Ba é an tríú duine é i gcathaoir na Gaeilge (1861–1879) i gColáiste na Tríonóide. Ag Daniel Foley (1815–74) a bhí an post sin roimhe agus ag James Goodman ina dhiaidh. Tá cuid dá ghinealas agus beagán i dtaobh a shaoil ag Pádraig Ó Maidín in Iris Muintir Mhathghamhna: The O’Mahony Journal Vol. 10 Summer 1980, agus tá a thuilleadh eolais in Gaeilge i gColáiste na Tríonóide (1982) le Risteárd Ó Glaisne.

Shíolraigh sé ó Chonchubhar Láidir Ó Mathúna a throid ar son Rí Séamus in 1689 agus a díshealbhaíodh agus ar tugadh talamh in aice le hInis Céin i gCorcaigh ar léas dó. Mac le Cornelius O’Mahony agus Elizabeth Aherne ba ea Thaddeus. Bhí triúr deartháireacha aige, ar dhuine díobh James a bhí sna Fíníní, agus beirt deirfiúrahca. Col ceathar leis ba ea an Canónach John O’Mahony, staraí mhuintir Mhathúna, a bhí ina shagart paróiste i gCill Mhuire, Co. Chorcaí.

D’iompaigh Thaddeus ina Phrotastúnach. D’aistrigh sé St Patrick, the apostle of Ireland: his life and times le Christopher Wordsworth go Gaeilge. Foilsíodh é faoin teideal Naomh Pádruig: a bheatha agus a aimsir in 1854. Chaith tamall ag múineadh na Gaeilge i gColáiste Choilm, Ráth Fearnáin, agus toghadh é ina leasuachtarán ar an gCumann Oisíneach. Oirníodh é ina dheagánach in Eaglais na hÉireann in 1855 agus bhain sé céim BA amach i gColáiste na Tríonóide an bhliain dár gcionn. Phós sé Annabella Geoghegan agus bhí beirt mhac agus cúigear iníonacha acu. Bhí sé ina mhinistir cúnta i Rinn Mhuirfean, Baile Átha Cliath, ó 1857 go 1864; ó 1866 go 1872 ina reachtaire i bhFiodh Chuilinn, Ráth Iomghain, Co. Chill Dara; ina sheanmóirí tráthnóna 1868–77; ina fheitheoir cléiriúil ag an Irish Society in 1877–8. Bhí sé ina ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide 1861–79. Mhol Whitley Stokes agus Kuno Meyer a chumas scoláireachta. An saothar a rinne sé ar an Senchas Már, the ancient laws of Ireland Iml. I-IV (1865–79), an rud is mó a luaitear leis. Ba bhall den Acadamh Ríoga é.

Deir Ó Glaisne: ‘Bhí spéis ag Tadhg sa luibheolaíocht: is é a thug chun suime don phobal in 1848 lile Chiarraí (Simethis planifolia). In 1851 chuaigh sé féin agus luibheolaí aithnidiúil, Francis Whitla, thar an Bhoireann i gContae an Chláir ag iniúchadh plandaí a bhí ag fás ann agus Tadhg ag fáil ó mhuintir na háite, nó ag tabhairt uaidh féin, ainmneacha Gaeilge a bhí orthu...’.

D’éag sé ar 27 Iúil 1903 agus tá sé curtha i Reilig Chnocán Iaróm. Tugann Coláiste na Tríonóide duais airgid i gcuimhne air gach bliain.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú