Ó RABHARTAIGH, Tadhg (1909–1982) Tadhg Ó RABHARTAIGH 1909 1982 Croich Uí Bhaoill, Co. Dhún na nGall M Scoil Loch an Iúir, An Clóchan Liath, Co. Dhún na nGall Coláiste Bhríde, Rann na Feiriste, Co. Dhún na nGall aistritheoir scríbhneoir múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ag Croich Uí Bhaoill tuairim dhá mhíle ón gClóchan Liath, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 12 Deireadh Fómhair 1909 ach is i gCúl a’ Chnoic gar do Anagaire a tógadh é. Théadh an t-athair go hAlbain ag obair ar fheirm gach bliain agus d’fhilleadh sa gheimhreadh. Thall a d’éag sé i 1925.

Bhí Tadhg ar scoil i Loch an Iúir agus ina mhonatóir ann ar ball sularbh éigean dó dul ag sclábhaíocht in Albain. Nuair a aistríodh Coláiste Bhríde go Rinn na Feirste bhí sé in ann cáilíocht mhúinteora a fháil ann. Agus is ag an am sin a thosaigh sé ag cur spéise sa scríbhneoireacht. Bhí a fhear gaoil Seosamh Mac Grianna ag obair sa Choláiste ag an am agus bhí post aige féin ann ar ball.

I 1927 bhí post páirtaimseartha aige i gContae Shligigh ag múineadh ranganna Gaeilge san oíche. Dhá bhliain ina dhiaidh sin fuair sé post buan i gContae Liatroma. Bhí sé ag múineadh in Airgneach, i Maothal, i mBéal an Átha Mhóir, i gCluainín Uí Ruairc agus Ceann a’ Locha. Bhí sé ina ardmháistir sa Cheardscoil i mBéal an Átha Mhóir ó 1941 go 1960. D’aistrigh sé as sin go dtí Ceardscoil Loch an Iúir agus bhí ann go ndeachaigh sé amach ar pinsean 1975.

Scríobh sé trí úrscéal: Mian na Marbh, 1937, a bhaineann le saol na n-oibrithe Éireannacha in Albain; le mianadóireacht an ghuail in Airgneach a bhaineann an dara húrscéal, Thiar i nGleann Ceo, 1953 – bhí sé ag an nGúm ar feadh deich mbliana sular fhoilsigh siad é agus roghnaigh an Club Leabhar é nuair a tháinig an dara heagrán amach i 1969; Gasúr de chuid Bhaile na nGrág, 1955. Deirtear gur ghlac an Gúm le cnuasach gearrscéalta agus aistí uaidh i 1969. Má ghlac níor fhoilsigh siad é.

Is iad na haistriúcháin a chuir sé ar fáil: Uaillmhian Iúdaigh, 1936 (The vats of Tyre le Roy Bridges); A dúchas Gaelach, 1938 (Her Irish heritage, le Annie M.P. Smithson; Stair Éirí Amach na nÉireannach i 1798, 1941, saothar le Séarlas Hamilton Taoiling.

Ar an gClochán Liath i nDún na nGall a bhí cónaí air nuair a d’éag sé 7 Iúil 1982. Bhí sé pósta ar Eibhlín Ní Ghabhna ó Airgneach agus bhí ocht nduine clainne acu. Tá aiste faoi Thadhg, ‘Údar Ultach atá imithe uainn’ i gcló ag Seán Ua Cearnaigh in Feasta, Samhain 1982, agus aiste ar a shaothar cruthaitheach ag Gearóid Ó Casaide in Scríbhneoireacht na gConallach, 1990 in eagar ag Nollaig Mac Congáil.