Rugadh é ar 25 Márta 1852 i bPort an tSalainn, Leitir Ceanainn. Ó 1871 go 1914 bhí sé ina ardoide sa scoil náisiúnta i bhFánaid. Áiríonn Muiris Ó Droighneáin é mar dhuine díobh sin a scríobhadh filíocht a bhí faoi anáil smaointe agus prosóide an Bhéarla. Níl sampla is fearr air ná ‘Sean Dún na nGall’ a scríobh sé i 1902. Riamh ó roghnaigh Carl HardebecSeoda ceoil é tá eolas go forleathan ar an amhrán sin. Chum sé véarsaí eile i mBéarla agus i nGaeilge do pháipéir áitiúla. D’éag sé ar 17 Eanáir 1935.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú