I gCinn Aird, Lios Póil, Co. Chiarraí, a rugadh í (Hanora) ar 15 Iúil 1882. Ba í an tríú hiníon í agus an ceathrú duine a mhair den deichniúr clainne a bhí ag Gregory Ashe, feirmeoir, agus Ellen Hanafin. Is ina diaidh a tháinig Tomás ar an saol. Tá cuntas ar na hÁghasaigh agus a gcúlra staire ag Seán Ó Lúing in I die in a good cause: a study of Thomas Ashe, idealist and revolutionary, 1970.

Is le Béarla a tógadh a hathair agus is le Béarla a thóg seisean a chlann. Is mar seo a chonaic Earnán de Blaghd cúrsaí Gaeilge sa teaghlach agus i gCinn Aird tuairim 1913: ‘Bhí sí riamh aige [Griaire], áfach, mar gidh nár labhair a thuismitheoirí ach Béarla leis, bhíodh comharsana ag teacht isteach sa tigh go tiubh agus gan ach Gaeilge ar siúl acu.... Ach nuair a labhair seisean Béarla, ar nós a athar, lena chlann féin, bhí an Ghaeilge lagaithe oiread sin timpeall na háite nár éirigh leosan í a thógáil chomh maith is a thógadar an Béarla’ (Slán le hUltaibh, 1970). Ach bhí múinteoirí a raibh cáil na Gaeilge orthu i Scoil an Aird Mhóir, John Hickson agus Micheál Ó Conchubhair. D'fhéadfáí a rá go mba chuid den bhreac-Ghaeltacht go fóill Cinn Aird. Agus gan amhras, an spéis mhór a bhí ag an athair sa Ghaeilge chuaigh sé i gcion ar a chlann. Dúirt Nóra le Seán Ó Lúing nár chuimhin léi an t-am nach raibh Gaeilge aici.

Tar éis tamaill i gColáiste Loreto i gCill Airne chuaigh sí go Coláiste Dhún Chéirí. Deir an Kerryman 24 Eanáir 1970 go raibh Éamonn de Valera mar mhúinteoir aici ansin agus go maíodh sí gur uaithi a bhí sé ag foghlaim Gaeilge. Fuair seisean post sa choláiste um Meán Fómhair 1906.

Sa Cheapach Mhór, Co. Luimnigh, a bhí a céad phost múinteora aici. Ag am éigin i ndiaidh 1917 d’aistrigh sí go dtí an Seanbhaile, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí sí ar fhoireann na Modhscoile, Sráid Mhaoilbhríde, sular ceapadh í ina príomhoide i Scoil Mhuire, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath. Toisc na tacaíochta a thugadh sí dá deartháir Tomás, bhí aithne aici ar chuid mhór de cheannairí 1916–23, ar Aibhistín de Staic, ar Fhionán Ó Loingsigh, ar an drámadóir Seán O’Casey agus ar Sheán Mac Diarmada. Bhí baint aici le bunú Fhianna Fáil i 1926 agus bhí ina ball dá nArdchoiste. Bhí baint aici i rith a saoil le Conradh na Gaeilge agus bhí sí ag Ardfheiseanna chomh fada ó chéile le 1915, ag a raibh sí mar theachta thar ceann Nua-Eabhrac, agus 1956. Ó 1923 go 1941 bhí sí ina ball de Choiste Gnó na heagraíochta. Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí an Chumainn Scoildrámaíochta i 1934 agus ina ball den chéad choiste. D’éag sí 20 Eanáir 1970 agus tá sí curtha i dTeach Srafáin.

Cara léi ba ea Mairéad Ághas, a col seisir, agus bhí an bheirt acu in aontíos le chéile ar feadh tamaill in árasán i gCearnóg Pharnell. Ba í an t-ochtú leanbh í ag Maitiú Ághas, feirmeoir i gCinn Aird, agus a bhean Máire Ní Shúilleabháin ó Lios Deargáin, agus rugadh í 9 Bealtaine 1890. Deartháireacha léi Tomás a rugadh 16 Márta 1896 agus a maraíodh 23 Márta 1921 de dheasca créachta a d’fhulaing sé i luíochán Lios Póil, agus Pádraig Ághas. Bhí sí ar scoil i gColáiste na Toirbhirte, Durlas. Cuireann Earnán de Blaghd síos in Slán le hUltaibh ar an gcaoi ar chabhraigh sí leis Eanáir 1914 chun cumann drámaíochta a bhunú agus drámaí a léiriú in ainneoin neamhthoil shagart paróiste an Daingin. Bhí páirt Chaitlín Ní Uallacháin aici i gceann de na drámaí sin. Bhí sí ag múineadh Gaeilge i gclochar i bPort Láirge ag an am. Chaith sí tamall ag obair in oifig aturnae i mBéal Feirste. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 5 Eanáir 1918 go raibh dhá bhliain caite aici sa chathair sin, go raibh sí ag teagasc Gaeilge i gcraobhacha Bhaile Mhic Airt agus Réalt an Eolais de Chonradh na Gaeilge agus san Ardscoil Ultach. Fuair sí post i mBaile Átha Cliath ag feidhmiú mar chisteoir do Chumann na Múinteoirí. Bhí sí ina ball de Chumann na mBan agus bronnadh bonn Chogadh na Saoirse uirthi. Phós sí Frank Geary, úinéir monarcha milseán i Luimneach, i 1927 agus nuair a d’éag seisean i 1951 bhí ina cathaoirleach ar an gcomhlacht. D’éag sí ar 27 Nollaig 1967 agus tá sí curtha i reilig Mt St Alphonsus i Luimneach. Nia léi an file Micheál Ághas a d’éag 22 Lúnasa 1992.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú