin faoin teideal ‘The Flying Column originated in East Limerick’ in Limerick’s Fighting Story. Scríobh sé ann: ‘I wish to avail of this opportunity to pay tribute to the parish of Kilbehenny and Anglesboro [Gleann na gCreabhar], to the slopes of whose mountains we occasionally retired for rest and recuperation. . . . I had the honour to be born and nurtured within its bounds, and I should say that the proudest moment of my military career was when the column marched through Anglesboro at night, rested there, and I was hospitably entertained by my old school teacher, Mr P. Kiely’. Tá grianghraf de Dhonncha agus é gléasta mar shagart sa leabhar céanna: cuairt a thug sé ar phríosúnaigh i 1920 an fáth a bhí leis an mbréagriocht.

Bhí sé ina dhiaidh sin in Arm na hÉireann agus nuair a d’éirigh sé as bhí céim mhaorghinearáil aige. Bhí sé ina leaschathaoirleach ar Chomhnaidhm Óglaigh na hÉireann 1916-1921, cumann a bhí ag iarraidh an dá thaobh a thabhairt le chéile. Phós sé Áine Ní Oghladha. B’as Baile Átha Cliath di agus bhí sí ina príomhoide i mBaile an Daingin, Baile Mhistéala, nuair a casadh air í. Ghlac a dheartháireacha Séamus, Domhnall agus Pádraig páirt i gCogadh na Saoirse. Mairnéalach ba ea Domhnall agus bhí páirt mhór aige i ngunnaí a sholáthar. Ba é Séamus a cuireadh go Dún Dealgan chun an tÉirí Amach a chur ar siúl ann i 1916. D’fhanadh Peadar Ó hAnnracháin ina theach i mBaile Mhistéala agus deir sé: ‘Chonnacsa é i mí Bealtaine 1916, agus é i dtraein a ghluais ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath agus cruacheangal iarainn ar chaola a lámh air .... Bhí a dheartháir Donncha thar barr chun Gaeilge, agus chaith sé tamall á múineadh; agus níorbh fhearr chun Gaeilge é ná chun gunna a láimhseáil le linn éigin a thíre’ (Fé bhrat an Chonnartha, 1944). Tá cuntas ar Dhonncha sa tsraith ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 3 Márta 1959. D’éag sé 25 Lúnasa 1962.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú