Ag Croich Uí Bhaoill tuairim dhá mhíle ón gClóchan Liath, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 12 Deireadh Fómhair 1909 ach is i gCúl a’ Chnoic gar do Anagaire a tógadh é. Théadh an t-athair go hAlbain ag obair ar fheirm gach bliain agus d’fhilleadh sa gheimhreadh. Thall a d’éag sé i 1925.

Bhí Tadhg ar scoil i Loch an Iúir agus ina mhonatóir ann ar ball sularbh éigean dó dul ag sclábhaíocht in Albain. Nuair a aistríodh Coláiste Bhríde go Rinn na Feirste bhí sé in ann cáilíocht mhúinteora a fháil ann. Agus is ag an am sin a thosaigh sé ag cur spéise sa scríbhneoireacht. Bhí a fhear gaoil Seosamh Mac Grianna ag obair sa Choláiste ag an am agus bhí post aige féin ann ar ball.

I 1927 bhí post páirtaimseartha aige i gContae Shligigh ag múineadh ranganna Gaeilge san oíche. Dhá bhliain ina dhiaidh sin fuair sé post buan i gContae Liatroma. Bhí sé ag múineadh in Airgneach, i Maothal, i mBéal an Átha Mhóir, i gCluainín Uí Ruairc agus Ceann a’ Locha. Bhí sé ina ardmháistir sa Cheardscoil i mBéal an Átha Mhóir ó 1941 go 1960. D’aistrigh sé as sin go dtí Ceardscoil Loch an Iúir agus bhí ann go ndeachaigh sé amach ar pinsean 1975.

Scríobh sé trí úrscéal: Mian na Marbh, 1937, a bhaineann le saol na n-oibrithe Éireannacha in Albain; le mianadóireacht an ghuail in Airgneach a bhaineann an dara húrscéal, Thiar i nGleann Ceo, 1953 – bhí sé ag an nGúm ar feadh deich mbliana sular fhoilsigh siad é agus roghnaigh an Club Leabhar é nuair a tháinig an dara heagrán amach i 1969; Gasúr de chuid Bhaile na nGrág, 1955. Deirtear gur ghlac an Gúm le cnuasach gearrscéalta agus aistí uaidh i 1969. Má ghlac níor fhoilsigh siad é.

Is iad na haistriúcháin a chuir sé ar fáil: Uaillmhian Iúdaigh, 1936 (The vats of Tyre le Roy Bridges); A dúchas Gaelach, 1938 (Her Irish heritage, le Annie M.P. Smithson; Stair Éirí Amach na nÉireannach i 1798, 1941, saothar le Séarlas Hamilton Taoiling.

Ar an gClochán Liath i nDún na nGall a bhí cónaí air nuair a d’éag sé 7 Iúil 1982. Bhí sé pósta ar Eibhlín Ní Ghabhna ó Airgneach agus bhí ocht nduine clainne acu. Tá aiste faoi Thadhg, ‘Údar Ultach atá imithe uainn’ i gcló ag Seán Ua Cearnaigh in Feasta, Samhain 1982, agus aiste ar a shaothar cruthaitheach ag Gearóid Ó Casaide in Scríbhneoireacht na gConallach, 1990 in eagar ag Nollaig Mac Congáil.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú