D’aistrigh sé cúpla leabhar ón bhFraincis agus scríobh cúpla bunleabhar. I gCrois na gCoraí, gar go Muine Bheag i gCeatharlach a rugadh é 12 Bealtaine 1890. Ba é John Byrne, oibrí coitianta, agus Bridget Lucas a thuismitheoirí. Tar éis oideachais in Acadamh Naomh Iósaf, Muine Bheag, chaith sé na blianta 1909-11 i gColáiste Oiliúna De La Salle i bPort Láirge. Fuair sé post taobh thiar de cathair na Gaillimhe. Idir 1912 agus 1929 bhí aistí aige in An Claidheamh Soluis, Irish Opinion, The Star. Ceann díobh is ea ‘Gaeil na Gaillimhe’ (An Claidheamh Soluis 9 Eanáir 1915). Phós sé Catherine Bergin i nGaillimh i 1919. Rugadh triúr buachaillí agus triúr cailíní dóibh. Bhain sé amach céimeanna BA agus MA agus Ard-Dioplóma san Oideachas. Tá scéal a cheapacháin mar chigire scoileanna in Misneach 25 Feabhra 1922. Sé bliana fichead a chaith sé ag cigireacht ar fud na tíre agus ansin ceapadh é ina Leas-Phríomhchigire. Ba iad na leabhair a tharraing sé ón bhFraincis An coinscríobhadh .i.Histoire d’un conscrit de 1813 (le Emile Erckmann agus Pierre Alexandre Chatrain), 1932 agus An tIonnradh, 1954 ( (L’invasion leis na húdair chéanna). An Gúm freisin a d’fhoilsigh na téacsleabhair meánscoile Fraincise Colomba, 1945 agus Lettres de mon moulin. Bunleabhair is ea Scéal na heitleoireachta, (c.1972) agus Eachtraí taiscéalaíochta, 1967. Ag 47 Park Drive, Raghnallach, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí air nuair a d’éag sé 23 Aibreán 1972 i gCill Chróine in aice le Bré. Tá sé curtha i nGráinseach an Déin. Ní raibh cuntas iarbháis air in Scéala Éireann, Irish Independent, Inniu ná in Carlow Nationalist.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú