Ó BRÁDAIGH, Ruairí (1932–2013)

Cé gur chaith sé formhór a shaoil i Ros Comáin, ba sa Longfort a tháinig Ruairí Ó Brádaigh ar an saol ar 2 Deireadh Fómhair 1932. Peter Roger Casement Brady a baisteadh air ach chloígh sé leis an leagan Gaeilge dá ainm ó 1950 i leith. Cailleadh a athair, Matt Brady, comhairleoir áitiúil, in 1942 nuair a bhí Ruairí deich mbliana d’aois. Goineadh Matt Brady le linn ionsaí ar an RIC in 1919 agus creidtear gurbh é an goineadh sin a thug a bhás air trí bliana is fiche ina dhiaidh sin. Ina pháiste dó, thugadh Ruairí Ó Brádaigh faoi deara an smál fola a thagadh ar chulaith oíche a athar; is amhlaidh nár chneasaigh an ghoin riamh. Ba phoblachtach dúthrachtach í bean chéile Matt Brady, May Caffrey, ball de Chumann na mBan, a bhain céim amach sa tráchtáil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, in 1922. Ba i mBéal Feirste a rugadh May Caffrey in 1899. Béal Feirsteach a bhí ina hathair siúd, John, ach ba as an Eilvéis dá máthair, Jeanne Ducommun, a raibh Fraincis, Gearmáinis agus Béarla ar a toil aici. Ba mar rúnaí Bhord Sláinte Chontae an Longfoirt a bhí May Caffrey fostaithe go dtí an bhliain 1972. Lean Ruairí Ó Brádaigh a mháthair nuair a chuaigh sé le céim sa tráchtáil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i ndiaidh dó oideachas meánscolaíochta a fháil i gColáiste Naomh Mel, Longfort. Ba chuid dá oiliúint í an Ghaeilge; maíonn Robert W. White, údar Ruairí Ó Brádaigh: The life and politics of an Irish revolutionary (2006), gur chaith Ó Brádaigh naoi samhradh as a chéile sa Ghaeltacht agus é ag teacht i méadaíocht. Le múinteoireacht a chuaigh sé i ndiaidh na céime, i nGairmscoil Ros Comáin.

Ba in 1951, le linn dó a bheith ar an ollscoil, a chuaigh Ruairí Ó Brádaigh san IRA agus bhain sé clú amach san eagraíocht sin ceithre bliana ina dhiaidh sin mar gheall ar an ruathar a thug buíon fear faoina cheannas ar Bheairic Hazebrouck in Berkshire Shasana. D’éirigh leo líon suntasach gunnaí chomh maith le harmlón fairsing a sciobadh leo cé gur tháinig údaráis na Breataine ar a mbunús tamall gairid ina dhiaidh sin. Ceapadh ar Ard-Chomhairle Shinn Féin é in 1956 agus toghadh ar Chomhairle Airm an IRA é. Bhí páirt lárnach aige i bhfeachtas na teorann in 1956 agus ar an ionsaí a rinneadh ar Bheairic Dhoire Loinn, Contae Fhear Manach, i mí na Nollag 1956. Ghabh na Gardaí i gContae an Chabháin é an lá dár gcionn agus chaith sé sé mhí i bPríosún Mhuinseo as gan míniú sásúil a thabhairt do na Gardaí ar a raibh ar siúl aige nuair a gabhadh é. Lean tréimhse eile príosúnachta an tréimhse sin nuair a rinneadh é a imtheorannú sa Churrach ach níor bhaol dó bheith díomhaoin: toghadh ina Theachta Dála é (An Longfort–An Iarmhí) in 1957 agus d’éirigh leis féin agus Dáithí Ó Conaill éalú as an Churrach in 1958. Sa tréimhse sin fosta a phós sé Patsy O’Connor, agus bhí sé ina Cheann Foirne ar an IRA faoin am ar tháinig deireadh le feachtas na teorann in 1962.

In 1969, go gairid i ndiaidh thús na dTrioblóidí ó thuaidh, tharla easaontas i Sinn Féin agus san IRA faoi aitheantas a thabhairt do Dháil Éireann, Stormont agus Parlaimint Shasana. Scar Ruairí Ó Brádaigh, Dáithí Ó Conaill agus a lucht tacaíochta ón ghluaiseacht oifigiúil Phoblachtach agus bhunaigh arm sealadach. Is i ngeall ar an ‘rialtas sealadach’ a fógraíodh ag Éirí Amach 1916 a roghnaíodh an aidiacht ‘sealadach’ a úsáid. Do Dháithí Ó Conaill a chuirtear síos an iarracht áirithe sin ar leanúnachas le lucht 1916, ach ba dhlúthchuid d’fhealsúnacht pholaitiúil Ruairí Uí Bhrádaigh i dtólamh an ceangal dlisteanach sin don chéad Dáil a lorg. Is minic a luaitear an nasc a chothaigh Ó Brádaigh leis an Ghinearál Tom Maguire (1892–1993), fear ar samhlaíodh líne gan bhriseadh leis idir é agus an dara Dáil Éireann. Is amhlaidh a bhí Maguire ina aoi speisialta ag comhdháil ghinearálta den IRA a reáchtáil na Sealadaigh i Meán Fómhair 1970 agus d’fhógair sé dóibh sin a bhí i láthair gurbh iad na hoidhrí cearta ar an Dáil dheireanach uile-Éireann. An mhí dár gcionn, toghadh Ruairí Ó Brádaigh ina Uachtarán ar Shinn Féin agus d’fhógair sé i nGaeilge don chéad Ard-Fheis i ndiaidh bhunú na Sealadach go raibh ‘Gluaiseacht na Poblachta ina dún daingean arís.’ Ní raibh aon ghá a thuilleadh leis an fhocal ‘sealadach,’ mar sin, nó bhí an t-atheagrú cuí déanta ag an ghluaiseacht. Ina ainneoin sin, ní raibh aon mhaolú ar an lipéad ‘sealadach’ nó ‘Provisionals / Provos’ ina dhiaidh ná ar an leasainm ‘Stickies’ a tugadh ar ghluaiseacht ‘oifigiúil’ Chathail Goulding, Thomáis Mhic Giolla agus a gcomhghuaillithe.

Bhain deacrachtaí áirithe le Ruairí Ó Brádaigh bheith ina urlabhraí ar son Shinn Féin agus é ag trácht ar imeachtaí a bhí ag tarlú i bhfad óna áit chónaithe. Nuair a scaoileadh leanbh de thaisme i mBéal Feirste in ionsaí a rinne an IRA ar Arm na Breataine in 1971, tharraing Ó Brádaigh míchlú air féin mar gheall ar ráiteas leis a tuairiscíodh ina dhiaidh: ‘[what] happened was one of the hazards of urban guerilla warfare … it was one of those unfortunate accidents.’ Níl amhras ach go mbíodh teannas idir Ó Brádaigh agus ceannairí óga an Tuaiscirt ar chúiseanna éagsúla. Orthu sin bhí an polasaí cónaidhmeach ‘Éire Nua’ a cheap sé féin agus Dáithí Ó Conaill le chéile. Maítear fosta go raibh an sos cogaidh a bhí ag an IRA in 1975 ina ábhar míshásaimh fosta, ar an ábhar gur éirigh an IRA lag dá bharr. In 2005 bhronn Ó Brádaigh páipéir ar Leabharlann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ina measc, bhí nótaí a rinne sé le linn cainteanna le rialtas na Breataine. Maítear sna nótaí gur thairg rialtas na Breataine tarraingt siar ar fad ón Tuaisceart. Má b’fhada teannas agus easaontas ag fabhrú idir é agus leithéidí Gerry Adams agus Danny Morrrison, mhair Ó Brádaigh ina Uachtarán ar Shinn Féin le linn aimsir na stailceanna ocrais go 1983, nuair a toghadh Adams ina áit. Tháinig an scoilt mhór in 1986, áfach, nuair a glacadh le vóta ag Ard-Fheis Shinn Féin go mbeadh cead ag a baill áit a ghlacadh i nDáil Éireann. D’fhág Ó Brádaigh an páirtí agus bhunaigh sé a pháirtí féin sa bhliain chéanna faoin teideal Republican Sinn Féin. Bunaíodh The Continuity IRA sa bhliain chéanna agus séala Tom Maguire acu.

Tá an bhéim sin a leag sé ar leanúnachas nó ar an chomharbacht aspalda le haithint ar an leabhar beathaisnéise a scríobh Ó Brádaigh in 1997, Dílseacht: the story of Comdt Gen. Tom Maguire and the Second (All-Ireland) Dáil. Ba as traidisiún an Phoblachtachais a fáisceadh é, ba chomhghuaillí leis sa ghluaiseacht a dheartháir Seán ar feadh a shaoil agus lean a mhac Ruairí Óg é in Republican Sinn Féin. Bhásaigh sé ar 5 Meitheamh 2013.

Fionntán de Brún

Leabhair